Rialacha
Is é an iarmhairt is follasaí de dhearbhú cúirte nár tharla do phósadh
riamh ná go bhfuil tú anois i dteideal pósadh. Bheadh do phósadh nua bailí
agus ní bheadh tú ag déanamh biogamaíochta mar nach bhfuil tú pósta go
bailíoch ach uair amháin.
Má tá tú tar éis athphósadh a dhéanamh cheana, i.e. gur tharla sé gur
phós tú sul má ndearna an chúirt an t-ordú faoi neamhniú, bhreathnódh
sé go mbeadh do dhára pósadh neamhbhailí agus biogamach. Chomh luath agus a
dheonaítear an t-ordú faoi neamhniú, déantar do dhára pósadh bailí mar
go raibh do chéad phósadh neamhbhailí.
Má tá do phósadh neamhnitheach, ciallaíonn sé freisin go gcailleann tú
na cearta a bhí agat mar dhuine pósta. Dá bhrí sin:
- Ní teach an teaghlaigh, é an teach a roinn tú le do iarpháirtnéir.
Más é/í do iarpháirtnéir úinéir dlíthiúil an tí, is féidir leis
nó léi an teach a dhíol nó a ligean ar léas gan do thoiliú.
- Faoin Acht Comharbais 1965, nuair a fhaigheann duine pósta bás, go
dlíthiúil tá a c(h)éile i dteideal scar den eastát, cibé ar fhág nó
nár fhág sé nó sí uacht.
- Chomh luath agus atá neamhniú déanta ar do phósadh níl aon cheart
agat iarratas a dhéanamh ar an gcúirt chun ordú a fháil go n-íocfadh
do iarpháirtnéir cothabháil chun cuidiú leat, mar gur céilí amháin
ar féidir leo iarratas a dhéanamh ar an gcúirt le haghaidh cothabhála.
Má rugadh leanaí áfach, le linn an phósta neamhnaithe, is féidir leat
iarratas a dhéanamh ar an gcúirt chun ordú a fháil go ndéanfadh do
iarpháirtnéir íocaíocht tacú linbh.
- Má tá do phósadh neamhnitheach, beidh iarmhairtí aige freisin ar do
leanaí. Mar sin féin cosnaíonn an tAcht um Stádas Leanaí 1987, cearta
dlíthiúla na leanaí nach bhfuil a dtuismitheoirí pósta lena chéile.
Faoin Acht Comharbais 1965, má fhaigheann tú bás agus nach ndéanann tú
soláthar cuí le haghaidh do leanbh i do uacht, is féidir leis an leanbh
sin iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt le haghaidh scar de do eastát.
Má fhaigheann tú bás gan aon uacht, tá ceart uathoibreach ag do leanaí
ar do eastát. Baineann na cearta seo go cothrom le leanaí a rugadh taobh
amuigh de phósadh agus leanaí a rugadh taobh istigh de phósadh, agus mar
sin ní bheidh aon éifeacht ag neamhniú do phósadh ar chearta comharbais
do leanaí.
- Cuireann neamhniú an phósta isteach ar cheart an athar a bheith ina
chaomhnóir ar an leanbh. De ghnáth nuair a bheirtear leanbh do
thuismitheoirí pósta, bíonn an bheirt thuismitheoir mar
chomhchaomhnóirí ag an leanbh. Nuair a dhéantar pósadh a neamhniú,
breathnaítear ar an athair mar chomhchaomhnóir don leanbh sa chás gur
chreid sé go raibh a shearmanas pósta bailí agus gur rugadh an leanbh
roimh nó taobh istigh de dheich mí ón ordú faoi neamhniú.
Tá sé tábhachtach fios a bheith agat nach bhfuil aon éifeacht
dhlíthiúil ag neamhniú ón Eaglais Caitliceach Rómhánach. Ní chiallaíonn
sé gur féidir leat athphósadh go dlíthiúil - fiú má chiallaíonn sé gur
féidir leat athphósadh i súile na hEaglaise.