Aitheantas dlíthiúil do do rogha inscne

Réamhrá

Ó Mheán Fómhair 2015, is féidir le daoine trasghnéasacha in Éirinn iarratas a dhéanamh go n-aithneoidh an Stát a rogha inscne go dlíthiúil. Tá sé seo leagtha amach san Acht um Aitheantas Inscne 2015.

Is féidir le duine ar bith os cionn 18 iarratas a dhéanamh chun a (h)inscne a athrú. Is féidir le daoine 16 agus 17 mbliana d’aois iarratas a dhéanamh, ach tá an próiseas beagánín difriúil agus d’fhéadfadh go dtógfadh sé níos mó ama. Má tá tú faoi 16, ní féidir d’inscne atá aitheanta ag an Stát a athrú.

Nuair a athraíonn tú d’inscne go dlíthiúil, tugtar deimhniú aitheantais inscne duit. Is féidir d’ainm nua a bheith luaite ar an deimhniú seo freisin, má roghnaigh tú é a athrú. Léigh faoi d’ainm a athrú go dlíthiúil trí ghníomhas aonpháirtí.

Nuair a bheidh deimhniú aitheantais inscne agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Dheimhniú breithe athbhreithnithe.

Níl aitheantas dlíthiúil d’inscne nua siarghabhálach. Ciallaíonn sé seo nach mbeidh aon tionchar aige ar aon chearta, freagrachtaí agus iarmhairtí gníomhartha a rinne tú roimh dháta an aitheantais. Is é sin le rá, tosóidh do rogha inscne le bheith aitheanta go dlíthiúil ó dháta an aitheantais, agus ní roimhe sin.

Roimh 2015

In 2007, chinn an Ard-Chúirt go raibh an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine á shárú ag Éirinn mar gheall nach raibh próiseas i bhfeidhm chun inscne fhaighte daoine trasghnéasacha a aithint go dlíthiúil.

Mar thoradh air seo bunaíodh Grúpa Comhairleach um Aithint Inscne chun comhairle a thabhairt ar an reachtaíocht a theastaíonn chun foráil a dhéanamh go dtabharfaí aitheantas dlíthiúil do rogha inscne daoine trasghnéasacha.

D’inscne a athrú ag aois 16 nór 17

Braitheann an próiseas chun d’inscne a athrú ar d’aois.

Má tá tú 16 nó 17 mbliana d’aois, is féidir leat a iarraidh ar dhuine fásta (do thuismitheoir nó do chaomhnóir de ghnáth - dá ngairtear neaschara an linbh freisin) iarratas a dhéanamh ar dheimhniú aitheantais inscne ar do shon.

Ar dtús, beidh air/uirthi iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Teaghlaigh Chuarda chun tú a dhíolmhú ón srian aoise os cionn 18. Féadfaidh an Chúirt an díolúine a dheonú má tá:

  1. Toiliú tuismitheora nó caomhnóra agat
  2. Foirm agat ó do lia-chleachtóir ag deimhniú go bhfuil sách aibí agus go bhfuil an tuiscint agat, dar leo, chun an cinneadh seo a dhéanamh duit féin. Caithfidh siad a dheimhniú freisin go bhfuil tú tar éis aistriú (nó go bhfuil tú ag aistriú faoi láthair) go dtí an inscne is fearr leat.
  3. Foirm agat ó shíciatraí nó inchríneolaí ag deimhniú go n-aontaíonn siad leis an lia-chleachtóir.

Má dheonaíonn an chúirt an díolúine, is féidir leat féin nó leis an duine fásta iarratas a dhéanamh ar dheimhniú aitheantais inscne thar do cheann. Féach Iarratas a dhéanamh ar dheimhniú aitheantais inscne thíos le haghaidh sonraí.

Nóta: I mí na Samhna 2019, d’fhoilsigh an Roinn Coimirce Sóisialta tuarascáil ag moladh conair simplithe d’aitheantas inscne dlíthiúil do dhaoine idir 16 agus 17 mbliana d’aois. Foilsíodh an tuarascáil tar éis athbhreithnithe ar an Acht um Aitheantas Inscne 2015 (pdf). Níor síníodh a mholtaí ina ndlíthe fós.

Iarratas a dhéanamh ar dheimhniúaitheantais inscne

Más mian leat go n-aithneodh an Stát do rogha inscne go dlíthiúil, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar dheimhniú aitheantais inscne. Íoslódáil an fhoirm iarratais, GRC 1 (pdf).

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar dheimhniú aitheantais inscne má tá tú 18 ar a laghad agus má tá tú cláraithe i:

  • gClár na mBreitheanna
  • gClár na Leanaí Uchtaithe
  • gClár na nUchtálacha Idirthíortha
  • gClár na mBreitheanna Eachtracha nó leabhar iontrála breitheanna eachtracha

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh freisin má rugadh tú lasmuigh d’Éirinn ach go bhfuil gnáthchónaí ort anseo. Teastaíonn fianaise ar do bhreith.

Aitheantas inscne eachtraí

Má d’athraigh tú inscne i dtír eile cheana féin, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar dheimhniú aitheantais inscne in Éirinn. Caithfidh tú cóip den chinneadh, den ordú nó den deimhniú ábhartha a sholáthar agus d’iarratas á chur isteach.

Má d’athraigh tú d’ainm

Más mian leat go n-eiseofar do theastas aitheantais inscne i d’ainm nua (ainm eile seachas an t-ainm ar do theastas breithe), ní mór duit sonraí a sholáthar faoin gcéadainm agus faoin sloinne is mian leat a úsáid.Níl sé riachtanach a thuilleadh cruthúnas a sholáthar go bhfuil an t-ainm nua seo in úsáid agat le breis agus 2 bhliain, nó a Gníomhas aonpháirtí le haghaidh athrú ainm.

An fhoirm iarratais agus doiciméid tacaíochta eile

Íoslódáil foirm iarratais um Dheimhniú Aitheantais Inscne (GRC 1) (pdf).

Cuimsíonn an fhoirm iarratais Dearbhú Reachtúil, nach mór do:

feidhmiú mar fhinné

Cuir na doiciméid seo a leanas le d’iarratas, más bainteach:

  • Deimhniú breithe
  • Deimhniú uchtála
  • Cruthúnas cónaitheachta in Éirinn, mura rugadh in Éirinn tú

D’iarratas a sheoladh

Ní ghearrtar aon táille ar dheimhniú aitheantais inscne.

Seol d’fhoirm iarratais chomhlánaithe (pdf) agus cáipéisí tacaíochta chuig:

Seirbhísí Aitheantais Cliant, An Roinn Coimirce Sóisialaí, Lóiste na Sionainne, Cora Droma Rúisc, Co Liatroma.

Faigh tuilleadh faisnéise maidir le hiarratas a dhéanamh ar dheimhniú aitheantais inscne ar Gov.ie.

A luaithe a gheobhaidh tú do dheimhniú aitheantais inscne, nuashonrófar d’inscne (agus d’ainm, má roghnaigh tú é a athrú) ar bhunachar sonraí na Roinne Coimirce Sóisialaí. Ciallaíonn sé seo go ndéanfar gach taifead a bhaineann le d’uimhir Seirbhíse Poiblí Pearsanta (PSP) a nuashonrú le do chuid faisnéise nua.

Deimhniú breithe athbhreithnithe afháil

Nuair a gheobhaidh tú do dheimhniú aitheantais inscne, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar dheimhniú breithe athbhreithnithe má tá tú cláraithe ar aon cheann de na cláir seo a leanas:

  • Clár na mBreitheanna
  • Clár na Leanaí Uchtaithe
  • Clár na nUchtálacha Idirthíortha
  • Clár na mBreitheanna Eachtracha

Conas iarratas a dhéanamh ar dheimhniú breithe athbhreithnithe

Braitheann an chaoi a ndéanann tú iarratas ar theastas breithe athbhreithnithe ar cá bhfuil do bhreith cláraithe cheana féin.

Má tá tú cláraithe i gClár na mBreitheanna nó i gClár na Leanaí Uchtaithe:

Má tá tú cláraithe i gClár na n-Uchtálacha Idirthíortha

  • Déanann tú iarratas i scríbhinn chuig Údarás Uchtála na hÉireann le bheith curtha sa Chlár um Aithint Inscne ar Uchtálacha Idirthíortha. Beidh do chuid sonraí seolta chuig an Údarás Uchtála cheana féin. Íoslódáil an fhoirm iarratais (pdf).

Má tá tú cláraithe i gClár na mBreitheanna Eachtracha nó i leabhar iontrála breitheanna eachtracha:

Cóip de do dheimhniú breithe athbhreithnithe a fháil

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar chóip dheimhnithe d’iontráil sa chlár ón údarás ábhartha a luaithe a chláraíonn an t-údarás ábhartha tú i gceachtar acu:

  • An Clár um Aitheantas Inscne
  • An Clár um Aitheantas Inscne ar Uchtálacha Idirthíortha
  • An Clár um Aitheantas Inscne ar Bhreitheanna Eachtracha

Cosnaíonn cóip dheimhnithe d’iontráil €20.

Féadfaidh na daoine seo a leanas iarratas a dhéanamh ar chóip de d’iontráil sa chlár:

  • Tú féin
  • Do chéile nó do pháirtí sibhialta a mhaireann má fuair tú bás
  • Do leanbh mura bhfuil céile nó páirtí sibhialta a mhaireann ann
  • Do thuismitheoir mura bhfuil céile, páirtí sibhialta nó leanbh a mhaireann ann
  • Do dheartháir nó deirfiúr mura bhfuil céile, páirtí sibhialta, leanbh nó tuismitheoir a mhaireann ann

An deimhniú aitheantais inscne a fhreaschur

Sa chás go bhfuil deimhniú aitheantais inscne agat agus gur mhaith leat filleadh ar do inscne bhunaidh, ceadaíonn Alt 15 den Acht um Aitheantas Inscne 2015 duit iarratas a dhéanamh chun do dheimhniú a chúlghairm i bpróiseas cosúil le d’iarratas tosaigh ar aitheantas dlíthiúil do do rogha inscne. Tá próiseas cúlghairme ata cosúil leis ach níos mionsonraithe ann dóibh siúd idir 16 agus 18.

Faoi Alt 14 den Acht, is féidir deimhniú aitheantais inscne a chúlghairm freisin i gcás go bhfaightear faisnéis a d’fhágfadh go ndiúltófaí an deimhniú, dá bhfaighfí é sula n-eiseofaí é.

Tacaíochtaí eile atá ar fáil

TENI

Tá sé mar aidhm ag Líonra Comhionannais Trasinscne Éireann (TENI) dálaí a fheabhsú agus cearta agus comhionannas daoine tras ghnéasacha agus a dteaghlaigh a chur chun cinn. Tá raon leathan tacaíochtaí agus acmhainní ar fáil do dhaoine trasghnéasacha ar fud na hÉireann ar a Láithreán Gréasáin.

BeLonG To

Is eagraíocht náisiúnta é BeLonG To do dhaoine óga leispiacha, aeracha, déghnéasacha agus trasinscneacha (LGBT) in Éirinn atá idir 14 agus 23 bliana d’aois. Tugann sé comhairle do thuismitheoirí agus do chúramóirí freisin.

Faigh faisnéis maidir lena sheirbhísí agus tacaíochtaí eile ag belongto.org.

LGBT na hÉireann

Tugann LGBT na hÉireann tacaíocht agus oiliúint ar fud na hÉireann. Chomh maith le piarghrúpaí agus línte cabhracha áitiúla a reáchtáil, cuireann a Láithreán Gréasáin raon eolais ar fáil do gach aoisghrúpa.

Is féidir leat glaoch ar a Líne Tacaíochta do Theaghlaigh um Aitheantais Inscne ar 01 907 3707.

Nó is féidir leat glaoch ar a líne chabhrach LADT ar 1800 929 539.

GenderEd.ie

Is clár oideachais ar líne é GenderEd.ie atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do dhaoine fásta gaolta le daoine óga trasinscneacha in Éirinn. Cuimsíonn sé comhairle ar bhunghnéithe aitheantais inscne, suíomhanna scoile agus sóisialta, saincheisteanna dlí, sláinte agus folláine, chomh maith le breathnú chun cinn.

Eolas teagmhála

Seirbhísí Aitheantas Cliant

An Oifig Seirbhísí Leasa Shóisialaigh

An Roinn Coimirce Sóisialaí
Lóiste na Sionainne
Cora Droma Rúisc
Contae Liatroma

Teil: (071) 967 2616 or 0818 927 999

An tSeirbhís um Chlárú Sibhialta

Oifigí an Rialtais
Bóthar an Chlochair
Ros Comáin
Roscommon
F42 VX53
Ireland

Teil: +353 90 663 2900
Facs: +353 90 663 2999
Láithreán Gréasáin: http://www.gov.ie/gro

Údarás Uchtála na hÉireann

Teach Shelbourne
Bóthar Shelbourne
Droichead na Dothra
Baile Átha Cliath 4
Éire

Teil: (01) 230 9300
Láithreán Gréasáin: https://www.aai.gov.ie/
Téigh i dteagmháil linn: https://www.aai.gov.ie/contact-us.html

An Roinn Gnóthaí Eachtracha

80 Faiche Stiabhna
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: +353 (01) 408 2000
Láithreán Gréasáin: http://www.dfa.ie

Trasinscneach Comhionannais Líonra Éire

10 Cé Ellis
Baile Átha Cliath 7
D07 DDN0
Éire

Teil: (01) 873 3575
Láithreán Gréasáin: http://www.teni.ie/
R-phost: info@teni.ie

BeLonG To

Teach Parlaiminte
13 Sráid na Parlaiminte
Baile Átha Cliath 2
D02 P658
Éire

Teil: 01 670 6223
Láithreán Gréasáin: http://www.belongto.org/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 28 Deireadh Fómhair 2022