Anseo atá tú: Baile > Teaghlach agus Caidrimh > I ndiaidh breith do linbh > Breith do Linbh a Chlárú

Print Page Send to a Friend

Breith do Linbh a Chlárú

Eolas

Ní mór duit breith do linbh a chlárú laistigh de thrí mhí ón am a rugadh é nó í. Is riachtanas dlíthiúil é an clárú seo, ach fiú murab ea, beidh teastas breithe ag teastáil uait chun do leanbh a chlárú ar scoil agus más mian leat cur isteach ar phas agus le haghaidh a lán rudaí eile. (Déanfar teagmháil leat maidir le sochar leanaí a luaithe is a chláraíonn tú an bhreith. Ní gá duit é seo a iarradh.) Beidh an fhaisnéis faoin leanbh agus faoi na tuismitheoirí a tugtar ag am an chláraithe ar an teastas breithe, agus ar an ábhar sin, tá sé tábhachtach go dtabharfaí í seo go cruinn. Is deacair na sonraí a athrú nuair a bhíonn siad cláraithe. Féach ar na hainmneacha is minice a cláraíodh mar ainmneacha buachaillí agus cailíní in Éirinn le déanaí. Rinne An tAcht um Chlárú Sibhialta athruithe ar chuid de na rialacha maidir le clárú breithe. Tá feidhm ag na hathruithe seo ó 5 Nollaig 2005.

Rialacha

Féadfar breith a chlárú in oifig aon Chláraitheora Breitheanna, Póstaí agus Básanna , is cuma cár rugadh an leanbh. (Má rugadh an leanbh roimh 5 Nollaig 2005 ní mór an bhreith a chlárú sa Cheantar Cláraithe inar rugadh an leanbh.) Inseoidh foireann an ospidéil inar rugadh do leanbh nó oibrithe d'ionad sláinte áitiúil duit cén áit ar féidir leat an breith a chlárú.

Tugann Foirm Dearbhaithe Breithe (Foirm BNF/01) léargas ar an fhaisnéis atá le taifeadadh sa Clár Breitheanna, agus ba chóir do thuismitheoir amháin, nó don bheirt acu, é a chomhlánú le cinntiú nach gcláraítear aon rud ach fhaisnéis chruinn cheart. Tugtar an fhoirm seo don mháthair san ospidéal agus ba chóir é a chomhlánú agus thabhairt ar ais d'fhoireann an ospidéal sula scaoiltear amach í.

Is ar na sonraí a sholáthraíonn faisnéiseoir cáilithe a dhéantar an bhreith a chlárú, agus tá se de dhualgas ar an duine seo freastal ar Oifig an Chláraitheora chun Clár na mBreitheanna a shíniú. Is iad athair agus máthair an linbh na príomhfhaisnéiseoirí cáilithe agus moltar dóibh bheith i láthair ag clárú na breithe más féidir é. Mura ndéanann na tuismitheoirí é seo, nó mura bhfuil sé ar a gcumas é a dhéanamh, féadfaidh na daoine seo a leanas gníomhú mar fhaisnéiseoirí cáilithe:

  • ball ainmnithe d'fhoireann an ospidéil (nó na hinstitiúide, na heagraíochta nó an fhiontair) inar rugadh an leanbh
  • duine a bhí i láthair ag an mbreith
  • duine a bhí i láthair san áitreabh inar rugadh an leanbh
  • duine atá i bhfeighil an linbh
  • duine a cheapadh mar chaomhnóir an linbh.
  • duine a ndearna cúirt ordú faoi nó fúithi gurb eisean nó ise tuismitheoir an linbh.

Tá roghanna éagsúla cláraithe ann, sonraí faoin athair san áireamh, nuair nach bhfuil an mháthair agus an t-athair pósta. (Tá foirmeacha nua á gcur ar fáil ach tá na seanchinn fós in úsáid.) Is iad seo a leanas na roghanna atá ann:

  • Féadfaidh an t-athair agus an mháthair freastal le chéile ag Oifig an Chláraitheora agus an clár a shíniú le chéile.
  • Féadfaidh an mháthair foirm dearbhaithe ag tabhairt ainm an athar a chomhlánú agus é a thabhairt léi mar aon le dearbhú ó athair an linbh ag admháil gurbh eisean athair an linbh. Síníonn an mháthair an clár.
  • Féadfaidh an t-athair foirm a chomhlánú ag admháil gurb eisean athair an linbh, agus féadfaidh sé dul go hOifig an Chláraitheora é féin agus dearbhú na máthar á ainmniú mar athair a bhreith leis.
  • Féadfaidh an t-athair nó an mháthair iarratas i scríbhinn a dhéanamh ar Fhoirm S.C 5 agus Foirm S.C.6 faoi sheach) ar sholáthair cóip deimhnithe d'ordú cúirte a ainmníonn an duine atá le clárú mar athair an linbh. Beidh ar an tuismitheoir atá ag déanamh an iarratais a bheith i láthair ag Oifig an Chláraitheora chun Clár na mBreitheanna a shíniú.
  • Má tharlaíonn sé go bpósann tú i ndiaidh breith do linbh, agus mura bhfuil ainm an athar ar Chlár na mBreitheanna, féadfaidh tú an breith a athchlárú. Is féidir sloinne an linbh a athrú anois faoi fhorálacha An Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2002 , más rud é go bhfuil an lánúin ag athchlárú na breithe chun sonraí an athar a chur ar fáil. Baineann sé seo le cláruithe a rinneadh idir Deireadh Fómhair 1997 agus feidhmiú na reachtaíochta i Deireadh Fómhair 2002. Ní féidir sloinne an linbh a athrú, áfach, má rinneadh taifead ar shonraí an athar sa chlárú bunaidh. Ní féidir sloinne an linbh a athrú ach amháin ar iarratas comhpháirteach na beirte tuismitheoir.

Is féidir sonraí an athar a iontráil, fiú má tá an mháthair pósta le duine eile. Má rugadh an leanbh ar 5 Nollaig 2005 nó ina dhiaidh sin, is féidir le tuismitheoirí a phósann a chéile i ndiaidh na breithe a stádas pósta nua a léiriú trí an bhreith a athchlárú. Déantar an fhaisnéis seo a leanas a thaifead i gClár na Breitheanna:

  • Sloinne. Ó Dheireadh Fómhair 1997 i leith déantar sloinne a thaifead don leanbh nuair atá an bhreith á chlárú. Ní foláir gurb é sloinne an athar, nó na máthar, nó na beirte acu an sloinne a chláraítear. Más mian leat sloinne eile seachas sloinne an athar nó na máthar nó na beirte acu a bheith ag an leanbh, ní mór duit iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig an Ard-Chláraitheoir nó chuig Príomh-Chláraitheoir.
  • Am, dáta agus áit bhreithe an linbh
  • Inscne an linbh
  • Uimhir Phearsanta na Seirbhísí Poiblí an linbh
  • Ainm(neacha) agus Sloinne an linbh.
  • Ainm(neacha) agus Sloinne na máthar
  • Sloinne breithe na máthar
  • Gach sloinne eile a bhí ag an máthair má bhí a leithéidí aici.
  • Gnáthslí bheatha na máthar
  • Gnáthseoladh na máthar ag am na breithe
  • Dáta breithe na máthar
  • Stádas pósta na máthar
  • Uimhir Phearsanta na Seirbhísí Poiblí na máthar
  • Sloinne breithe máthar na máthar
  • Déantar faisnéis den sórt céanna a iontráil i gcás an athar.

Is é an Bord Uchtála a dhéanfaidh an clárú má tá leanbh uchtaithe agat ó Éirinn nó ó thír thar lear. Féach ar Leanbh a Uchtú agus Uchtáil Idir thíortha chun breis eolais a fháil.

Rataí

Ní ghearrtar aon táille ar bhreith a chlárú má dhéantar é taobh istigh de dhá mhí déag ón mbreith. Gearrtar táillí ar Theastais Bhreithe a iarrtar.

Cuirtear teastas breithe ar mhaithe le cúrsaí leasa shóisialaigh ar fáil ar chostas laghdaithe, taobh amuigh de sin is iad seo a leanas na táillí cuí:

  • €10 ar theastas iomlán (€8 ar gach cóip bhreise)
  • €1 ar chóip ghairid, iomlán (ar mhaithe le cúrsaí leasa shóisialaigh)
  • €6 ar chóip, iomlán fíordheimhnithe de theastas breithe

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leat dul díreach chuig Oifig an Chláraitheora le teastas breithe a fháil. Nó, is féidir leat iarratas a dhéanamh sa phost, tabhair ainmneacha iomlána an linbh, dáta agus áit na breithe agus cuir leis seic nó ordú poist don táille cuí euro. Déan foirm iarratais ar Theastas Breithe a íoschóipeáil (pdf) anseo. Tá an fhoirm iarratais seo ar fáil freisin ó Oifig an Ardchláraitheora.

Is féidir leat cur isteach ar-líne ar chóipeanna de theastais, ina n-áirítear aon uchtaithe intíre agus marbh-bhreitheanna atá cláraithe.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Braitheann sé ar áit na breithe cén Cláraitheoir Breitheanna a bhaineann léi. Tá liosta na gcláraitheoirí ar fáil anseo freisin.

Is féidir leat cur isteach ar-líne ar chóipeanna de theastais anseo.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó :

An tSeirbhís um Chlárú Sibhialta

Oifigí an Rialtais
Bóthar an Chlochair
Ros Comáin
Roscommon
Ireland

Teil:+353 90 663 2900
Lóghlao:1890 25 20 76
Facs:+353 90 663 2999
Láithreán Gréasáin: http://www.groireland.ie/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 July 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Marbh-bhreitheanna a Chlárú
    Imlíne ar conas cur isteach ar theastas marbh-bhreithe in Éirinn.
  • Uchtú
    Cur síos ar an gcóras altamais in Éirinn. San áireamh tá an córas a bhaineann le páiste ag thógáil ar altramas sa tír seo agus ón iasacht.
  • Bheith i do Thuismitheoir den chéad uair
    An bhfuil tusa nó duine a bhfuil aithne agat orthu ar tí a bheith in bhur dtuismitheoir? Is treoir í seo ar sheirbhísí Stáit in Éirinn agus forbhreathnú ar roinnt de na saincheisteanna a bhainfidh leat, cibé do chás.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.