Má bhí páiste san ospidéal agat tiocfaidh an Bhanaltra Sláinte Phoiblí ar cuairt chugat go luath tar éis duit filleadh ar an mbaile. (má rúgadh an páiste sa bhaile beidh cleachtadh agat ar an mbean chabhartha teacht ar cuairt chugat). Beidh eolas curtha chuig an mBanaltra gur rugadh páiste duit agus tiocfaidh sé/sí ag an teach nó cuirfidh sé/sí glaoch le coinne a dhéanamh leat.
Tá cúnamh ar fáil ó na Banaltraí Sláinte Poiblí leis na rudaí seo a leanas:
Ag naoi mí, 18 mí agus ag dhá bhliain go hiondúil a bhíonn na scrúduithe seo déanta agus tiocfaidh scéal ón mBanaltra Sláinte Phoiblí dhá meabhrú duit. Muna bhfaigheann tú aon scéal cuir glaoch ar an ionad sláinte le coinne a dhéanamh. Níl aon dualgas ort na scrúduithe a fháil déanta. Má tá aon imní ort faoi fhorbairt do pháiste is maith an rud é teagmháil a dhéanamh leis an mBanaltra Sláinte Phoiblí ar an gcéad dul síos.
Tá leabhrán ar fáil ón Ionad Cothú Sláinte "Taifead ar Shláinte do Pháiste" agus tá spás ann le taifead a dhéanamh ar fhorbairt do pháiste. Tá tábla ann le airde agus meachán an pháiste a thaifead, clárama don díonadh, spás le taifead a choinneáil ar thinneas, ar fhiacla agus ar fhorbairtí eile. Má theastaíonn cóip uait is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Ionad Cothú Sláinte nó ceann a fháil ón mBanaltra Sláinte Phoiblí.
Tiocfaidh an Bhanaltra Sláinte Phoiblí i dteagmháil leat ach más mian leat féin teagmháil a dhéanamh leis an ionad sláinte poiblí, déan teagmháil leis an ionad sláinte áitiúil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.