Anseo atá tú: Baile > Teaghlach agus Caidrimh > Sula mbeirtear do leanbh > Breith Bhaile

Print Page Send to a Friend

Breith Bhaile

Eolas

Bíonn deacrachtaí ag boird sláinte seirbhísí le haghaidh breitheanna baile a sholáthar mar gheall ar an nós coinneála ospidéil atá ann le 30-35 bliain anuas agus dofhaighteacht dochtúirí cleachtaithe i mbreitheanna baile dá bharr. I gcásanna nuair a roghnaíonn bean breith bhaile agus nach féidir leis an mbord sláinte an tseirbhís a sholáthar, cuireann roinnt boird sláinte deontas breithe bhaile ar fáil chun cuidiú le costas seirbhísí mná chnáimhsí phríobháideach a úsáid.

Rialacha

Má theastaíonn uait leas a bhaint as na seirbhísí reachtúla, caithfidh tú dul go dtí do bhord sláinte áitiúil i dtús báire. Caithfidh tú scríobh chuig an Rannóg Cúraim Pobail, chun insint dóibh gur mhian leat breith bhaile a bheith agat, agus chun liosta d'ainmneacha mhná chnáimhsithe/dochtúirí a d'fhéadfadh cúram a thabhairt duit a iarraidh orthu.

Tar éis duit teagmháíl a dhéanamh le do rogha bhean chnáimhsí nó dochtúir, caithfidh tú a iarraidh orthu Foirm Iarratais do Chúram Mháithreachais a chomhlánú. Beidh tú i dteideal seirbhísí réamhbheireatais, breithe agus iarbheireatais ansin. Tabharfaidh an bord sláinte ‘pacáiste máithreachais’ duit, le gach rud a bheidh ag teastáil uait ann.

Mar rogha air sin, féadfaidh tú bean chnáimhsí a fháil go príobháideach agus cuirfidh sé/sí do chúram réamhbheireatais, breith agus iarbheireatais ar fáil duit. Nuair a fhostaíonn bean seirbhísí mná chnáimhsí phríobháideach i gcomhair breithe iniúchta tí, féadfaidh a bord sláinte síntiús airgid a thabhairt le haghaidh na costais atá i gceist. Téigh i dteagmháil le The Homebirth Association of Ireland le haghaidh liosta de mhná cnáimhsu neamhspleácha a fháil.

Conas iarratas a dhéanamh

Scríobh chuig Rannóg Cúraim Pobail do bhord sláinte áitiúil, nó téigh i dteagmháíl le Bean Chnáimhsí Neamhspleách thríd an:

An Homebirth Association of Ireland, 36 Springlawn Court, Blanchardstown Dublin 15

Teil: (01)820 6940

Ríomh-phost: Homebirth@eircom.net.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 August 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.