Coinbhinsiún na NA um Chearta an Linbh

Eolas

Leagtar amach i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh na cearta bunúsacha a bhfuil leanaí i ngach áit i dteideal a fháil. Ina measc seo, tá:

  • An ceart chun maireachtáil
  • An ceart chun a lánchumas fisiciúil agus meabhrach a fhorbairt
  • An ceart chun cosaint a fháil ó tionchar a dhéanann díobháil dá bhforbairt
  • An ceart chun páirt a ghlacadh i mbeatha an teaghlaigh, chultúrtha agus shóisialta

Déanann an Coinbhinsiún na cearta seo a chosaint trí na caighdeáin íosta a leagan amach nach mór do rialtais a chomhlíonadh nuair a bhíonn seirbhísí cúram sláinte, oideachais agus dlí á soláthar acu do leanaí ina dtíortha.

Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm i Meán Fómhair 1990, Dhaingnigh Éire an Coinbhinsiún i 1992.

In 2002, tháinig dhá Phrótacal Roghnacha leis an gCoinbhinsiún i bhfeidhm:

Féadfaidh tú teacht ar bhileog a thacaíonn le leanaí ar an gCoinbhinsiún (pdf) ar láithreán gréasáin na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige.

An Coiste um Chearta an Linbh

Comhlacht de chuid na Náisiún Aontaithe (NA) atá sa Choiste um Chearta an Linbh ina bhfuil 18 saineolaí Neamhspleácha a dhéanann monatóireacht ar chur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin ag na tíortha atá mar pháirtithe leis. Anuas air sin, déanann siad monatóireacht ar chur i bhfeidhm an dá Phrótacal Roghnach.

Tá dualgas ar na tíortha tuarascálacha rialta a sheoladh ar aghaidh chuig an gCoiste ar conas atá na cearta á gcur i bhfeidhm. Ní mór dóibh tuarascáil tosaigh a sheoladh 2 bhliain i ndiaidh dóibh aontú leis an gCoinbhinsiún agus ní mór dóibh tuarascálacha tréimhsiúla a sheoladh ar aghaidh gach cúig bliana ina dhiaidh sin. Déanann an Coiste scrúdú ar gach tuarascáil agus cuireann siad a gcuid ábhair bhuartha agus a moltaí faoi bhráid na tíre i bhfoirm breathnuithe deiridh. Sheol Éire a tuarascáil is déanaí ar aghaidh in 2013.

An Tríú Prótacal Roghnach

Tháinig Prótacal Roghnach ar nós imeachta cumarsáide (pdf) i bhfeidhm in Éirinn an 24 Nollaig 2014. Ceadaíonn an Prótacal do leanaí aonair, nó iad siúd a ghníomhaíonn thar a gceann, chun gearáin a sheoladh ar aghaidh maidir le sáruithe mionsonraithe ar a gcearta faoin gCoinbhinsiún agus a gcéad dá Phrótacal Roghnacha go díreach chuig an gCoiste um Chearta an Linbh.

Tá cinneadh ag an gCoiste ar ghearán neamhcheangailteach ar thír. Mar pháirtí leis an gCoinbhinsiú um Chearta an Linbh, tá Éire freagrach don Náisiúin Aontaithe as an gCoinbhinsiún a chur i bhfeidhm.

Tá fáil ar rialacha an nóis imeachta ar láithreán gréasáin Chearta an Duine de chuid na NA.

Féadfaidh tú teacht ar bhreis faisnéise ar an bPrótacal ar láithreán gréasáin na Roinne.

Gearán a dhéanamh

Féadfaidh leanbh (nó grúpa leanaí) gearán a sheoladh chuig an gCoiste a mhaíonn go bhfuil sé/sí/siad ina íospartach/híospartach/n-íospartaigh de shárú ar an gCoinbhinsiún agus/nó ar na Prótacail Roghnacha. Anuas air sin, féadfaidh a n-ionadaí ainmnithe, nó daoine eile a ghníomhaíonn thar ceann an íospartaigh líomhnaithe gearán a sheoladh ar aghaidh, chomh maith, má bhíonn toiliú faighte acu. Sa chás go mbíonn buairt ann go bhféadfadh toiliú an íospartaigh bheith mar thoradh ar bhrú míchuí a chur orthu nó iad a spreagadh go míchuí, féadfaidh an Coiste breis faisnéise a iarraidh lena chinntiú go dtéann an gearán chun sárleasa an linbh.

Féadtar gearán a sheoladh ar aghaidh thar ceann an íospartaigh líomhnaithe gan a dtoiliú a fháil, ach beidh ar an ionadaí údar a thabhairt leis an ngearán a sheoladh ar aghaidh, áfach.

Ní ghlacfaidh an Coiste le gearán:

  • Má tá sé anaithnid
  • Mura bhfuil sé i scríbhinn
  • Más ionann an gearán agus mí-úsáid a bhaint as an gceart chun na gearáin siúd a sheoladh ar aghaidh nó mura bhfuil sé comhoiriúnach d’fhorálacha an Choinbhinsiúin agus/nó na bPrótacal Roghnach
  • Má scrúdaigh an Coiste an cheist chéanna cheana féin nó má tá sí a scrúdú faoi nós imeachta eile d’imscrúdú nó de réiteach idirnáisiúnta
  • Murar baineadh triail as gach réiteach inmheánach atá ar fáil mura gcuirtear fad míréasúnta le cur i bhfeidhm na réiteach nó mura dócha go n-eascróidh faoiseamh éifeachtach astu
  • Má drochbhunús soiléir leis an ngearán nó mura dtugtar bunús leordhóthanach leis
  • Má tharla na fíricí atá mar ábhar an ghearáin sular cuireadh an tríú Prótacal i bhfeidhm sa tír atá faoi chaibidil, murach gur lean na fíricí siúd i ndiaidh an dáta sin
  • Mura seoltar an gearán ar aghaidh laistigh de bhliain amháin i ndiaidh gur baineadh triail as gach réiteach inmheánach, seachas i gcásanna inar féidir a léiriú nárbh fhéidir an chumarsáid a sheoladh ar aghaidh laistigh den teorainn ama sin

Conas iarratas a dhéanamh

Ba cheart gearáin leis an gCoiste a sheoladh chuig Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine (féach thíos).

Tá fáil ar fhaisnéis ar ghearán a dhéanamh faoi chearta chonradh na NA, ar nós an Choinbhinsiúin, ar láithreán gréasáin um Chearta an Duine de chuid na NA.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Facs: + 41 22 917 9022

An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige

Teil: (01) 647 3000
Facs: (01) 647 3101
Láithreán Gréasáin: https://www.gov.ie/dcediy
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Iúil 2015