Má cheapann tú go bhfuil tú torrach, is é an chéad chéim ná cuairt a thabhairt ar do Dhochtúir Teaghlaigh. D'fhéadfadh tástáil toirchis a bheith déanta cheana féin agat. Déanfaidh an dochtúir roinnt tástálacha tosaigh, mar sampla fola a thógáil, agus úsáidfidh sé/sí dáta d'fhuil mhíostúil dheireanach leis an dáta a mbeifear ag súil le do leanbh a mheas. Pléifidh sé/sí ansin do phleananna do chúram réamhbhreithe. Tabharfaidh do dhochtúir teaghlaigh "litir chur ar aghaidh" chuig ospidéal máithreachais duit más ann is mian leat do leanbh a bheith agat. (Ní éilíonn gach ospidéal litir chur ar aghaidh). Más mian leat do leanbh a bheith agat sa bhaile féach Breith Bhaile.
Féadfaidh tú seirbhísí a thoghadh de réir na Scéime Máithreachais agus Linbh, atá ina chóras cúraim cónasctha, roinnte idir do ghnáthdhochtúir agus cnáimhseoir ospidéil/aonaid máithreachais. Ar mhalairt slí, d'fhéadfá roghnú cuairt a thabhairt ar chlinic réamhbhreithe an ospidéil, bíodh sin mar othar Poiblí, Leathphríobháideach nó Príobháideach.
Tá gach bean toircheasach, a chónaíonn sa Stát de ghnáth, i dteideal cúram máithreachais saor in aisce, a chumhdaíonn cuairteanna réamhbhreithe, luí seoil agus toirbhirt agus cúram iarbhreithe.
Nuair a ghlaonn tú ar an ospidéal le do chéad choinne a dhéanamh, iarrfar ort an bhfuil sé i gceist agat an chuairt a dhéanamh mar othar poiblí, leathphríobháideach nó príobháideach.
Más othar poiblí tú, beidh tú ag freastal ar chlinic réamhbhreithe an ospidéil (nó clinicí ospidéil lonnaithe sa phobal). D'fhéadfadh sé gurb é/í an dochtúir céanna a bheadh ann ag gach cuairt, nó d'fhéadfadh sé nach é/í. Ar mhalairt slí, mura mbaineann aon deacrachtaí le do thoircheas, d'fhéadfá cuairt ar chlinic na mban cnáimhseach a roghnú má tá ceann ag an ospidéal. Is foireann ban cnáimhseach a bhfuil taithí acu a bhíonn ansin agus arís, cinnteoidh siad leanúnacht cúraim duit.
Nuair a thagann tú isteach san ospidéal i gcomhair luí seoil agus toirbhearta, toirbhireoidh foireann ban cnáimhseach an leanbh agus is féidir leo gan dul chuig dochtúir nó go dtarlódh go mbeadh deacrachtaí agat. D'fhéadfadh sé nár chas tú cheana leis na mná chabhrach ná na dochtúirí a bheidh ag freastal ar do luí seoil agus do thoirbhirt. Tar éis bhreith do linbh, cuifear chuig barda poiblí tú don achar a bheidh tú istigh, go ginearálta thart ar thrí lá. Tairgeann líon beag ospidéal scéimeanna scaoileadh luath abhaile anois, a cheadaíonn duit dul abhaile go luath ón ospideál agus cúram leanta a fháil. I gcomhair mionsonraí, déan teagmháil le do thoil le d'ospidéal nó féach ar Threoir Tomhaltóra Chuidiú i leith Seirbhísí Máithreachais in Éirinn.
Má bhíonn tú ag freastal mar othar leathphríobháideach, is féidir leat comhairleoir a fheiceáil go príobháideach, nó freastal ar chlinic leathphríobháideach. Ritheann comhairleoir agus a fhoireann/foireann an chlinic sin. I roinnt ospidéal d’fhéadfadh sé gur comhalta den fhoireann a thoirbhireodh do naíonán, nó an dochtúir a bheadh ar dualgas ag an am. Tar éis na toirbhearta, fanfaidh tú i mbarda leathphríobháideach, ina mbeidh thart ar 3-5 máthair eile.
Má bhíonn tú ag freastal go príobháideach, tabharfar do chomhairleoir féin duit a fheicfidh tú ag gach cuairt. Ní gá go mbeadh an comhairleoir sin ar fáil do thoirbhirt do naíonáin. Bíonn tú i dteideal seomra príobháideach a fháil chomh maith de bharr cúraim phríobháidigh, ach, arís, braitheann sé sin ar fháil a bheith ar cheann.
Tabharfaidh do Dhochtúir Teaghlaigh nó do bhord sláinte comhairle duit maidir leis an ospidéal/na hospidéil máithreachais is gaire duit, agus tabharfaidh sé/sí litir chur ar aghaidh duit. Is féidir leat glaoch go díreach ar an ospidéal i gcomhair an chéad choinne.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.