Áit a shíltear go bhfuil do pháirtnéireacht shibhialta curtha ar neamhní, is iad na torthaí dlíthiúla ar neamhniú do pháirtnéireacht shibhialta ná go bhfógraítear go bhfuil sí neamhbhailí ón tús. Mar sin, níor tharla do pháirtnéireacht shibhialta riamh go dlíthiúil.
Is é an toradh is follasaí ar fhógra cúirte neamhnithe ná go bhfuil tú i dteideal anois pósadh nó dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta.
Má tá tú tar éis pósadh nó dul isteach i bpáirtnéireacht shibhialta nua cheana, eadhon, phós tú nó chuaigh tú isteach i bpáirtnéireacht shibhialta sula ndearna an chúirt ordú neamhnithe iarmhír, d’fhéadfaí go raibh an chuma ar do phósadh nó páirtnéireacht nua go raibh sé neamhbhailí. Nuair a bhronntar an t-ordú neamhnithe, áfach, tá do phósadh/pháirtnéireacht shibhialta bailíochtaithe, mar go bhfuil sé fógraithe anois go bhfuil do chéad pháirtnéireacht shibhialta neamhbhailí.
Má tá do pháirtnéireacht shibhialta curtha ar neamhní, ciallaíonn sé freisin go bhfuil na cearta ar bhain tú leas astu mar pháirtnéir sibhialta caillte agat. Mar sin:
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.