Cuireann toircheas agus breith linbh stró mór ar do chorp agus tógfaidh sé riar ama teacht chugat féin arís, go háirithe má bhí luí seoil chrua agat nó gearradh Caesarach. B'fhéidir go raibh tú tinn tar éis duit do leanbh a shaolú, nó b'fhéidir go mbeifeá ag fulaingt ó raon coitianta mionbhreoiteachtaí agus mionionfhabhtuithe a chuireann isteach ar mháithreacha nua.
Má bhí gnáthluí seoil agat, ansin cuirfear scrúdú ort tar éis dhá seachtaine agus arís tar éis sé seachtaine. Déanfaidh do dhochtúir teaghlaigh nó an ospidéal ina raibh an páiste agat é sin. Pléifidh do dhochtúir teaghlaigh/dhochtúir ospidéil aon fhadhbanna sláinte leis agus b'fhéidir go dtógfadh sé/sí smearadh ceirbheacsach.
Do roinnt ban, tarlaíonn beathú cíche go héasca, ach tógann se níos faide ar dhaoine eile a bheith compordach. Mothaíonn roinnt go n-íslíonn riachtanais naíonáin óga agus bealach nua saoil a meanmna, agus ó am go chéile, bíonn dúlagar orthu. Is gnáthrud é sin tar éis leanbh a shaolú agus tá cabhair ar fáil. Beidh na cáipéisí seo a leanas úsáideach duit:
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.