Tá buntáistí ollmhóra ag baint le beathú cíche duit féin agus do do leanbh. Soláthraíonn bainne cíche na cothuithe ar fad a theastaíonn ó do naíonán i gcomhair fáis agus forbartha, tá antashubstaintí ann ar féidir leo cabhrú le córas imdhíonach do naíonáin agus cabhraíonn sé le leas mothaíoch na máthar agus an naíonáin araon.
Go bunúsach is féidir le gach máthair beathú cíche a thabhairt ach baineann dúthracht agus tiomantas leis. Is fearr an dóchúlacht go n-éireoidh leat má bhíonn an tacaíocht agus an t-eolas riachtanach agat. Beidh ort cóimheá a chruthú idir éilimh an naíonáin ar bhainne agus do sholáthar féin. Is féidir leis sin tamall a thógáil, faoi mar a thógann sé tamall an t-ionad ceart beathaithe a fháil agus a bheith compordach leis.
B'fhéidir go n-aireofá go mbeadh an chéad cúpla seachtain de bheathú cíche míchompordach agus an-tuirsiúil, nó go socraíonn do sholáthar síos agus go bhfoghlaimíonn do leanbh conas beathú maith a dhéanamh, ach de réir mar a mhéadaíonn do mhuinín féin, bíonn tú níos mó ar do chompord. Faoin am a bheidh do leanbh cúpla mí d'aois, saineolaí ceart a bheidh ionat.
Faoi Mhír 9 den Acht um Chosaint Mháithreachais (Leasú) 2004 tá sé de cheart ag mná faoi leith atá fostaithe agus atá ag beathú páiste le cíoch am a thógáil saor ón obair gach lá ar mhaithe le beathú cíche. Baineann an soláthar seo le gach bean atá fostaithe agus a raibh páiste aici taobh istigh de sé mhí. Níl aon dualgas ar fhostóirí áiseanna a chur ar fáil sa láthair oibre le cur ar chumas na mná a páiste a bheathú le cíoch más rud é go mbeadh costas mór i gceist leis na háiseanna sin a chur ar fáil. Ag brath ar rogha an fhostóra, is féidir leis an mbean ceann den dá rud seo a dhéanamh: An páiste a bheathú le cíoch ag an láthair oibre nó bainne cíche a fháisceadh, nuair atá áiseanna cuí curtha ar fáil sa láthair oibre ag an bhfostóir A huaireanta oibre a laghdú (gan aon chaillteanas pá) le deis a thabhairt di a páiste a bheathú le cíoch nuair nach bhfuil aon áiseanna curtha ar fáil ag an láthair oibre. Is féidir le mná atá fostaithe agus atá ag beathú le cíoch uair an chloig a thógáil (le pá) ón obair gach lá mar bhriseadh. Is féidir an t-am a thógáil mar seo a leanas; · Sos amháin 60 nóiméad · Dhá shos 30 nóiméad an ceann · Trí shos 20 nóiméad an ceann Ba cheart a thabhairt faoi deara gur féidir sosanna níos faide agus níos minicí a thógáil má tá sé sin aontaithe ag an mbean lena fostóir. Tá sé de cheart ag oibrithe páirtaimseartha freisin sosanna le beathú cíche a thógáil, déantar an t-am a ríomh de réir na n-uaireanta oibre atá i gceist. Tháinig an soláthar seo do mhná páistí a bheathú le cíoch i bhfeidhm ar an 18 Deireadh Fómhair 2004 tríd IR 654 de Rialacháin 2004 Cosaint Mháithreachais (Cosaint Mháithreacha atá ag Beathú le Cíoch.
Más mian le mná a cearta a éileamh páistí a bheathú le cíoch agus iad fostaithe ní mór dóibh a chur in iúl don fhostóir (i scríbhinn) go bhfuil sé i gceist acu é sin a dhéanamh ag an láthair oibre. Ní mór duit é sin a dheimhniú ar a laghad 4 seachtainí roimh an dáta a bhfuil sé i gceist agat filleadh ar an obair ón saoire mháithreachais.
Is féidir le fostóirí iachall a chur ar an bhfostaí teastas breithe an pháiste a chur ar fáil (nó cáipéis eile a dheimhníonn dáta breithe an pháiste).
Má tá deacrachtaí agat ag beathú do pháiste le cíoch tá go leor daoine ann le cúnamh agus misneach a thabhairt duit:
Tá suíomh náisiúnta idirlín um bheathú cích ag an Feidhmeannacht Seirbhíse Sláinte a thugann comhairle, leidí agus eolas do thuismitheoirí.
Cuidiú – Iontaobhas Breithe Clainne na hÉireann Teach Carmichael Sráid Brunswick Baile Átha Cliath 7 (01) 872 4501Ba cheart ceisteanna a bhaineann le cosaint mháithreacha atá ag beathú le cíoch agus iad fostaithe a sheoladh chuig an Údarás Comhionannais mar seo a leanas:
An tÚdarás Comhionannais, Sráid Chluain Mheala, Baile Átha Cliath 2. Glaoch ar chostas íseal: 1890 245545 Teil: (01) 4173333 Facs: (01) 4173366 Fón téacs: (01) 4173385 Ríomh-phost:info@equality.ieFoilsíonn an dá eagraíocht Cuidiú agus Conradh La Leche réimse ábhair a bhaineann le beathú cíche.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.