In Éirinn, déantar leanbh a shainiú faoin Acht um Chúram Leanaí 1991, Acht na Leanaí 2001 agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (pdf) mar dhuine ar bith atá faoi 18 mbliana d’aois. Mura bhfuil tú nó mura raibh tú pósta, ní féidir leat conradh a dhéanamh atá ina cheangal de réir an dlí go dtí go mbíonn tú 18 mbliana d’aois, seachas conarthaí áirithe, mar a bhaineann le riachtanais cosúil le bia nó do phrintíseachtaí. Bíonn srian aoise ar an méid a cheadaítear do leanbh a dhéanamh. Cuireann an doiciméad seo eolas ar fáil faoi cheisteanna mar sin a mbíonn tionchar acu ar shaol an linbh.
Cuimsíonn córas oideachais na hÉireann an bhunscoil, scoil dara leibhéal, tríú leibhéal agus breisoideachas. Féadfaidh leanaí freastal ar an mbunscoil ó 4 bliana d’aois ar aghaidh. Caithfidh leanaí a bheith 12 bliana d’aois ar an 1 Eanáir sa chéad bhliain scoile ag an dara leibhéal.
Bíonn tinreamh scoile (nó oideachas a fháil) éigeantach ó 6 bliana d’aois go dtí 16 bliana d’aois nó go dtí go gcríochnaíonn mic léinn 3 bliana den oideachas dara leibhéal, cibé is déanaí.
Níl aon oideachas luath-óige éigeantach i gceist.
Is é an Bord Náisiúnta um Leas Oideachais (NEWB) an ghníomhaireacht náisiúnta a bunaíodh le cinntiú go bhfreastalaíonn leanaí ar scoil go rialta nó go bhfaigheann siad oideachas mar is cuí. An Bord:
Tá dualgas reachtúil ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí a chinntiú go bhfreastalaíonn a gcuid leanaí ar scoil nó go bhfaigheann siad oideachas ar bhealach éigin eile. Má mheasann an NEWB go bhfuil teipthe ar thuismitheoirí an dualgas sin a chomhlíonadh, seoltar rabhadh chuig tuismitheoirí trí Fhógra Tinreamh Scoile, agus má theipeann ar thuismitheoirí cloí le sonraí an fhógra ina dhiaidh sin, féadfar iad a ionchúiseamh. Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad maidir le tinreamh scoile.
Déanann an Bord idirghabháil i ndáil le díbirtí ón scoil atá beartaithe freisin.
Tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad, Forbhreathnú ar chóras oideachais na hÉireann.
Faoin Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996, ní féidir le fostóirí leanaí faoi bhun 16 bliana d’aois a fhostú i bpoist lánaimseartha. Ní féidir le leanaí faoi bhun 14 bliana d’aois a bheith fostaithe. Féadfaidh leanaí atá 14 agus 15 bliana d’aois a bheith fostaithe mar a leanas:
Féadfaidh leanaí atá 15 bliana d’aois 8 n-uaire in aghaidh na seachtaine d’obair éadrom a dhéanamh le linn téarma na scoile. Is é an líon uaireanta ar a mhéid in aghaidh na seachtaine do leanaí lasmuigh de théarma na scoile ná 35 uair nó suas le 40 uair más taithí oibre atá faofa atá i gceist.
Is é an líon uaireanta ar a mhéid in aghaidh na seachtaine do leanaí atá 16 agus 17 mbliana d’aois ná 40 uair agus uasmhéid 8 n-uaire in aghaidh an lae.
Tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad, Uaireanta oibre do dhaoine óga agus Cearta oibrithe óga.
Déanann an tAcht um Pá Íosta Náisiúnta 2000 foráil ó mhí Iúil 2011 go mbeidh an ráta íosphá d’fhostaí aosach le taithí cothrom le €8.65 san uair, nuair a bhíonn fostaíocht de chineál ar bith ag fostaí aosach le taithí in aon 2 bhliain ar leith os cionn 18 mbliana d’aois. Bíonn fostaí faoi bhun 18 mbliana d’aois i dteideal €5.36 san uair nó 70% den phá íosta náisiúnta. Féadfaidh fostóir níos mó ná sin a íoc.
Bheadh an fostaí i dteideal 80% agus 90% faoi seach den íosphá náisiúnta sa chéad dhá bhliain fostaíochta os cionn 18 mbliana d’aois.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin Íosphá Náisiúnta inár ndoiciméad, Rátaí pá íosta in Éirinn.
Seo a leanas an aois íosta gur féidir dul le gairmeacha áirithe:
Níl aon íos-aois dhlíthiúil ann maidir le feighleoireacht leanaí.
Nuair a bhíonn duine ag obair, tosaíonn siad ag déanamh ranníocaíochtaí
árachais shóisialta ag 16 bliana d’aois. Mar sin féin, ní féidir
íocaíochtaí dífhostaíochta a éileamh, cosúil le Sochar
Cuardaitheora Poist nó Liúntas
Cuardaitheora Poist, go dtí 18 mbliana d’aois. Caithfear critéir eile a
shásamh freisin le bheith incháilithe.
Tá catagóirí feithiclí áirithe ann ina gceadaítear do leanbh faoi bhun 18 mbliana d’aois tiomáint nuair a bhíonn ceadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána aige/aici. Seo a leanas na catagóirí:
| Catagóirí feithiclí | ||
| Catagóir | Cineál feithicle | Aois íosta an tiománaí |
| A1 | Gluaisrothair suas le 11kW nó 125cc le taobhcharr nó dá uireasa | 16 bliana d’aois |
| M | Móipéidí le huas-luasteorainn de 45ksu agus inneall suas le 50cc | 16 bliana d’aois |
| B | Feithiclí le suíocháin do suas le 8 paisinéirí agus uas-mheáchan de 3,500kg (a chuimsíonn leantóir a tharraingt sa chás nach dtéann uas-mheáchan an leantóra thar 750kg nuair atá sé lódáilte go hiomlán) | 17 mbliana d’aois |
| W | Feithiclí oibre le leantóir nó dá uireasa, cosúil le tarracóir talún nó JCB | 16 bliana d’aois |
Caithfidh tiománaí an tástáil teoirice tiomána a phasáil sula ndéanann sé/sí iarratas ar an gcéad cheadúnas foghlama. Is féidir tástáil teoirice tiomána a ghlacadh ag aois ar bith. Mar sin féin, caithfear do theastas pas a sheoladh chuig an Oifig Mhótarchánach mar aon leis an iarratas ar an gcéad cheadúnas foghlama laistigh de dhá bhliain ó phasáil na tástála teoirice nó beidh an teastas tástála as dáta.
Ní féidir le leanaí saoire nó eitilt a chur in áirithint go dtí go mbíonn siad 18 mbliana d’aois. Go ginearálta, ní féidir leo taisteal gan tionlacan go dtí go mbíonn siad 16 bliana d’aois. Nó caithfidh leanaí a bheith faoi thionlacan duine atá 16 bliana d’aois nó níos sine.
Tá dhá chineál pas do leanaí ann. Bíonn pasanna trí bliana ar fáil do leanaí faoi bhun 3 bliana d’aois, agus pasanna cúig bliana do leanaí atá idir 3-17 mbliana d’aois. Bíonn toiliú tuismitheora riachtanach nuair atá iarratas á dhéanamh.
Féadfar iarratas a dhéanamh ar phas deich mbliana nuair atá tú 18 mbliana d’aois nó níos sine.
Faoi na hAchtanna Deochanna Meisciúla, is cion é alcól a cheannach nó duine a fháil chun alcól a cheannach duit, má bhíonn siad faoi bhun 18 mbliana d’aois. Is cion é do leanaí alcól a ól mura bhfuil siad i dteach phríobháideach agus toiliú tuismitheora acu.
Is cion é do leanaí a bheith i siopa eischeadúnais mura bhfuil siad in éineacht le tuismitheoir nó caomhnóir.
Ní cheadaítear do leanaí a bheith ar áitreabh ceadúnaithe ach amháin má bhíonn siad in éineacht le tuismitheoir nó caomhnóir, ach tá srianta áirithe i gceist leis an bhforáil sin. Má bhíonn leanbh faoi thionlacan tuismitheora/caomhnóra, féadfar fanacht ar an áitreabh go dtí 9in (10in ó Bhealtaine go Meán Fómhair) mura n-airíonn sealbhóir an cheadúnais go bhféadfaí díobháil a dhéanamh do shláinte, do shábháilteacht agus do leas an linbh. Féadfaidh leanaí atá 15-17 bliana d’aois fanacht ar an áitreabh tar éis 9in nuair a bhíonn siad ag freastal ar ócáid phríobháideach ina bhfuil béile suntasach ar fáil.
Faoin Acht Deochanna Meisciúla 2008, tá cumhacht ag na Gardaí alcól a ghabháil nuair a bhíonn sé ag leanbh atá faoi bhun 18 mbliana d’aois agus nuair atá cúis réasúnta acu a chreidiúint go ndéanfaidh leanbh faoi bhun 18 mbliana d’aois alcól a ól in áit phoiblí.
Tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad, Alcól agus an dlí.
Faoin Acht Sláinte Poiblí (Tobac) 2002, is cion é toitíní nó táirgí tobac eile a dhíol le duine ar bith faoi 18 mbliana d’aois.
Ní féidir leat ticéad Lató a cheannach nó geall a chur go dtí go mbíonn tú 18 mbliana d’aois. Faoin Acht um Chearrbhachas 1931, is cion é do leanaí a bheith i siopa geallghlacadóra ar bith. Mar sin féin, faoin Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir 1956 féadfar a bheith i mbun cearrbhachais i halla siamsaíochta nó ag aonach siamsaíochta ag 16 bliana d’aois.
Scannáin
Bíonn na scannáin is féidir leat a fheiceáil sa phictiúrlann ag
brath ar rangúchán na scannán sin. Seo a leanas na rangúcháin scannán
atá in úsáid faoi láthair:
Tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad, Cinsearacht ar scannáin in Éirinn.
Físeáin
Úsáidtear córas rangúcháin den chineál céanna maidir le Físeáin agus
DVDanna a fháil ar cíos nó a cheannach:
Tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad, Cinsearacht ar thaifid físeáin agus DVD.
Cluichí ríomhaire
Úsáidtear an Córas Uile-Eorpach Faisnéise do
Chluichí (PEGI) in Éirinn - córas rátála de réir aoise maidir le
rangúchán cluichí aoise. Is córas deonach é a bhíonn le leanúint ag
miondíoltóirí cluichí ríomhairí. Seo a leanas na réimsí rangúcháin:
Ní thógann an rátáil aoise an leibhéal deacrachta nó scileanna a bhíonn ag teastáil chun an cluiche a imirt san áireamh.
Faoin Acht um Rialú Madraí 1986, ní féidir madra a choinneáil gan cheadúnas madraí. Ní eisíonn údarás áitiúil ceadúnas madraí ar dhuine ar bith atá faoi bhun 16 bliana d’aois.
Caithfear madra a choinneáil faoi shrian nuair atá siad amuigh go poiblí - trí choniall mar shampla. Caithfidh béalgharda a bheith ar phóir madraí áirithe i gcónaí nuair atá siad amuigh go poiblí. Caithfidh na madraí sin a bheith faoi stiúir duine atá níos sine ná 16 bliana d’aois agus coinnithe ar shlabhra nó coniall láidir nach bhfuil níos faide ná 2 mhéadar.
Níl aon riachtanas ann ceadúnas a bheith agat do pheataí eile agus níl aon reachtaíocht a shonraíonn aois íosta maidir le húinéireacht peataí.
Ní mór duit a bheith 16 bliain d'aois nó os a chionn sular féidir leat iarratas ar dheimhniú airm tine. Ní mór duit a bheith 14 bliain d'aois nó os a chionn sular féidir leat iarratas ar dheimhniú oiliúna arm tine. Ní gá go mbeadh deimhniú oiliúna arm tine a ligfidh tú chun féin ar arm tine ach cuireann sé deis a thabhairt duit chun arm tine a shealbhú agus iad i mbun agus é a úsáid faoi mhaoirseacht an duine a bhfuil deimhniú airm tine don arm tine agus tá os cionn 18 mbliana d'aois.
An ceanglas go mbeadh deimhniú airm tine i bhfeidhm freisin d'crosbhoghanna, spearguns agus go léir thuas airguns treoluas muzzle áirithe (lena n-áirítear marcóirí paintball).
Níl aon aois íosta a leagtar ag ar féidir leat féin le scian. Mar sin
féin, is cion é a bheith acu scian in áit phoiblí gan údar maith, mar
shampla le haghaidh oibre.
Tá raon seirbhísí ann atá ar fáil go sonrach do leanaí agus soláthraítear seirbhísí áirithe saor in aisce fiú amháin má bhíonn cárta leighis ag a dtuismitheoirí. Cuirtear na seirbhísí sin ar fáil go ginearálta mar chuid de: seirbhísí máithreachais agus leasa naíonáin, seirbhísí sláinte do leanaí réamhscoile agus seirbhísí sláinte scoile. Bíonn leanaí i dteideal seirbhísí vacsaínithe agus imdhíonachta saor in aisce.
Go ginearálta, bíonn sé riachtanach toiliú tuismitheora a fháil do leanaí maidir le tástálacha agus gnáthaimh leighis agus mháinliachta agus chun vacsaíní agus ionacluithe a fháil. Faoin Acht um Chionta Neamh-Mharfacha in Aghaidh an Duine 1997, féadfaidh leanaí atá 16 bliana d’aois nó níos sine toiliú a thabhairt maidir le gnáthaimh mháinliachta.
Níl aon reachtaíocht a rialaíonn tolladh coirp agus tatú a fháil. Dá thoradh sin, níl aon íos-aois dhlíthiúil gur féidir tolladh coirp nó tatú a fháil.
Ní féidir le duine a bheith mar dheontóir fola go dtí go mbíonn siad 18 mbliana d’aois.
Níl aon aois íosta inar féidir comhairle agus oidis frithghiniúna a thabhairt. Is í an aois toilithe maidir le gníomhaíocht ghnéasach ná 17 mbliana d’aois agus féadfaidh cion coiriúil a bheith i gceist nuair a bhíonn gnéas ag duine le duine atá faoi bhun 17 mbliana d’aois. Ciallaíonn sé sin go bhfuil soláthraithe na seirbhísí frithghiniúna i dteideal na seirbhísí sin a dhiúltú do dhaoine faoi bhun 17 mbliana d’aois.
Faoi Alt 3 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéis) 2006 arna leasú ag Alt 5 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) (Leasú) 2007, is cion coiriúil é dul i ngleic nó iarracht a dhéanamh dul i ngleic le gníomh gnéis le leanbh atá faoi bhun 17 mbliana d’aois. Ní cosaint ar bith é a léiriú gur thoiligh an leanbh don ghníomh gnéasach.
Bíonn toiliú riachtanach ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí maidir le hionchúiseamh linbh ar bith atá faoi bhun 17 mbliana d’aois. D’fhéadfaí gan cailín 17 mbliana d’aois a raibh caidreamh collaí aici a chiontú as an gcion ar an bhforas sin amháin.
Tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad, An dlí maidir le cionta gnéis in Éirinn.
Má bhíonn gnáthchónaí ort in Éirinn, is í an aois íosta ag ar féidir leat pósadh nó a bheith mar pháirtnéir sibhialta ná 18 mbliana d’aois. Tá an scéal amhlaidh fiú má phósann tú nó má éiríonn tú ina pháirtí sibhialta lasmuigh d’Éirinn. I gcúinsí speisialta ar leith, b'fhéidir go mbeadh ar chumas an duine Ordú Díolúine Cúirte a fháil a thugann cead don phósadh nó páirtnéireacht shibhialta dul ar aghaidh fiú amháin mura bhfuil an bheirt pháirtithe faoi bhun 18 mbliana d’aois. Níl toiliú tuismitheora riachtanach.
Tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad ar na ceanglais dlí chun pósadh agus páirtnéireacht shibhialta.
Bíonn dualgas ar thuismitheoir leanbh cleithiúnach a chothabháil. Leanbh cleithiúnach ná leanbh:
Má chinneann cúirt gur theip ar thuismitheoir leanbh cleithiúnach cothabháil a sholáthar ar bhealach atá ceart sna cúinsí, d’fhéadfadh sí ordú a thabhairt go ndéanfaí íocaíochtaí cothabhála tréimhsiúla chun tacú leis an leanbh. Lena chois sin, d’fhéadfadh an chúirt ordú a thabhairt don tuismitheoir cnapshuim a íoc.
Tuilleadh eolais inár ndoiciméad, Orduithe agus comhaontuithe cothabhála agus Cothabháil agus lánúin neamhphósta.
Féadfaidh leanbh an baile a fhágáil ag 16 bliana d’aois má bhíonn toiliú tuismitheora acu. Níl toiliú ar bith riachtanach ag 18 mbliana d’aois.
Má fhágann tú an baile roimh 18 mbliana d’aois gan toiliú tuismitheoirí agus go meastar go bhfuil tú gan dídean nó i mbaol, féadfar iarratas a dhéanamh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) idirghabháil a dhéanamh. Tá eolas faoi na cumhachtaí atá ar fáil do FSS ar fáil inár ndoiciméad, Leanaí faoi chúram.
Más leanbh uchtaithe tú agus gur mian leat do thuismitheoirí nádúrtha a rianú, féadfar do shonraí a iontráil ar Chlár Tosaíochta Teagmhála na hUchtála Náisiúnta an Bhoird Uchtála a éascaíonn teagmháil idir daoine uchtaithe agus a dteaghlaigh nádúrtha. Mar sin féin, caithfidh tú a bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine.
Is í aois na freagrachta coiriúla ná 12 bliana d’aois. Ciallaíonn sé seo nach féidir cion a bheith curtha i leith leanaí mura bhfuil 12 bliana d’aois sroichte acu. Mar sin féin, tá eisceacht ann maidir le leanaí atá 10 nó 11 bliana d’aois, agus is féidir dúnmharú, dúnorgain, éigniú nó ionsaí forthromaithe gnéis a chur ina leith.
Nuair a bhíonn cion curtha i leith linbh atá faoi bhun 14 bliana d’aois, ní féidir imeachtaí breise ar bith a thógáil gan toiliú ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.
Leanaí faoi 12
Nuair a bhíonn foras réasúnta ag Gardaí a chreidiúint go bhfuil cion
déanta ag leanbh faoi bhun 12 bliana d’aois agus nach féidir an leanbh a
chúiseamh toisc cúrsaí aoise, caithfidh na Gardaí an leanbh a thabhairt
chuig na tuismitheoirí nó caomhnóir. Nuair nach mbíonn a leithéid
indéanta, eagróidh na Gardaí go nglacfaidh Feidhmeannacht na
Seirbhíse Sláinte (FSS) freagracht as an leanbh sa limistéar ina bhfuil
gnáthchónaí ar an leanbh. D’fhéadfadh sé nach láimhseálfadh an córas
ceartais choiriúil cionta coiriúla a dhéanann leanaí faoi bhun 12 bliana
d’aois - d’fhéadfadh FSS an dualgas sin a chomhlíonadh. Tá eolas faoi na
cumhachtaí atá ar fáil don FSS ar fáil inár ndoiciméad, Leanaí faoi
chúram.
Nuair a bhíonn leanbh faoi choinneáil i stáisiún na nGardaí, bíonn dualgas ar an nGarda atá i gceannas an stáisiúin a chinntiú, chomh fada agus is féidir, nach gceadaítear don leanbh casadh nó a bheith i dteagmháil le hamhrastaigh atá sa stáisiún ag an am céanna. Ní féidir leanbh a chur faoi agallamh i stáisiún na nGardaí ach amháin nuair a bhíonn tuismitheoir nó caomhnóir i láthair. D’fhéadfaí é a cheadú i gcúinsí speisialta, mar shampla, nuair a chruthaíonn moill sa phróiseas ceistiúcháin baol báis nó díobhála.
Nuair atá coir á chur i leith linbh, déileáiltear leis sa Chúirt Leanaí. Féadfaidh an chúirt tréimhse coinneála a ghearradh ar leanbh. Nuair a bhíonn leanbh faoi bhun 16 bliana d’aois, déantar an leanbh a choinneáil i scoil choinneála leanaí atá á bhainistiú ag Seirbhís Ceartas Óige na hÉireann. Déantar leanaí atá 16 nó 17 bliana d’aois a choinneáil in ionad coinneála leanaí. Mar sin féin, ní féidir leis an gcúirt ordú coinneála a ghearradh ach amháin nuair atá sí sásta gurb é sin an t-aon bhealach feiliúnach chun déileáil leis an leanbh, agus go mbeadh áit ar fáil do leanbh faoi bhun 16 bliana d’aois i scoil choinneála leanaí.
Chomh maith leis an gcoinneáil, bíonn cláir athstiúrtha agus smachtbhannaí pobail ar fáil don chúirt.
Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi leanaí agus an córas ceartais choiriúil inár rannóg ar leanaí agus ciontóirí óga.
Chun vóta a chaitheamh i dtoghchán nó reifreann in Éirinn, caithfidh tú a bheith cláraithe le vótáil. Chun a bheith incháilithe le háireamh ar Chlár na dToghthóirí, caithfidh tú a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad ar an lá a thagann an Clár i bhfeidhm (15 Feabhra).
Bíonn tú incháilithe le dul ar fhorlíonadh Chlár na dToghthóirí ar an lá a bhíonn tú 18 mbliana d’aois nó ina dhiaidh sin. Féadfar tú a áireamh san fhorlíonadh má thiteann do bhreithlá tar éis spriocdháta na n-iarratas don fhorlíonadh, ach má thiteann sé ar an lá vótaíochta nó roimhe. Má thiteann tú laistigh den chatagóir sin, ba chóir duit iarratas a sheoladh isteach mar aon le do theastas breithe.
Ní féidir seasamh mar iarrthóir i dtoghchán go dtí go mbíonn tú 18 mbliana d’aois.
Mura bhfuil nó mura raibh tú pósta, ní féidir leat conradh a dhéanamh atá ina cheangal de réir an dlí go dtí go mbíonn tú 18 mbliana d’aois. Bíonn eisceacht ann maidir le conarthaí riachtanacha agus conarthaí leasa seirbhíse atá chun do leasa. Baineann conarthaí riachtanacha go hiondúil le conarthaí bia, éadaí agus lóistín, ach d’fhéadfaí conarthaí a áireamh freisin a bhaineann le hoideachas agus oiliúint cosúil le leabhair scoile agus éidí oiliúna.
Baineann conarthaí leasa seirbhíse go hiondúil le conarthaí do phrintíseachtaí nó conarthaí le gníomhairí nó bainisteoirí. Ní bhíonn na conarthaí seirbhíse sin infheidhmithe ach amháin má tá buntáiste ann duit nó gur chun do leasa iad.
Bíonn cuntais do leanaí bunscoile simplí go hiondúil - cuntais choigiltis nó taisce atá éasca le húsáid a íocann ús agus nach mbíonn muirir ar bith i gceist leo. Féadfar iad a oscailt le suim bheag airgid.
Déanann cuntais do mhic léinn meánscoile cártaí ÚMB a thairiscint go hiondúil, ach caithfear an cuntas a choinneáil i gcreidmheas i gcónaí. Ní dhéantar saoráid rótharraingte a thairiscint agus bíonn teorainn leis an méid is féidir a bhaint amach as an gcuntas. Ní gá táillí agus muirir a íoc go hiondúil.
Ní féidir cuntas reatha caighdeánach a oscailt go dtí go mbíonn duine 18 mbliana d’aois.
Bíonn nósanna imeachta éagsúla ag gach soláthraí maidir le cuntas a oscailt. Iarrann roinnt soláthraithe go ndéanfadh tuismitheoir nó caomhnóir foirm oscailte cuntais a shíniú nuair atá an leanbh faoi bhun 16 bliana d’aois. Ní iarrann soláthraithe eile an cead tuismitheora ach amháin má tá an leanbh faoi bhun 13 bliana d’aois.
Tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad, Cuntas bainc a oscailt agus a aistriú.
Ní féidir leat suí ar ghiúiré sa chúirt go dtí go mbíonn tú 18 mbliana d’aois. Caithfidh d’ainm a bheith ar Chlár na dToghthóirí don Dáil.
Ní féidir leat uacht a dhéanamh go dtí go mbíonn tú 18 mbliana d’aois mura bhfuil nó mura raibh tú pósta.
Féadfar sloinne an linbh a athrú ar Chlár na mBreitheanna ach ní tharlaíonn sé ach i gcúinsí speisialta. Mar sin féin, féadfar sloinne an linbh a athrú trí ghníomhas dlí nó trí úsáid choitianta.
Féadfaidh leanaí atá idir 14 agus 17 mbliana d’aois Gníomhas Dlí a chomhlíonadh iad féin, ach bíonn toiliú ón bheirt thuismitheoir riachtanach. Nuair a bhíonn leanbh faoi bhun 14 bliana d’aois, caithfidh tuismitheoir amháin an Gníomhas Dlí a chomhlíonadh le toiliú an tuismitheora eile.
Féadfar d’ainm
a athrú trí ghníomhas dlí gan toiliú nuair atá tú 18 mbliana
d’aois nó níos sine.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.