Fulaingíonn go leor ban ísliú meanmna sa chéad cúpla seachtain tar éis breith linbh. Eachtra chorraitheach agus fíor fhisiciúil é leanbh a thabhairt ar an saol agus de bharr titim i leibhéal na hormón tar éis na breithe is minic go mothaíonn mná traochta go fisiciúil agus ó thaobh a mothucháin. Is féidir leo a bheith caointeach, hipearmhothaíoch, faoi dá mbeidís fágtha ina n-aonar sa saol. Tuairim is 80% de mhná a mbíonn páistí acu a fhulaingíonn mar seo agus beidh ísliú meanmna orthu ag am éigean tar éis breith a linbh. Go hiondúil tagann mná chucu féin le beagán scíthe agus le tacaíocht fisiciúil agus spride óna bpáirtithe, óna dteaghlaigh agus ó chairde.
Má bhíonn bean ag fulaingt ó ísliú meanmna ar feadh tamaill d'fhéadfadh sé go bhfuil sí i measc an 10% de mhná a fhulaingíonn ón dúlagar iarbhreithe. Tosnaíonn an dúlagar iarbhreithe go hiondúil idir dhá agus ocht seachtain tar éis na breithe, ach anois is arís tagann sé chun solais sé mhí nó bliain fiú tar éis na breithe. Sa drochuair, bíonn an dúlagar seo ar go leor ban i ngan fhios dóibh féin nó gan tuiscint a bheith acu gur fíorghalar atá sa dúlagar iarbhreithe. An bhfuil aon cheann de na mothucháin seo agat féinω
Má tá b'fhéidir go bhfuil tú ag fulaingt ó dhúlagar iarbhreithe agus ba cheart duit cúnamh a iarraidh. Labhair leis an dochtúir teaghlaigh nó le haltra sláinte poiblí nó le duine gur féidir leat muinín a bheith agat aisti/ann. Muna bhfuil tú féin in ann coinne a dhéanamh leis an dochtúir nó leis an altra sláinte poiblí iarr ar duine eile é seo a dhéanamh ar do shon nó iarr ar an dochtúir/altra teacht chuig do theach.
Má bhí an páiste agat le deireanas b'fhéidir go mbeadh cúnamh ar fáil duit ón ospidéal máthaireachais. Déan teagmháil leis an mbean chabhartha nó leis an dochtúir a thug aire duit agus tú ag súil leis an bpáiste. D'fhéadfadh sé go mbeadh coinne déanta duit le síciatraí an ospidéil, labharfaidh sé/sí leat faoin dúlagar atá ort agus inseoidh sé/sí duit faoin tacaíocht atá ar fáil duit. Beidh cúnamh ar fáil duit freisin ón rannóg oibre sóisialta atá ag an ospidéal.
Má tá do pháirtí, duine den teaghlach nó bean ar d'aithne ag fulaingt ón dúlagar iarbhreithe tá sé tábhachtach na comharthaí a bhaineann leis a aithint agus a chuimnhiú gur galar atá ann gur féidir cúnamh a chur ar fáil lena aghaidh. Mar chara nó ball den teaghlach beidh ort go leor tacaíochta agus cúnaimh a chur ar fáil - i gcás galair ar bith d'fhéadfadh sé go mbeadh sé píosa go mbeadh biseach ar an duine agus beidh laethanta níos fearr ná a chéile. Tá réimse eagraíochtaí deonacha in Éirinn a bhíonn ag obair leis an tsláinte intinne. Tá cairdeas, comhairle agus tacaíocht ar fáil ó na heagrais seo a leanas.
72 Sráid Líosain Íochtarach
Parentline
Teach Carmichael
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 6617211
Lóghlao:1890 303302
Facs:+353 (0)1 6617217
Láithreán Gréasáin: http://www.aware.ie/
R-phost: info@aware.ie
Teach Carmichael
Sráid Brunswick Thuaidh
Dublin 7
Ireland
Teil:01 878 7230
Lóghlao:1890 927277
Láithreán Gréasáin: http://www.parentline.ie/
R-phost: info@parentline.ie
Teach Mensana
6 Sráid Adelaide
Dún Laoghaire
Dublin
Ireland
Teil:+353 (0)1 2841166
Facs:+353 (0)1 2841736
Láithreán Gréasáin: http://www.mentalhealthireland.ie
Planning Office
St. Finbarr's Hospital
Cork
Cork
Ireland
Teil:+353 (0) 21 492 3162 (Tuesday, Wednesday, Thursday)
Láithreán Gréasáin: http://www.pnd.ie/
R-phost: support@pnd.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.