Anseo atá tú: Baile > Teaghlach agus Caidrimh > Sula mbeirtear do leanbh > Cuairteanna Réamhbhreithe

Print Page Send to a Friend

Cuairteanna Réamhbhreithe

Eolas

Tríd is tríd, beidh isteach agus amach le 8-10 coinne réamhbhreithe agat le do dhochtúir nó do bhean chnáimhsí i rith do thoirchis. Tabharfaidh tú cuairt ar do dhochtúir teaghlaigh/do chlinic réamhbhreithe/do bhean chnáimhsi uair in aghaidh na míosa go dtí an seachtú mí, uair sa choicís san ochtú mí agus uair sa tseachtain sa naoú mí.

Tá tú i dteideal am a thógáil saor ó d'fhostaíocht agus a bheith íoctha air le freastal ar choinní réamhbhreithe (ní áiríonn sé sin ranganna réambhreithe). Tá tú i dteideal chomh maith am a ghlacadh saor agus a bheith íoctha air i gcomhair cuairteanna míochaine a bhaineann leis an toircheas ar feadh 14 seachtaine tar éis na breithe.

An Chéad Chuairt Réamhbhreithe

Is féidir le do chéad chuairt chuig an ospidéal a bheith ag aon am ó 12-20 seachtain isteach sa toircheas. Is é cuspóir na cuairte sin léargas iomlán a fháil ar do shláinte agus ar shláinte do linbh. Is féidir leat a bheith ag súil le labhairt le bean chnáimhsí, a chuirfidh réimse ceisteanna cúlracha faoi do shláinte agus faoi do stair mhíochaine. Beidh deis agat féin aon cheisteanna atá agat a chur maidir le do chúram agus an réimse seirbhísí atá ar fáil duit. Iarrfar ort sampla fuala a thabhairt, glacfar do bhrú fola agus déanfar tástálacha fola. Míneófar duit cén fáth a bhfuil na tástálacha fola dhá dhéanamh. I roinnt ospidéal is féidir leat scanadh ultrafhuaime a fháil ar do chéad chuairt, ag ospidéil eile beidh an scanadh sin agat ag thart ar 20 seachtain.

Maireann an chuairt thart ar dhá uair an chloig. Más gnáth-thoircheas a bhíonn agat, beidh na cuairteanna ina dhiaidh sin i bhfad níos giorra. Is féidir na cuairteanna a roinnt idir an ospidéal agus do dhochtúir teaghlaigh nó bean chnáimhsí.

Cuairteanna ina dhiaidh sin

Ag gach cuairt soláthróidh tú sampla fuala, glacfar do bhrú fola agus scrúdófar tú. Má bhíonn aon cheist agat nó aon imní ort maidir le do thoircheas ba chóir duit ceist a chur ar an mbean chnáimhsí nó ar an dochtúir. Tá ranganna i scileanna tuismitheoireachta ar fáil i bhformhór na n-ospidéal agus is féidir leatsa agus le do pháirtí nó cara freastal a dhéanamh orthu i ngar go ham na breithe. Tabharfar deis duit ag na ranganna seo foghlaim faoi chothú cíche, beathú, stíl mhaireachtála sláintiúil a choinneáil agus déanfar tú féin agus do theaghlach a ullmhú do bhreith an linbh.

Fostaíocht agus Cuairteanna Réamhbhreithe

Má fhaigheann tú torrach agus tú i bhfostaíocht tá tú i dteideal, faoin dlí fostaíochta, am a thógáil saor le freastal ar choinní réamhbhreithe. Ar an gcaoi chéanna, tá tú i dteideal am a thógáil saor do chuairteanna míochaine tar éis na breithe. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar Saoire Mháithreachais anseo.

Am a Thógáil Saor ón Obair agus Ranganna Réamhbhreithe

Faoi Alt 8 den Acht um Chosaint Mháithreachais (Leasú) 2004 (PDF) is féidir le mná atá torrach am a thógáil saor ón obair le híocaíocht le freastal ar sraith amháin ranganna réamhbhreithe (ach gan an trí rang deireanach den sraith a bheith san áireamh mar gheall gur iondúil go mbíonn siad ann tar éis don saoire mháithreachais tosnú). Chomh maith céanna, tugtar cead aon uair faoin dlí do fhir a bhfuil páistí leo le teacht ar an saol am a thógáil saor ón obair le híocaíocht le freastal ar an dá rang réamhbhreithe díreach roimh an mbreith. Níl sé de cheart ag fir am a thógáil saor ón obair le híocaíocht le freastal ar ranganna réamhbhreithe do gach toircheas – níl ann ach ceart aon uair amháin. Is féidir tuilleadh a léamh maidir le rialacha tábhachtacha a bhaineann le am saor ón obair agus ranganna réamhbhreithe anseo. Tháinig na rialacha maidir le ranganna réamhbhreithe i bhfeidhm ón 18 Deireadh Fómhair, 2004.

Rialacha

  • Ba chóir duit iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig d'fhostóir agus fianaise mhíochaine de do thoircheas á sholáthar agat ag insint dó/dí go dteastaíonn am saor uait le freastal ar choinní réamhbhreithe.
  • Ba chóir duit ar a laghad fógra coicíse a thabhairt de dháta agus d'am do choinní.
  • Mura dtugtar fógra de bharr cúiseanna nach bhfuil aon neart agat orthu, ansin is féidir leat do theideal a choinneáil, más rud é go scríobhann tú chuig d'fhostóir agus míniú a thabhairt agat i dteannta leis an bhfógra. Beidh ort é sin a dhéanamh laistigh de sheachtain den choinne.
  • D'aon chuairt tar éis na céad cuairte is féidir le d'fhostóir iarraidh ort do chárta coinní a thaispeáint dó/di.
  • Tá tú i dteideal cuairteanna míochaine ar feadh 14 seachtaine tar éis na breithe, lena n-áirítear aon tréimhse a thógtar ar saoire mháithreachais tar éis na breithe.
  • D’fhéadfadh sé go mbeadh tú i dteideal roinnt ama a thógáil saor ón obair le híocaíocht le freastal ar roinnt ranganna réamhbhreithe. Is ceart aon uair atá anseo do fhir a bhfuil páistí leo le teacht ar an saol freastal ar an 2 rang díreach roimh an mbreith. Do mhná atá ag súil tá sé de cheart acu freastal ar sraith amháin ranganna (gan an 3 rang deireanach sa sraith a bheith san áireamh) dá cuid toircheas ar fad agus iad fostaithe.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 November 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Ranganna Réamhbheirthe
    Cur síos ar ranganna reamhbheirthe in Éirinn.
  • Sochair agus teidlíochtaí a bhaineann le bhreith
    Tá réimse sochair leasa shóisialaigh agus teidlíochtaí fostaíochta ar fáil chun tacú le mná atá ag iompar clainne. Is féidir leat léamh faoi anseo. breith clainne máithreachas sochair
  • Saoire mhaithreachais
    Tá fostaithe mná in Éirinn i dteideal saoire mháithreachais, roimh agus i ndiaidh breithe a leanbh. Sonraí breise ar fáil anseo.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.