Tairgeann go leor ospidéal anois níos mó solúbthachta ina seirbhísí máithreachais agus iad ag oibriú scéimeanna scaoileadh abhaile luath, luí seoil domino agus clinicí ban cabhrach.
Tá roinnt ospidéal ag feidhmiú Scéim na mBan Cabhrach Pobail agus Domino. Leis an scéim seo bíonn mná a mheastar 'ag riosca íseal castachta' in ann foireann de mhná cabhrach tiomanta a fheiceáil dá gcuairteanna réamhbheirthe agus ball den fhoireann a bheith ar fáil lena leanbh a thabhairt ar an saol, cibé san ospidéal (Scéim Domino) nó sa bhaile. Déantar na cuairteanna réamhbheirthe i gClinic na mBan Cabhrach pobail nó in ionad sláinte áitiúil. Tugtar cuairteanna breise ar theach na mná.
Beidh scanachán gnáthaimh ag gach bean ar suim leo an scéim thart ar 18-22 seachtain agus scrúdú fisiceach iomlán lena n-oiriúnacht don scéim a mheasúnú. Má bhíonn fadhbanna ar bith le linn toirchis nó le linn tinneas clainne, aistreofar tú díreach ar ais chuig cúram ospidéil iomlán.
Faoi Scéim na mBan Cabhrach Pobail/Domino beidh tú i dteideal tú a scaoileadh amach luath ón ospidéal tar éis na breithe, más mian leat, agus tiocfaidh an bhean chabhrach ar cuairt chugat sa teach ar feadh seachtaine tar éis na breithe. Tá an scéim ar fáil sna hospidéil a leanas:
Soláthraíonn aonaid atá stiúrtha ag Cnáimhseachas rogha do mhná sláintiúla, nach meastar go bhfuil aon rioscaí arda ag baint leo i rith an toirchis nó tinneas clainne, maidir leis an mbealach a fhaigheann siad rochtain ar chúram máithreachais. Soláthraíonn foireann de mhná cabhrach a bhfuil taithí acu an cúram. Is féidir le máithreacha linbh a thabhairt ar an saol i seomra breithe atá deartha go speisialta - áit a ndéanfaidh bean chabhrach cúram a thabhairt dóibh agus inar féidir leo leas a bhaint as saoráidí cosúil le ceol, linn uisce nó áiseanna tacaíochta (liathróid gleacaíochta, málaí suí srl.) mar is cuí. Má bhraitear fadhb ag tráth ar bith, déanfar teagmháil fhoirmiúil leis an bhfoireann chnáimhseachais/phéidiatraiceach atá ar glaoch nó ar DG na mná mar is cuí.
Is féidir máithreacha a scaoileadh abhaile go luath agus tabharfaidh duine d’fhoireann na mban cabhrach cuairt orthu sa bhaile go laethúil má tá gá leis sin.
Aonaid atá stiúrtha ag Cnáimhseachas ar fáil ag:
Tá na scéimeanna seo ar fáil saor in aisce.
Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí máithreachais i do cheantar agus fiafraigh faoi na scéimeanna a oibríonn siad.
Táirgeann Cuidiú: Iontaobhas Bhreith Linbh na hÉireann treoir do sheirbhísí máithreachais in Éirinn agus eolas ar na cineálacha seirbhísí éagsúla atá ar fáil. Is grúpa tacaíochta deonach tuismitheoir le tuismitheoir bunaithe ar an bpobal é Cuidiú.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.