Má tá tú chun páiste a bheith agat in Éireann d’fhéadfá a bheith i dteideal leas a bhaint as teidlíochtaí a bhaineann le fostaíocht agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh.
Má éiríonn tú torrach agus tú fostaithe agus má bhíonn tú nochtaithe do phriacail áirithe san áit oibre nó má bhíonn tú ag obair san oíche (i.e. ag caitheamh trí huaire an chloig ar a laghad/50% de do chuid oibre idir meán oíche-7rn) d’fhéadfá a bheith i dteideal saoire sláinte agus sábháilteachta. Má tá tú i dteideal saoire sláinte agus sábháilteachta agus má tá dóthain ranníocaíochtaí árachas shóisialaigh agat, d’fhéadfá a bheith i dteideal Sochair Sláinte agus Sábháilteachta chomh maith ón Roinn Coimirce Sóisialaí fad is atá tú ar saoire. D’fhéadfá a bheith i dteideal saoire sláinte agus sábháilteachta agus Sochair Sláinte agus Sábháilteachta nuair a théann tú ar ais ag obair tar éis na breithe más rud é go mbíonn tú ag beathú ar an gcíoch.
Roimh an bhreith tá tú i dteideal am saor a thógáil le pá chun freastal ar aon seisiún amháin ranganna réamhbhreithe. Is ceart aon uaire é seo a chlúdaíonn gach aon toircheas le linn duit a bheith fostaithe. Féadfaidh tú am saor a thógáil atá réasúnta chun cuairteanna leighis a dhéanamh roimh agus tar éis an bhreith araon. Tá ceart aon uaire ag fir le haghaidh clainne freastal ar dhá rang réamhbhreithe.
Tá sé de cheart ag gach bean atá fostaithe in Éireann, is cuma cén t-achar atá siad ag obair, saoire mháithreachais a ghlacadh ar feadh tréimhse bhunúsach 22 seachtaine. Caithfear coicís ar laghad a thógáil roimh dheireadh na seachtaine a bhfuil tú ag súil le breith do pháiste agus cheithre seachtain ar a laghad ina dhiaidh. Féadfaidh tú leas a bhaint as saoire mháithreachais ar feadh 12 seachtaine gan pá chomh maith. Má fhaigheann máthair bás taobh istigh de 40 seachtaine ón mbreith, tá an t-athair i dteideal saoire aithreachais ón obair.
D’fhéadfá a bheith i dteideal Sochair Máithreachais i rith tréimhse bhunúsach na saoire máithreachais fad is go gcomhlíonann tú na coinníollacha ranníocaíochta árachas shóisialaigh. Níl sé d'oibleagáid dhlíthiúil ar fhostóirí in Éireann saoire aithreachais speisialta (le pá nó gan pá) a cheadú d’fhir atá fostaithe acu tar éis breith dá leanbh. Ceadaíonn roinnt fostóirí, ar nós an Státseirbhís é, áfach.
Go ginearálta, tá Sochar Linbh iníoctha ón gcéad lá den mhí tar éis an leanbh a rugadh. Íoctar rátaí níos airde do Sochar Linbh nuair atá ilbhreitheanna i gceist ar nós cúpla nó trírín.
Más sealbhóir cárta leighis thú tá tú i dteideal Deontas Airgid Mháithreachais ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ó breith do linbh.
Mura bhfuil dóthain ioncam agat faoi chomhair na gcostas a bhaineann le do leanbh b’fhéidir go mbeifeá ábalta iarratas a dhéanamh ar Íocaíocht do Riachtanais Eisceachtúla chuig an Oifigeach Leasa Pobail.
Más rud é go bhfuil tú i do thuismitheoir aonair d’fhéadfá a bheith i dteideal Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora. Íocaíocht de réir tástála acmhainne atá anseo atá ar fáil ón Roinn Coimirce Sóisialaí. Féadfaidh tú Sochar Máithreachais a fháil ag ráta laghdaithe má tá tú ag fáil Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora.
Nuair a théann tú ar ais ag obair d’fhéadfá a bheith ábalta leas a bhaint as Saoire do Thuismitheoirí. Níl tú i dteideal pá a fháil ó d’fhostóir agus tú ar saoire do thuismitheoirí agus níl tú i dteideal íocaíocht leasa shóisialaigh cothrom le Sochair Máithreachais ach oiread.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.