Faoin Scéim Cúram Máithreachais agus Naíonán (an scéim a chuireann cúram réamhbhreithe agus iarbhreithe saor in aisce ar fáil), tá an mháthair agus an naíonán i dteideal dhá chuairt ar do dhochtúir teaghlaigh tar éis bhreith an linbh - cuairt amháin nuair a bhíonn an leanbh dhá sheachtain d'aois, agus ceann eile nuair a bhíonn an leanbh sé seachtaine d'aois.
Is ann don chuairt ag dhá sheachtain go bunúsach le teagmháil a athbhunú le do dhochtúir teaghlaigh agus féachaint mar atá ag éirí leis an máthair agus an naíonán. Is í an chúirt is mó a bhfuil eolas uirthi ná an "seiceáil sé seachtaine". Is féidir leat dul chuig do dhochtúir teaghlaigh nó chuig d'ospidéal máithreachais lena haghaidh sin. Scrúdóidh an dochtúir teaghlaigh nó an leanbhlia do naíonán lena f(h)orbairt a sheiceáil, ag féachaint ar mheáchan do naíonáin, a f(h)ad, imlíne an chinn agus na cromáin. Pléifidh sé/sí patrúin cothaithe agus sláinte ginearálta an naíonáin leat agus tabharfaidh sé/sí aghaidh ar aon imní a d'fhéadfadh a bheith ort.
Ina dhiaidh sin, is tríd an dochtúir teaghlaigh a bheidh do phointí teagmhála leis an gcóras cúram sláinte, agus is é/í a imdhíonfaidh do naíonán Vaicsíniú do do naíonán, agus tríd an altra sláinte phoiblí cúram máithreachais agus an Altra Sláinte Phoiblí.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.