Cliseadh pósta nó caidrimh

Réamhrá

Is próiseas deacair agus trámach atá i gcliseadh pósta nó caidrimh. Tá go leor saincheisteanna éagsúla le plé, tacaíocht airgeadais, teach an teaghlaigh agus tuismitheoireacht na leanaí ina measc. Bíonn go leor struis i gceist le réiteach na saincheisteanna seo. Má thagann an chuma air go bhfuil an caidreamh faighte éagórach, d’fhéadfaí go bhfuil ort ordú urchoisc nó sábháilteachta a fháil.

Caidrimh pósta

Má tá tú pósta, tá roinnt roghanna dlíthiúla ann tar éis chliseadh pósta. Is iad na roghanna atá ar fáil ná:

Is féidir le cúirt foraithne neamhnithe a dheonú freisin, is é sin ná dearbhú nach raibh pósadh bailí riamh ann.

Cúrsaí airgeadais

I bpósadh, tá freagracht dhlíthiúil ar an mbeirt chéilí a gcéile agus aon leanaí atá acu a chothú de réir a n-acmhainne. Ciallaíonn sé seo gur chóir comhaontú cothabhála a bheith mar chuid d’aon réiteach arna aontú nó arna chur i bhfeidhm ag an gcúirt. Tagann ceist chun cinn freisin maidir lena dtarlóidh do theach an teaghlaigh.

D’fhéadfadh impleachtaí cánach a bheith i gceist le hidirscaradh nó le colscaradh. Tá sé tábhachtach na roghanna cánachais éagsúla atá ar fáil a thuiscint chomh maith leis an gcaoi a rachaidh íocaíochtaí cothabhála i bhfeidhm ar chánachas. D’fhéadfadh go dteastódh sainchomhairle cánach uait sula nglacann tú le socrú ag a bhfuil impleachtaí ar cháin ghnóthachan caipitiúil.

Leanaí

Is comhchaomhnóirí dá leanaí atá i dtuismitheoirí pósta. Ní athraíonn idirscaradh ná colscaradh an méid sin. Bíonn impleachtaí ag scaradh agus colscaradh ar chaomhnóireacht agus rochtain ar na leanaí.

Páirtnéireachtaí Sibhialta

Tá na roghanna atá ar fáil dóibh siúd i bpáirtnéireachtaí sibhialta áit a bhfuil cliseadh sa chaidreamh cosúil leo siúd atá ar fáil do lanúineacha phósta. Tá na cúirteanna in ann foraithne neamhnithe de pháirtnéireacht shibhialta, a bhronnadh sa bhealach céanna go leathan a bhronntar foraitheanta neamhnithe do phósadh. Tá na cúirteanna in ann chomh maith páirtnéireachtaí sibhialta a dhíscaoileadh ar bhealach cosúil le bronnadh colscartha, ach tá na rialacha a rialaíonn díscaoileadh pháirtnéireachtaí sibhialta difriúil.

Caidrimh chomhchónaithe

Níl cearta lánúineacha comhchónaithe aitheanta i ndlí na hÉireann go ginearálta. Má chliseann an caidreamh, tá impleachtaí tábhachta ann do leithéidí rudaí ar nós úinéireacht réadmhaoine. Tá scéim shásaimh do lánúineacha comhchónaithe a bhí i gcaidreamh fadtéarmach nó a raibh leanaí acu.

Leanaí

Sa chás go bhfuil leanaí ann, is dóigh go dtiocfaidh saincheisteanna chun cinn maidir le coimeád, caomhnóireacht agus rochtain ar na leanaí. Ina theannta sin, cé nach bhfuil freagracht airgeadais ag tuismitheoirí neamhphósta a chéile a chothú, tá an bheirt tuismitheoirí freagrach as cothabháil a gcuid leanaí.

Tuistiú aonair

Is féidir teaghlach aontuismitheora a bheith mar thoradh ar scaradh, ar cholscaradh nó ar chliseadh caidrimh neamhphósta. Tá réimse sochair agus teidlíochtaí ar fáil do thuismitheoirí aonair chomh maith le heagraíochtaí a chuireann tacaíocht ar fáil. Mar shampla, is íocaíocht d’fhir agus do mhná atá ag tógáil leanaí gan tacaíocht ó pháirtí atá san Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora. Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad: Tuismitheoireacht aonair

Seantuismitheoirí agus garleanaí

Glacann seantuismitheoirí le ról tábhachtach i saol a ngarleanaí. Bíonn deacracht ag roinnt seantuismitheoirí, áfach, casadh lena ngarleanaí agus am a chaitheamh leo. Tarlaíonn go bhfágtar ar lár iad ó shaol a ngarleanaí, agus d’fhéadfadh seo goilleadh go mór orthu agus ar na leanaí a bhíonn i gceist. Is iomaí cúis a bhíonn leis seo, mar shampla, má chliseann ar an gcaidreamh idir an seantuismitheoir/na seantuismitheoirí agus an tuismitheoir/na tuismitheoirí.

Ní bhronntar cearta ar sheantuismitheoirí go huathoibríoch maidir lena ngarleanaí, ach is féidir leat tabhairt faoi bhearta chun feabhas a chur ar an leibhéal teagmhála a dhéanann tú leo. Léigh ár leathanach Seantuismitheoirí agus garleanaí - míniú ar do chearta chun teacht ar eolas breise.

Mí-úsáid agus foréigean

Má tá mí-úsáid nó foréigean i gceist i gcaidreamh, d’fhéadfadh go mbeadh gá le hordú urchoisc, ordú sábháilteachta nó ordú cosanta. Tá faisnéis maidir le foréigean baile agus foréigean gnéis chomh maith le faisnéis faoi sheirbhísí tacaíochta áitiúla agus náisiúnta ar fáil ó Cosc - An Oifig Náisiúnta um Fhoréigean Baile, Gnéasach agus Inscnebhunaithe a Chosc.

Má tá imní ort faoi fhoréigean i do bhaile, ba chóir duit dul i dteagmháil le do Stáisiún Gardaí áitiúil. Tá sonraí teagmhála dod’ stáisiún Gardaí áitiúil ar fáil ar láithreán gréasáin na nGardaí Síochána. D’fhéadfá cuairt a thabhairt ar do dhochtúir teaghlaigh freisin. Is féidir leis nó léi faisnéis a chur ar fáil maidir le comhairleoireacht agus tacaí eile, chomh maith le haon ghortuithe a láimhseáil.

Ní mór duit dul chuig d’Oifig Cúirte Dúiche chun iarratas a dhéanamh ar ordú urchoisc nó ordú sábháilteachta. Tá sonraí teagmhála d’oifige Cúirte Dúiche áitiúla ar fáil ón tSeirbhís Chúirteanna.

Fuadach leanaí

Tarlaíonn fuadach idirnáisiúnta leanaí nuair a bhaintear leanbh ó thír go neamhdhlíthiúil nó nuair a choinnítear leanbh go go neamhdhleathach i dtír. Cuireann Reunite International, carthanas ón Ríocht Aontaithe, treoracha maidir le cosc a chur ar fhuadach leanaí ar fáil ar a láithreán gréasáin. Cuireann siad faisnéis shoiléir agus ghonta ar fáil, chomh maith leis na bearta atá le dul ina mbun má tá buairt ort go bhfuil an baol ann go ndéanfar do leanbh a fhuadach. Is féidir leis na treoracha cabhrú leat faisnéis a bhailiú a bhaineann le do leanaí, chomh maith le faisnéis a bhailiú a d’fhéadfadh bheith ag teastáil i gcás fuadaigh. Tá Lárúdarás na hÉireann um Fhuadach Idirnáisiúnta Leanaí suite laistigh den Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Tacaí dlí agus tacaí eile

Cuireann an tSeirbhís Idirghabhála Teaghlaigh seirbhís saor in aisce ar fáil a chabhraíonn le lánúin atá ag scaradh comhoibriú lena chéile chun teacht ar chomhaontuithe atá sásúil don dá thaobh. Cuireann an An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach maoiniú ar fáil le haghaidh eagraíochtaí deonacha a chuireann comhairleoireacht pósta agus caidrimh ar fáil.

Is féidir le hInstitiúid Idirghabhálaithe na hÉireann liosta d’idirghabhálaithe creidiúnaithe príobháideacha a chur ar fáil.

comhairle agus cúnamh dlí ar fáil ón mBord um Chúnamh Dlíthiúil i gcásanna dlí teaghlaigh do dhaoine a shásaíonn tástáil acmhainne agus a gceaptar go bhfuil fiúntas lena gcás. Más mian leat aturnae a cheapadh go príobháideach, coinníonn Dlí-Chumann na hÉireann liosta de ghnólachtaí aturnae ar fud na tíre.

Is eagraíocht neamhspleách, deonach atá in FLAC a fheidhmíonn gréasán de chlinicí comhairle dlí ar fud na tíre. Tá na clinicí rúnda, saor in aisce agus oscailte do chách. Téigh i dteagmháil leis an Ionad Faisnéise do Shaoránaigh chun faisnéis a fháil maidir le seirbhísí FLAC i do cheantar.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 Bealtaine 2020