Anseo atá tú: Baile > Teaghlach agus Caidrimh > Sula mbeirtear do leanbh > Ranganna Réamhbheirthe

Print Page Send to a Friend

Ranganna Réamhbheirthe

Eolas

Tabharfaidh ranganna réamhbheirthe eolas duit faoi thoircheas, luí seoil agus breith, agus cúram naíonán agus tugtar deis duit aon imní a bheadh ort a phlé le tuismitheoirí eile a bhíonn ag súil le leanbh. Díríonn go leor ranganna réamhbheirthe ar luí seoil agus ar an mbreith amháin, ach bíonn comhairle le fáil i gcuid eile acu ar conas aire a thabhairt do do naíonán agus conas dul i dtaithí ar thuismitheoireacht.

Cuireann d'ospidéal ranganna réamhbheirthe ar fáil duit agus bíonn ort glaoch a chur orthu chun d'áit a chur in áirthint. Cuirtear ranganna ar fáil go ginearálta do mháithreacha atá ag súil, nó do lánúnacha. Déantar freastal ar ranganna réamhbheirthe ó bhíonn an bhean 30 seachtaine ag súil le leanbh. Cuireann roinnt ospidéal ranganna ar fáil do lánúnacha lena mbaineann riachtanais speisialta. Beidh ort dul i dteagmháil leis an ospidéal áitiúil nó bord sláinte le haghaidh sonraí a fháil.

Am Saor ón Obair

Faoi Alt 8 den Acht um Chosaint Mháithreachais (Leasú) 2004 (pdf) is féidir le mná atá torrach am a thógáil saor ón obair le híocaíocht le freastal ar sraith amháin ranganna réamhbhreithe (ach gan an trí rang deireanach den sraith a bheith san áireamh mar gheall gur iondúil go mbíonn siad ann tar éis don saoire mháithreachais tosnú). Baineann an ceart seo freastal a dhéanamh ar sraith amháin ranganna réamhbhreithe (gan an trí rang deireanach sa sraith a bheith san áireamh) leis na toirchis ar fad a bhíonn ag bean agus í fostaithe. Níl am saor ón obair le híocaíocht ar fáil duit mar sin le freastal ar ranganna réamhbhreithe gach uair a bhíonn tú torrach agus tú ag obair. Ach, clúdaíonn an ceart sraith amháin ranganna do do chuid toircheas ar fad. Má tharlaíonn sé ar chúis ar bith nach féidir leat freastal ar chuid de na ranganna gan aon neart a bheith agat féin air (mar shampla breith roimh an am, tinneas, anabaíocht, marbhghin) is féidir leat an teidlíocht am a thógáil saor ón obair le híocaíocht a choinneáil le freastal ar aon ranganna nár fhreastal tú cheana orthu má bhíonn toircheas eile ann (gan an trí rang deireanach sa sraith a bheith san áireamh). Tá sampla tugtha anseo: Tá tú ag freastal ar sraith de 8 ranganna agus is é seo an chéad toircheas agat agus tú fostaithe. Tá sé de cheart agat íocaíocht a fháil agus tú ag freastal ar 5 rang acu sin (arís, mar gheall go mbeadh an trí rang eile ann nuair atá tú ar shaoire mháithreachais). Má tharlaíonn sé, mar shampla, go mbíonn tú tinn agus nach féidir leat freastal ar an 5 rang ar fad an babhta seo, is féidir leat an teidlíocht atá agat a bheith íoctha le freastal ar na ranganna nár éirigh leat freastal orthu a choinneáil d’aon toircheas ina dhiaidh sin. Tá ceart aon uair ag fir a bhfuil páiste leo le teacht ar an saol am a thógáil saor ón obair agus a bheith íoctha air le freastal ar an dá rang réamhbhreithe díreach roimh an mbreith. Ní féidir an teidlíocht seo a úsáid gach uair a bhíonn toircheas ann nuair atá an bhean fostaithe - níl ann ach ceart aon uair amháin. Tháinig an soláthar ar am saor ón obair le híocaíocht le freastal ar ranganna réamhbhreithe do thusmitheoirí atá ag súil le páistí i bhfeidhm in IR 653 de Rialacháin um Chosaint Mháithreachais 2004 (Am saor do Ranganna Réamhbhreithe PDF).

Más mian le fostaí an t-am seo a thógáil saor ón obair ní mór dó/dí é a chur in iúl don fhostóir i scríbhinn ar a laghad coicís roimh do na ranganna tosú, ag leagan síos na dátaí agus na hamanna do na ranganna. Is féidir le fostóirí fianaise i scríbhinn a iarraidh maidir leis na ranganna (dátaí, amanna & rl.). Tháinig an soláthar nua seo ag tabhairt ceada do thuismitheoirí atá ag súil le páistí am a thógáil saor ón obair le freastal ar ranganna réamhbhreithe i bhfeidhm ón 18 Deireadh Fómhair, 2004.

Rialacha

Ní mhaireann na ranganna ach cúpla seisiún agus ar na topaicí a chlúdaítear bíonn:

  • Ag breathnú i ndiaidh do shláinte le linn toircheasa
  • Fás agus forbairt an naoínáin le linn toircheasa
  • Roghanna maidir le luí seoil agus breith
  • Maolú ar phian le linn luí seoil
  • Cathain is fearr le dul chuig an ospidéil
  • A mbeaidh tú ag súil leis le linn luí seoil
  • Tacaíocht le leanbh a bheathú ar an gcíoch agus comhairle
  • Gnéithe mothaítheacha faoi bheith i do thuismitheoir
  • Cúram fisiciúil do leanbh
  • Dul ar ais ag obair/ socruithe cúram leanaí

Rátaí

Bionn na ranganna a chuireann d'ospidéal máithreachais áitiúil ar fáil saor in aisce. Gearrtar táille ar ranganna príobháideacha. Chun tuilleadh eolais a fháil, cuir ceist ar d'ospidéal máithreachais.

Conas Iarratas a dhéanamh

Tá gach seans ann go bhfiafróidh do bhean chnáimsí nó do dhochtúir díot an bhfuil sé ar intinn agat freastal a dhéanamh ar rang réamhbheirthe ag an ospidéal. Bíonn na ranganna seo lán go minic, mar sin beidh ort iad a chur in áirthint go luath.

Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas

An tÚdarás Comhionannais

Teach Gharrán an Bhirsigh
Ros Cré
Tiobraid Árann
Éire

Teil:+353 (0)505 24126
Lóghlao:1890 245 545
Facs:+353 (0)505 22388
Láithreán Gréasáin: http://www.equality.ie
R-phost: info@equality.ie

Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre

(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire

Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.