Páirtnéireacht shibhialta agus oidhreachtúlacht

Eolas

Téann do stádas sibhialta i bhfeidhm ar do chearta oidhreachtúlachta ó do chéile/pháirtnéir. Tá an ceart dlíthiúil céanna ag páirtnéireachtaí sibhialta teacht in oidhreacht agus atá ag céilí agus na cearta céanna ar dhíthiomnacht (is é díthiomnacht nuair a fhaigheann duine bás gan uacht bhailí a fhágáil). Cúlghairtear uacht uaidh féin nuair a chláraíonn tú páirtnéireacht shibhialta mura ndearnadh é i rinnfheitheamh ar an gclárú sin. Tá tiomnacht in uacht do dhuine ar fianaise é don uacht nó do pháirtnéir shibhialta an duine sin curtha ar neamhní.

Ó achtaíodh an tAcht Pósta 2015, ní féidir aon chomhpháirtíochtaí sibhialta nua a chlárú in Éirinn. Is féidir le lánúineacha i bpáirtnéireacht shibhialta iarratas a dhéanamh ar phósadh nó fanacht i bpáirtnéireacht shibhialta

Rialacha

Mura bhfuil tú i bpáirtnéireacht shibhialta, féadfaidh tú teacht in oidhreacht ó do pháirtnéir má fhágtar tiomnacht agat in uacht bhailí amháin. Tá páirtnéir shibhialta i dteideal ar a dtugtar ‘cuid cheart dhlíthiúil’ d’eastát a bpáirtnéir shibhialta nach maireann, áfach, fiú:

  • Mura bhfuil aon uacht
  • Má tá an uacht neamhbhailí
  • Má tá uacht bhailí ann, ach nch bhfágann sí ach beagán nó rud ar bith don pháirtnéir sibhialta marthanaigh.

D’fhéadfaí go dtiocfadh stádas sibhialta an duine nach maireann ar chearta oidhreachtúlachta a leanaí go neamhdhíreach chomh maith

Cearta oidhreachtúlachta an pháirtnéir sibhialta

Braitheann méid an chuid cheart dhlíthiúil an pháirtnéir sibhialta marthanaigh ar dhá fhachtóir:

  • Má tá uacht bhailí ann nó mura bhfuil
  • Má tá leanaí ag an bpáirtnéir sibhialta nach maireann nó mura bhfuil.

Tá tú i dteideal an éastáit iomláin:

  • Mura bhfuil aon uacht ann nó tá an uacht neamhbhailí, agus
  • Mura bhfuil aon leanaí nó garleanaí ag an bpáirtnéir sibhialta nach maireann.

Tá tú i dteideal dhá thrian den eastát:

  • Mura bhfuil aon uacht bhailí ann, agus
  • Má tá leanaí nó garleanaí ag an bpáirtnéir sibhialta nach maireann.

Tá tú i dteideal aon leath den eastát:

  • Má tá uacht bhailí ann agus
  • Mura bhfuil aon leanaí nó garleanaí ag an bpáirtnéir sibhialta nach maireann.

Tá tú i dteideal aon trian den eastát:

  • Má tá uacht bhailí ann agus
  • Má tá leanaí nó garleanaí ag an bpáirtnéir sibhialta nach maireann.

Más tú an páirtnéir sibhialta marthanaigh, caithfear tú a chur ar an eolas faoin gceart seo agus ba cheart duit cur isteach ar do chuid cheart dhlíthiúil a luaithe agus is féidir. D’fhéadfaí go dteastódh uait an comhtheach a bheith tugtha duit mar shásamh ar do chuid cheart dhlíthiúil, fiú má fágadh an teach ag duine eile faoin uacht. Más tá fiúchas an tí níos mó ná an chuid cheart dhlíthiúil, beidh ort an difríocht a íoc isteach in eastát an duine nach maireann go hiondúil. I gcásanna cruatain, áfach, féadfaidh tú cur isteach chuig an gcúirt go dtabharfaí an teach cónaithe duitse gan an difríocht a íoc nó suim a íoc atá réasúnta, mar a shíleann an chúirt.

Cearta oidhreachtúlachta an linbh

Tá ceart ag leanaí teacht in oidhreacht óna dtuismitheoirí fola. Mar nach iad leanaí an pháirtnéir sibhialta marthanaigh leanaí fola an duine nach maireann, níl aon cheart acu teacht in oidhreacht ón bpáirtnéir sibhialta nach maireann.

D’fhéadfaí go gcuirfeadh stádas sibhialta an tuismitheora nach maireann isteach ar chearta oidhreachtúla leanaí.

Tá na leanaí (mionaoiseach agus aosach) i dteideal an eastáit iomlán a bheith roinnte go comhionann eatarthu:

  • Mura bhfuil aon uacht ann nó tá an uacht neamhbhailí, agus
  • Mura bhfuil tuismitheoir nach maireann i bpáirtnéireacht shibhialta nó tá a p(h)áirtnéir sibhialta básaithe cheana.

Níl na leanaí i dteideal aon trian den eastát roinnte go comhionann eatarthu ach amháin:

  • Mura bhfuil aon uacht ann nó tá an uacht neamhbhailí, agus
  • Má tá an tusimitheoir nach maireann i bpáirtnéireacht shibhialta agus tá sé ar marthain i ndiaidh a p(h)áirtnéir shibhialta.

Níl aon dhearbhcheart ag leanaí teacht in oidhreacht ar eastát a dtuismitheora má tá uacht bhailí déanta ag an tuismitheoir nach maireann. Má cheapann an leanbh nach bhfuil soláthar imleor déanta dó/di, áfach, féadfaidh sé/sí iarratas a chur isteach chuig an gcúirt. Ní gá don leanbh a bheith ina mhionaoiseach nó ina chleithiúnach chun úsáid a bhaint as an nós imeachta seo. Caithfidh an chúirt a chinneadh má “theip ar an tuismitheoir soláthar ceart a dhéanamh don leanbh de réir a chuid acmhainní”.

Cinntear gach cás ar a thuillteanais agus féachann an chúirt ar an gcás ó thaobh “tuismitheoir stuama agus ceart”. Má dhéanann an chúirt ordú go gcaithfear soláthar éigin a dhéanamh do leanbh nó leanaí ó eastát an duine nach maireann, is féidir lena leithéid d’ordú teidlíocht an pháirtnéir shibhialta ar marthain a laghdú chuig cuid cheart dhlíthiúil.

Ba cheart d’aon duine atá ag meas dushlán a thabhairt d’uacht ar na forais seo tuairim dhlíthiúil a fháil roimh chur isteach chuig an gcúirt.

Stádas pósta agus cearta oidhreachtúla

Is féidir leat eolas a fháil ar an gcaoi a théann pósadh i bhfeidhm ar chearta oidhreachtúla inár gcáipéis ar stádas pósta agus oidhreachtúlacht.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 Samhain 2019