Ba phlean deich mbliana é an Stráitéis Náisiúnta do Pháistí a d’fhoilsigh an Rialtas sa bhliain 2000. Ba é an treoirphlean é chun saolta páistí a fheabhsú. Bhí trí phríomhsprioc aige:
Bhí freagrach iomláin ag an Oifig Náisiúnta do Leanaí ar chomhordú chur i bhfeidhm na straitéise. Foilsíodh tuarascálacha ar dhul chun cinn ar chur i bhfeidhm na straitéise do 2002, 2003 agus 2004.
Sa bhliain 2005 cuireadh an Oifig Náisiúnta do Leanaí isteach mar chuid d’Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige.
Bunaíodh Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige (OMYCA) i mí na Nollag 2005 chun comhleanúnachas níos fearr a thabhairt do dhearadh beartais do leanaí agus bhí ról tábhachtach aige i dtacú le cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta do Leanaí. Bhí sé mar chuid den Roinn Sláinte ach bhí aonaid ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus an Roinn Oideachais agus Scileanna suite in éineacht leis.
Seo a leanas na haonaid a bhí taobh istigh den OMCYA:
I Meitheamh 2011, bunaíodh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, agus rinneadh aire iomláin den Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige. Cuireadh aonaid áirithe ó Ranna eile isteach mar chuid den Roinn nua.
Cuimsíonn an comhaontú comhpháirtíochta sóisialaí deich mbliana I dTreo 2016 (pdf) fócas ar leith ar díotha leanaí agus daoine óige. Mar chuid den chomhaontú, thug an Rialtas gealltanas grúpa ard-leibhéil a bhunú, a thabharfadh na Ranna Rialtais agus na heagraíochtaí Stáit ar fad le chéile a fhorbraíonn beartais a sheachadann seirbhísí le tionchar acu ar shaolta leanaí agus daoine óige.
Bunaíodh an Grúpa um Fheidhmiú na Straitéise Náisiúnta do Leanaí (NCSIG) sa bhliain 2006. Suas go dtí an uair a bunaíodh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, bhí Oifig an Aire um Leanaí agus Gnóthaí Óige mar chathaoirleach uirthi agus tagann a ballraíocht ó Ranna Rialtais ábhartha, Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte (HSE), ionadaithe údaráis áitiúla, an earnáil oideachais agus eochaireagraíochtaí eile.
Is é eochairthosaíocht an NCSIG a chinntiú go gcuirtear na pleananna straitéiseacha agus na cáipéisí beartais uile i bhfeidhm atá tar éis a bheith deartha agus foilsithe cheana maidir le seirbhísí leanaí in Éirinn. Mar chuid den phróiseas chun a spriocanna a bhaint amach, tá an NCSIG tiomanta do líonra a bhunú de Choiste Seirbhísí do Leanaí faoi gach ceann de na 34 bord forbartha cathrach agus/nó contae sa tír.
Beidh ionadaíocht ag na mór-eagraíochtaí agus na mórghníomhaireachtaí atá ag obair go háitiúil ar son páistí agus daoine óige ar Choistí Seirbhísí do Leanaí (CSC). Beidh na CSCanna freagrach as feabhas a chur ar shaolta leanaí agus teaghlaigh ag leibhéal áitiúil agus pobail, trí phleanáil, obair agus sheachadadh seirbhíse comhtháite. Cinnteoidh siad go n-oibríonn daoine gairmiúla agus gníomhaireachtaí le chéile ionas go bhfaigheann páistí agus teaghlaigh seirbhísí atá níos fearr agus níos doirsí. Sa bhliain 2007 bunaíodh an chéad cheithre CSCanna. Tá sé beartaithe go mbeidh níos mó ná 20 CSCanna ag feidhmiú roimh dheireadh 2012.
D’fhoilsigh Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige an Clár do Sheirbhísí Leanaí (pdf) sa bhliain 2007. Leagann sé amach an treoir straitéiseach agus eochairspriocanna de bheartas poiblí maidir le sláinte leanaí agus seirbhísí sóisialta in Éirinn. Tarraingíonn sé na cineálacha críocha éagsúla le chéile a bhfaightear i mbeartas leanaí comhaoise agus cuireann sé i láthair iad mar liosta aonair de na 7 Críoch Náisiúnta Seirbhíse do Leanaí in Éirinn. Seo a leanas iad:
Soláthraíonn sé seo creatlach aonair do na Ranna Rialtais agus na gníomhaireachtaí ábhartha i ngach comaoin beartais agus seirbhísí atá ábhartha do pháistí agus do theaghlaigh.
Tá an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Grúpa um Fheidhmiú na Straitéise Náisiúnta do Leanaí agus na Coistí Seirbhísí do Leanaí tar éis a bheith ag obair ar thionscnamh chun forbairt a dhéanamh ar chuspóir pleanála d’idireagraíocht náisiúnta agus áitiúil chun toradh a fheabhsú do pháistí. Tugtar an tionscnamh Ag Obair le Chéile do Leanaí (pdf) air seo trí chéile. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh críocha forbartha níos fearr a chinntiú go leanaí trí chomhtháthú níos éifeachtaí de bheartais agus de sheirbhísí. In Aibreán 2011 foilsíodh Creatlach Rialachais don Tionscnamh 'Ag Obair le Chéile do Pháistí'.
Soláthraíonn an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige ceannasaíocht don tionscnamh seo ag leibhéal náisiúnta agus soláthraíonn Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte ceannasaíocht ag leibhéal áitiúil.
43-49 Bóthar Mespil
Baile Átha Cliath 4
Éire
Teil:(01) 647 3000
Facs:(01) 647 3101
Láithreán Gréasáin: http://www.dcya.ie
R-phost: omc@dcya.gov.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.