Is oifig reachtúil í an tOmbudsman do Leanaí in Éireann arna bhunú faoin Acht umOmbudsman do Leanaí 2002. Is iad príomhfheidhmeanna na hOifige ná:
Tá Ombudsman do Leanaí ag cuid mhaith tíortha. Bunaíodh roinnt de na hoifigí neamhspleácha seo ó glacadh leis An Coinbhinsiún um Chearta an Linbh (pdf).
Sa dhá mhí dhéag, Aibreán 2004 – Márta 2005, fuair Oifig an Ombudsman 177 gearán. I rith na tréimhse Aibreán 2005 – Nollaig 2005, fuarthas 278 gearán breise.
Go ginearálta, faoin Acht, is ionann leanbh agus duine atá faoi ocht mbliana déag d’aois ach nach n-áirítear comhaltaí d’Óglaigh na hÉireann atá faoi ocht mbliana déag leis.
I measc na gcomhlachtaí ar féidir iad a imscrúdú tá; ranna rialtais, boird sláinte, údaráis áitiúla, scoileanna, ospidéil phoiblí agus an tseirbhís príosúin.
Faoin Acht um Ombudsman do Leanaí ní thagann réimsí ar nós na cúirteanna, na Gardaí, an próiseas tearmainn, an Bord Uchtála agus gníomhaireachtaí um chaidreamh oibreachais faoi imscrúdú an Ombudsman. Beidh sé i gceist cúraim an Ombudsman a mhéadú chomh fada le cuid de na comhlachtaí san earnáil dheonach agus phríobháideach amach anseo.
Féadfaidh an tOmbudsman do Leanaí, chun cearta agus leasa an linbh a chur chun cinn, comhairle a chuir ar fáil don Rialtas, forbairt ar bheartais, cleachtais agus nósanna imeachta chun cearta agus leas leanaí a chur chun cinn a spreagadh, béim a leagan ar shaincheisteanna a bhaineann le leanaí agus athbhreithniú agus faireachán a dhéanamh ar oibriú na reachtaíochta chomh fada is a bhaineann sé le leanaí.
Féadfaidh an tOmbudsman do Leanaí imscrúdú a dhéanamh as a stuaim féin nó de thoradh gearáin ó leanbh, ó dhuine den teaghlach nó ó dhuine gairmiúil a mbíonn baint acu leis an leanbh. Muna mbíonn tuismitheoir ag déanamh an gearáin, caithfear a chur in iúl do thuismitheoir amháin go bhfuil gearán á dhéanamh.
Roimh duit gearán a dhéanamh don Ombudsman caithfidh tú sásra achomhairc agus gearán an chomhlachta a bhfuil an gearán agat ina choinne a úsáid ar dtús. Muna mbíonn tú sásta leis an toradh féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman chun do ghearán a dhéanamh. Ní fhéadfaidh an tOmbudsman gearán a imscrúdú a bhfuil tús curtha le imeachtaí dlíthiúla ina taobh.
Chun gearán a dhéanamh ba chóir duit scríobh chuig an Ombudsman do Leanaí. Ba cheart duit cóip den litir(reacha) a chuir tú chuig an gcomhlacht a bheith iniata agus luaigh na cúiseanna nach bhfuil tú sásta le toradh do ghearán. Déanfaidh oifig an Ombudsman teagmháil leat agus déanfar do ghearán a phlé leat.
Teach na Mílaoise
52-56 Sráid Mhór na Trá
Baile Átha Cliath 1
Éire
Teil:+353 1 865 6800
Lóghlao:Freefone 1800 20 20 40
Láithreán Gréasáin: http://www.oco.ie/
R-phost: oco@oco.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.