Anseo atá tú: Baile > Teaghlach agus Caidrimh > Uchtú agus altramas > Do theaghlach breithe a lorg

Print Page Send to a Friend

Do theaghlach breithe a lorg

Eolas

Más uchtleanbh nó leanbh altrama a bhí ionat d'fhéadfadh sé go mbeadh sé deacair agus go deimhin goilliúnach ort do theaghlach breithe a lorg agus is cinnte go bhfuil sé deacair fios a bheith agat cén áit gur ceart tús a chur leis an gcuardach. Ach, tá bealaí faoi leith gur ceart tabhairt faoin obair seo le hiarracht a dhéanamh teacht ar do theaghlach agus tá go leor eagraíochtaí tacaíochta ann gur féidir leo comhairle phraiticiúil a chur ort.

Níl aon lárionad amháin ann ina bhfuil comhaid uchtála ar fáil sa tír seo agus mar sin d'fhéadfadh sé go mbeadh ort iarratas a dhéanamh chuig roinnt eagraíochtaí éagsúla leis an eolas a theastaíonn uait a fháil. Ba cheart duit ar dtús báire teagmháil a dhéanamh leis an ngníomhaireacht uchtála a bhí freagrach as tú a chur san áit ina bhfuil cónaí ort. Ba cheart go mbeadh comhad ag an eagraíocht sin a bhaineann leat agus d'fhéadfadh sé go mbeadh eolas ann cé as ó thús thú.Is cumann uchtála cláraithe nó do Limistéar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) a bheidh i gceist anseo

Ar an 1 Eanáir 2005 tháinig Limistéir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) i bhfeidhm in Éirinn in ionad 'bhoird sláinte'. Tá taifid 'boird sláinte' fós ag na Limistéir FSS seo. (San am atá thart, láimhseáil na boird sláinte uchtuithe). Ba chóir go mbeadh comhad ag an ngníomhaireacht uchtála ar d'uchtú a d'fhéadfadh eolas a bheith ann faoi cé as ar tháinig tú.

Nuair a théann tú chuig gníomhaireacht uchtála nó chuig Limistéir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) maidir le do theaghlach breithe a lorg iarrfar ort foirm a chomhlánú le sonraí bunúsacha maidir leat féin. Tá liosta fada feithimh ag formhór na n-gníomhaireachtaí de dhaoine atá ag iarraidh a dteaghlaigh bhreithe a lorg agus d'fhéadfadh sé go mbeadh ort a bheith foighneach leo. Nuair a bhíonn deis acu tiocfaidh oibrí sóisialta chugat ón údarás agus iarrfar ort teacht isteach le haghaidh cruinnithe. Ar do chéad chuairt ba cheart duit iarraidh faoin bpolasaí atá ag an údarás maidir le teaghlaigh bhreithe a lorg. Ba cheart duit a fháil amach cé chomh fada a thógann sé teaghlach a aimsiú agus cén cineál tacaíochta gur féidir leis an údarás a chur ar fáil duit. Ní ceart duit a bheith ag súil le go leor eolais ar dtús. Go hiondúil ní thabharfaidh na húdaráis ach eolas nach féidir daoine a aithint uaidh (ní thabharfar ainmneacha iomlána ná seoltaí duit), ach amháin sa chás go bhfuil na páirtithe ar fad sásta é sin a dhéanamh.

Más rud é go bhfuil an ghníomhaireacht a bhí ag plé le do chás dúnta anois beidh do chód curtha chuig an Limistéir FSS chuí. Más amhlaidh atá ba cheart duit na céimeanna céanna a bheadh tógtha agat le gníomhaireacht uchtála a thógáil: déan teagmháil leis an Limistéir FSS agus inis dóibh go bhfuil tú ag lorg do theaghlach breithe.

Is féidir leat do theaghlach breithe a lorg leat féin nó le cúnamh ó bhleachtaire príobháideach agus déanann roinnt daoine cinneadh tabhairt faoi ar an mbealach seo. Ach, ní mholann na hudaráis uchtála é seo. Molann siad gur ceart aon chuardach a dhéanamh ar bhealach smachtaithe le cinntiú nach gcuirtear brú ar cheachtar de na páirtithe rudaí a dhéanamh nach mian leo nó nach bhfuileadar in ann deileáil leo.

Uchtáil

Más duine thú a bhí ina (h)uchtleanbh níl aon chearta dlíthiúla ag do theaghlach breithe maidir leat agus níleadar freagrach asat níos mó. Glacann an t-ucht-theaghlach leis an bhfreagracht seo. Eisítear teastas breithe nua duit in ainm do theaghlaigh nua agus cuirtear d'ainm ar Chlár na bPáistí Uchtála. Is iad na cumainn chláraithe uchtála agus na Limistéir FSS amháin atá in ann páistí a chur ar fáil do ucht-theaghlaigh.

Ar an 3 Bealtaine 2005, sheol an Bord Uchtála clár náisiúnta roghnú teagmhála uchtála (National Adoption Contact Preference Register). Is é an cuspóir atá leis an gClár ná teagmháil idir dhaoine uchtaithe agus a dteaghlach nádúrtha a éascú.

Tá rannpháirtíocht roghnach agus ní chuirfear tús le teagmháil tríd an gclár ach áit a bhfuil an dá pháirtí cláraithe. Ceadaíonn an Clár duit a roghnú cén leibhéal teagmhála ar mhian leat a bheith agat. Féach tuilleadh eolais ar an gclár náisiúnta roghnú teagmhála uchtála (National Adoption Contact Preference Register) anseo .

Altramas

D'fhéadfadh sé gur cuireadh thú go fadthéarmach chuig teaghlach ar altramacht de bharr cúiseanna éagsúla nach raibh tú in ann maireachtáil le do theaghach féin. Ach, go dlíthiúil is cuid dá dteaghlaigh féin i gcónaí iad páistí ar altramacht agus tá do Limistéir FSS áitiúil freagrach astu ar feadh an ama atá siad ar altramacht. Ba cheart go mbeadh sonraí ag an mbord sláinte maidir leis an áit inár cuireadh tú agus maidir le do theaghlach féin. Más amhlaidh go ndeachaigh tú ar altramacht roinnt blianta ó shoin d'fhéadfadh sé nach mbeadh na taifid atá ann ón am sin chomh maith leis na taifid nach mór a choinneáil sa lá inniu. Chomh maith leis sin más rud é nár choinnigh do theaghlach i dteagmháil leat, le do theaghlach altrama nó leis an Limistéir FSS áitiúil, d'fhéadfadh sé go mbeadh sé deacair do theaghlach féin a lorg tar éis tréimhse ama a bheith caite.

Uchtáil Neamhdhleathach

Más rud é nach uchtáil dlíthiúil a bhí ann, molann an Bord Uchtála duit iarratas a chur chuig an Limistéir FSS sa cheantar ina raibh cónaí ort i do pháiste. D'fhéadfadh sé go mbeadh sé in ann cúnamh a thabhairt duit do theaghlach breithe a lorg ós rud é go bhfuil chuile sheans ann go raibh baint aige le thú a thabhairt chuig teaghlach eile nó go raibh sé ar an eolas maidir le do chás. D'fhéadfadh sé go mbeadh do theastas breithe fós agat le sonraí maidir le d'áit bhreithe. D'fhéadfadh sé seo a bheith ina chúnamh má tá taifid coinnithe ag ospidéil ón tréimhse inár rugadh thú. Is féidir tuilleadh eolais ar do theaghlach breithe a lorg más rud é nach uchtáil dlíthiúil a bhí ann ach teagmháil a dhéanamh leis an mBord Uchtála nó le cuid de na heagraíochtaí tacaíochta uchtála atá luaite thíos.

D'athair breithe a lorg

Má dhéanann tú cinneadh d'athair breithe a lorg is iondúil go mbeidh ort teagmháil a dhéanamh ar dtús le do mháthair bhreithe. Is minic nach mbíonn ainm an athar bhreithe luaite ar an teastas breithe agus is í do mháthair bhreithe an t-aon duine a bheidh in ann é a ainmniú. Má tá a ainm luaite ar an teastas breithe ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an mBord Uchtála nó leis an ngníomhaireacht uchtála a raibh plé aige le do chás le comhairle a fháil. Ní moltar d'aon duine dul i dteagmháil leis an teaghlach breithe é/í féin gan cúnamh agus comhairle phroifisiúnta. Bheadh seo amhlaidh agus athair breithe a bheith ag lorg páiste leis a tugadh le huchtáil. Ní mór a bheith fíor chúramach le cinntiú go bhfuil an páiste (agus na hucht-tuismitheoirí, más cuí) réidh le castáil leis an athair breithe agus sásta é sin a dhéanamh. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait maidir le do pháiste féin a lorg ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an ngníomhaireacht uchtála nó Limistéir FSS a bhí ag plé leis an gcás. Muna bhfuil an t-eolas sin agat beidh an Bord Uchtála in ann cuidiú leat. Má bhíonn tú ag iarraidh aon athrú a dhéanamh ar d'ainm dlíthiúil (mar shampla, ainm d'athar bhreithe nó do mháthar breithe a thógáil) beidh ort é sin a dhéanamh le gníomhas aonpháirtí.

Comhairle

Ní ceart ceapadh go mbeidh sé éasca ort deileáil leis na mothúcháin a thiocfaidh chun solais agus tú ag lorg do theaghlach breithe agus ba cheart duit a bheith réidh don phróiséas roimh duit dul ina bhun. Cuireann an chuid is mó gníomhaireachtaí agus Limistéir FSS seirbhísí comhairle ar fáil do dhaoine atá ag lorg a dteaghlach agus moltar duit labhairt le hoibrí sóisialta roimh duit tús a chur leis an bpróiséas agus lena linn. Tá go leor grúpaí tacaíochta agus féin-chabhrach ar fáil do dhaoine a bhí ina n-uchtleanaí nó a thug suas a gcuid páistí le huchtáil. Cuireann siad go leor eolais agus comhairle ar fáil ó dhaoine atá imithe tríd na córais seo iad féin.

Toradh ar iarrachtaí daoine a lorg

Tá roinnt rudaí gur féidir tarlú má lorgaíonn tú do theaghlach breithe. D'fhéadfadh sé go n-éireoidh leat do mháthair/athair breithe a fháil nó páiste a thug tú le huchtáil agus go dtiocfaidh sibh le chéile arís. Ar an lámh eile d'fhéadfadh sé go n-éireoidh leat teacht orthu ach nach mbeadh fonn orthu castáil leat. B'fhéidir go bhfuileadar básaithe roimh duit teacht orthu nó seans a fháil castáil leo. Nó, d'fhéadfadh sé tarlú nach n-éireoidh leat ariamh teacht ar an duine atá dhá lorg agat. Tá níos mó seans ann gurb é seo a tharlóidh má tá tú ag brath ar thaifid ó na 1930aidí, 1940aidí, 1950aidí nó 1960aidí mar gheall ar a laghad eolais atá coinnithe sna comhaid sin. Tá a gcuid fadhbanna féin ag baint le gach ceann de na torthaí seo. Is féidir go leor cúnamh a fháil ó labhairt le comhairleoirí proifisiúnta nó le daoine eile a bhfuil taithí den chineál céanna acu ina saoil le deileáil le do mhothúcháin ag an am seo.

Teacht le chéile arís

Má éiríonn leat teacht ar do theaghlach breithe agus má aontaíonn gach duine castáil lena chéile beidh oraibh ansin am agus áit a shocrú. Moltar duit gur ceart don oibrí sóisialta feidhmiú mar éadránaí idir thú féin agus do mháthair bhreithe mar shampla. D'fhéadfadh sé go mbeadh sé ina chúnamh an tríú duine neamhspléach a bheith i láthair le sibh a chur in aithne agus teannas a laghdú. Ba cheart daoibh castáil lena chéile in áit phríobháideach agus ní ceart go mbeadh an chéad chruinniú ró-fhada, dhá uair an chloig mar shampla. D'fhéadfadh sé a bheith ina chúnamh litreacha, grianghrafanna nó eolas maidir libh féin a bheith curtha chuig a chéile roimh an chéad chruinniú. Labhair leis an oibrí sóisialta maidir leis seo. Ná bí ag súil leis an iomarca ón gcéad chruinniú. Is féidir leis a bheith deacair ar gach duine agus ní gá go mbeidh tionchar aige ar an gcaoi a mbeidh bhur gcaidreamh sa todhchaí.

Caidreamh a chothú

Ní gá go bhfásfaidh caidreamh as castáil lena chéile arís, roinnt daoine, níl uathu ach an chéad chruinniú. Beidh daoine eile ag súil le caidreamh a fhorbairt leis an duine atá díreach tagtha ar ais ina saol. D'fhéadfadh sé go mbeadh sé seo go maith ach, beidh fadhbanna le sárú freisin. Ba cheart duit a bheith réidh le deileáil leis na tréanmhothúcháin agus bí cinnte go dtuigeann an t-ucht-teaghlach nó teaghlach altrama a bhfuil ag tarlú duit. Is féidir leo sin a bheith ina bhfoinse tacaíochta ach b'fhéidir go mbeidh sé deacair dóibh go hiomlán tuiscint gach rud atá ag tarlú duit. Beidh tacaíocht ar fáil duit ón oibrí sóisialta nó ó na grúpaí tacaíochta agus féin-chúnamh atá luaite thíos.

Rialacha

An tAcht Uchtála 1952 agus An tAcht Uchtála 1976 í an reachtaíocht a bhaineann le teaghlaigh bhreithe a lorg. Níl sé leagtha síos sna hachtanna seo go sonrach go mbeadh fáil ag daoine ar a dteastais bhreithe gan aon cheist. Ach, tá sé leagtha síos in Alt 22 (5) den Acht Uchtála 1952 agus Alt 8 den Acht Uchtála 1976 nach mór don Phríomh Chláraitheoir taifead a choinneáil de gach duine a thugtar le huchtáil. Tugtar "Clár na bPáistí Uchtála" ar seo agus tá sé ar fáil don phobal le scrúdú a dhéanamh air.

Tá sé leagtha síos freisin sna haltanna seo de na hAchtanna nach mór don Phríomh Chláraitheoir innéasc a choinneáil. Is féidir ceangail a dhéanamh leis an innéasc seo idir gach iontráil i gClár na bPáistí Uchtála agus Clár na mBreitheanna. Mar sin is féidir sonraí maidir le tuismitheoirí breithe aon uchtlinbh a fháil tríd Clár na mBreitheanna. Ós rud é go bhfuil an t-eolas seo leochaileach níl an t-innéasc seo ar fáil don phobal agus ní mór iarratas a chur ós comhair an Bhord Uchtála más mian leat é a fháil.

D'fhéadfadh sé go bhfuil iarrachtaí déanta agat cóip a fháil de do bhuntheastas breithe ach gur theip ort. Go hiondúil ní féidir an teastas a chur ar fáil ach le cead ón máthair bhreithe. Ach, má tá iarracht déanta agat agus má theip ort do mháthair bhreithe a fháil, má tá sí básaithe nó má dhiúltaíonn sí a cead a thabhairt tá sé de rogha agat iarratas a chur ós comhair an Bhord Uchtála. Déanfar athbhreithniú ar do chás agus déanfar cinneadh an ceart eolas a chur ar fáil duit a theastóidh uait le cóip de do theastas breithe a fháil ón bPríomh Chláraitheoir.

Ar an gcéad dul síos téann an Bord Uchtála chuig an ngníomhaireacht uchtála nó chuig an mbord sláinte a bhí freagrach as do chás. Déanfaidh an Bord gach iarracht gur féidir teacht ar do mháthair agus beidh sé ag iarradh sonraí faoin gcomhairle a chuir an ghníomhaireacht ort maidir le gur ceart duit a dhéanamh leis an eolas atá ar do theastas breithe. D'fhéadfadh sé go mbeadh seoladh ar an teastas nó sonraí eile aitheantais a bhaineann leis an máthair bhreithe agus tá dualgas ar an mBord a príobháideacht a chosaint. Ní mór don ghníomhaireacht nó don bhord sláinte tuairisc a chur le chéile leis an eolas ar fad cuí a bhaineann le do chás agus é a chur chuig an mBord Uchtála. Bunaithe ar an eolas seo, déanfaidh an Bord cinneadh an ceart an t-eolas cuí a chur ar fáil duit.

Má tá na céimeanna ar fad seo tógtha agat agus má dhiúltaigh an Bord Uchtála an t-eolas a chur ar fáil duit a bhaineann le do chás is féidir leat iarratas a chur ós comhair na hArdchúirte athbhreithniú dlíthiúil a dhéanamh ar chinneadh an Bhoird. Ach, tá an próiséas seo costasach.

Rataí

Braitheann sé ar an ngníomhaireacht atá i gceist, ach d'fhéadfadh sé go mbeadh ort táille a íoc le ball de do theaghlach breithe a lorg. Ní mar a chéile a bhíonn an táille ag aon dá ghníomhaireacht agus is iondúil gur 50 euro a bhíonn i gceist. Íocann an táille seo as na costais teileafóin, taistil & rl a thiteann ar an ngníomhaireacht le linn an chuardaithe. Ní bheidh aon táille le n-íoc le roinnt gníomhaireachtaí ach d'fhéadfadh sé go mbeadh siad sásta le bronntanais airgid a fháil. Sa chás sin, braitheann sé ort féin cé mhéid is maith leat a thabhairt.

Conas iarratas a dhéanamh

Má tá ainm na gníomhaireachta uchtála nó Limistéir FSS a bhí ag plé le do chás ar eolas agat ba cheart teagmháil a dhéanamh leis ar dtús. Tá liosta iomlán na n-ngníomhaireachtaí cláraithe uchtála ar fáil ar shuíomh idirlín an Bhoird Uchtála. Más rud é nach bhfuil a fhios agat cén ghníomhaireacht nó Limistéir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a bhí ag plé do chás ba cheart duit scríobh chuig an mBord Uchtála ag tabhairt do chuid sonraí agus ag iarraidh air ainm na gníomhaireachta nó bord sláinte chuí a thabhairt duit. Má tá tú ag lorg do theaghlach breithe agus má tá tú míshásta leis an gcúnamh atá dhá fháil agat ón ngníomhaireacht uchtála nó bord sláinte, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an mBord Uchtála.

Is féidir leat treoracha a rianú do dhaoine arna nglacadh agus do thuismitheoirí breithe / teaghlach ar an suíomh gréasáin Alliance Uchtála um Chearta.

Tá eolas maidir le rianú do dhaoine arna nglacadh, tuismitheoirí breithe agus dtuismitheoirí uchtála ar fáil ar láithreán gréasáin Chomhairle na Gníomhaireachtaí Uchtála na hÉireann.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Bord Uchtaithe

Teach Shelbourne
Bóthar Shelbourne
Droichead na Dothra
Baile Átha Cliath 4
Éire

Teil:(01) 230 9300
Láithreán Gréasáin: http://www.aai.gov.ie
R-phost: info@aai.gov.ie

An tSeirbhís um Chlárú Sibhialta

Oifigí an Rialtais
Bóthar an Chlochair
Ros Comáin
Roscommon
Ireland

Teil:+353 90 663 2900
Lóghlao:1890 25 20 76
Facs:+353 90 663 2999
Láithreán Gréasáin: http://www.groireland.ie/

Seirbhís tar éis Uchtála Barnardos

Barnardos
Cearnóg de hÍde
654 An Cuarbhóthar Theas
Baile Átha Cliath 8
Éire

Teil:Helpline (01) 454 6388 10am-1pm, Tuesday & Thursday
Láithreán Gréasáin: http://www.barnardos.ie/what-we-do/specialist-services/adoption.html
R-phost: adoption@barnardos.ie

Gréasán Tacaíochta Uchtála na hÉireann

Teach an Mhuilinn
Bóthar Radharc an Mhuilinn
Mullach Íde
Baile Átha Cliath
Éire

Teil:+353 (0)86 235 9127
Láithreán Gréasáin: http://www.adoption.ie/
R-phost: info@adoption.ie

Comhaontas um Chearta Glacadh

Teach an Mhuilinn
Bóthar Radharc an Mhuilinn
Mullach Íde
Baile Átha Cliath
Éire

Teil:+353 (0)86 235 9127
Láithreán Gréasáin: http://www.adoptionrightsalliance.com/
R-phost: info@adoptionrightsalliance.com

Cumann Tuismitheoirí Páistí Uchtaithe na hÉireann

Helen Gilmartin
f/ch Oifig an Phoist
Gleann Dá Loch
Chill Mhantáin
Ireland

Teil:+353 (0)404 45184
Facs:+353 (0)404 45700
R-phost: apai@tinet.ie

Natural Parents Network of Ireland

PO Box 6714
Dublin 4
Ireland

Teil:(01) 660 0795 2pm-4pm, Sunday
Láithreán Gréasáin: http://www.adoptionloss.ie
R-phost: info@adoptionloss.ie

Cumann Idirnáisiúnta Uchtála

Bosca Phoist 5522
17 Rathfarnham Road
Terenure
Dublin
Ireland

Teil:(01) 499 2206
Facs:(01) 490 3238
Láithreán Gréasáin: http://www.iaaireland.org
R-phost: info@iaaireland.org

Treoir (Comhdháil Seirbhísí do Thuismitheoirí nach bhfuil Pósta agus dá gClann)

14 Teach Gandon
Sráid an Mhéara Íochtarach,
IFSC
Dublin 1
Ireland

Teil:+353 (0)1 6700120
Lóghlao:1890 252084
Facs:+353 (0)1 6700199
Láithreán Gréasáin: http://www.treoir.ie
R-phost: info@treoir.ie



Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 November 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Uchtú
    Cur síos ar an gcóras altamais in Éirinn. San áireamh tá an córas a bhaineann le páiste ag thógáil ar altramas sa tír seo agus ón iasacht.
  • Breith do Linbh a Chlárú
    Ní mór duit breith do linbh a chlárú laistigh de thrí mhí ón am a rugadh é nó í.
  • Bheith i do Thuismitheoir den chéad uair
    An bhfuil tusa nó duine a bhfuil aithne agat orthu ar tí a bheith in bhur dtuismitheoir? Is treoir í seo ar sheirbhísí Stáit in Éirinn agus forbhreathnú ar roinnt de na saincheisteanna a bhainfidh leat, cibé do chás.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.