Máthairionadaíocht

Cad í máthairionadaíocht?

Is éard is máthairionadaíocht ann nuair a aontaíonn an mháthair ionaid éirí torrach agus naíonán a iompar ar feadh an téarma do lánúin nó duine aonair eile. Nuair a shaolaítear an naíonán, tugann an mháthair ionaid an naíonán don lánúin nó don duine lena ndearna sí an comhaontú. Tugtar an lánúin choimisiúnaithe nó an duine coimisiúnaithe ar thuismitheoirí nó ar thuismitheoir beartaithe an linbh (na daoine fásta a thabharfaidh an leanbh aníos).

Ní bhíonn na cearta céanna ag tuismitheoirí coimisiúnaithe go huathoibríoch a bhíonn ag tuismitheoirí eile. Mar shampla, mar gheall nach mbíonn an mháthair choimisiúnaithe ag iompar clainne, ní féidir léi saoire mháithreachais a ghlacadh. Is féidir níos mó a léamh sa mhír ‘Stádas agus cearta dlíthiúla na dtuismitheoirí’ thíos.

Saghsanna máthairionadaíochta

Tá roinnt socruithe éagsúla máthairionadaíochta ann:

  • Intíre (titeann an próiseas iomlán amach in Éirinn)
  • Idirnáisiúnta (titeann gnéithe den phróiseas amach thar lear, mar shampla, gineann agus saolaíonn an mháthair ionaid an leanbh thar lear, sula nglacann na tuismitheoirí coimisiúnaithe an leanbh abhaile go hÉirinn).

Is éard is máthairionadaíocht altrúíoch nuair is mian leis an máthair ionaid cabhrú leis an lánúin a bhfuil iarracht á déanamh acu leanbh a ghiniúint, gan luaíocht airgeadais a fháil. Is éard is máthairionadaíocht tráchtála nuair a iompraíonn an mháthair ionaid naíonán le híocaíocht a fháil. Ní dhéantar socruithe máthairionadaíochta altrúíche agus tráchtála a rialáil in Éirinn faoi láthair.

Sular féidir leat a roghnú leanbh a bheith agat trí mháthairionadaíocht, ba cheart duit comhairle dlí a fháil ó aturnae ag a bhfuil saineolas ar dhlí teaghlaigh agus ar shocruithe máthairionadaíochta. Féach ‘Comhairle dlí a fháil’ thíos.

Cén fáth go roghnófá máthairionadaíocht?

Roghnaíonn daoine máthairionadaíocht ar chúiseanna éagsúla, mar shampla:

  • Neamhthorthúlacht
  • Ní féidir leis an mbean nó is baol don bhean bheith torrach nó leanbh a thabhairt ar an saol mar gheall ar riocht sláinte
  • Is mian le lánúineacha comhghnéis cur lena dteaghlach
  • Daoine aonair singil ar mian leo go ndéanfar tuismitheoir díobh

Cé leis an DNA a úsáidtear sa mháthairionadaíocht?

Féadfaidh máthairionadaíocht titim amach agus leas á bhaint as teicnící inseamhnaithe shaorga (AI) nó toirchithe in vitro (IVF). Is féidir tabhairt faoi mháthairionadaíocht gan aon idirghabháil leighis freisin.

Féadfaidh máthairionadaíocht titim amach trí leas a bhaint as aon cheann díobh seo a leanas:

  • Ubh na máthar coimisiúnaithe agus speirm an athar coimisiúnaithe
  • Ubh na máthar coimisiúnaithe agus speirm dheontóra
  • Ubh na máthar ionaid agus speirm an athar coimisiúnaithe
  • Ubh na máthar ionaid agus speirm dheontóra
  • Ubh deontóra agus speirm an athar choimisiúnaithe
  • Ubh agus speirm dheontóra, nó suth deontóra

Stádas agus cearta dlíthiúla nadtuismitheoirí

Níl aon reachtaíocht ar leith ann faoi láthair maidir le máthairionadaíocht in Éirinn. Níl sé dleathach ná in aghaidh an dlí.

Ní chumhdaítear i reachtaíocht na hÉireann na saincheisteanna dlíthiúla ar leith a thagann aníos maidir le máthairionadaíocht. Ina ionad sin, cumhdaítear stádas agus cearta dlíthiúla gach duine atá bainteach ag na dlíthe a bhaineann le breitheanna neamh-mháthairionadaíochta.

Ciallaíonn seo gurb í an mháthair ionaid, a shaolaíonn an leanbh, máthair agus caomhnóir dlíthiúil an linbh. Is amhlaidh an cás fiú murab í máthair bhitheolaíoch an linbh (nuair nach n-úsáidtear a hubh).

Chomh maith leis sin, má tá nó má bhí an mháthair ionaid pósta thart ar dháta na giniúna, meastar de réir dhlí na hÉireann, gurb é a fear céile athair an linbh (mura gcruthaítear a mhalairt). Leagtar seo amach in Alt 46 den Acht um Stádas Leanaí, 1987. Beidh an fear céile, i dteannta na máthar ionaid, mar chomhchaomhnóir an linbh.

Mura bhfuil an mháthair ionaid pósta, is í caomhnóir aonair an linbh go huathoibríoch.

Conas a imríonn seo tionchar ar na tuismitheoirí coimisiúnaithe?

Mar gheall nach meastar gurb í an mháthair choimisiúnaithe (máthair bheartaithe an linbh) ‘an mháthair dhlíthiúil’, níl aon cheangal dlíthiúil ag an máthair choimisiúnaithe leis an leanbh ar bhreith dó/di. Níl ceart aici cinntí a dhéanamh maidir le:

  • Clárú na breithe
  • Saoránacht agus pasanna
  • Cearta comharbais (mar shampla, oidhreacht)
  • Cúram leanaí
  • Uchtáil
  • Leas sóisialach
  • Oideachas

Ar an gcuma chéanna, ós rud é nach mbíonn an mháthair coimisiúnaithe ag iompar clainne, níl sí i dteideal saoire mháithreachais reachtúil a ghlacadh (cé gur féidir le fostóir é a cheadú, faoina lánrogha) nó Sochar Máithreachais a fháil má tá sí fostaithe. B’fhéidir go mbeidh sí (agus a páirtnéir) in ann saoire thuismitheoireachta a ghlacadh.

Caomhnóireacht agus coimeáddlíthiúil a fháil ar do leanbh

Más é an t-athair coimisiúnaithe athair géiniteach nó bitheolaíoch an linbh, is féidir leis iarratas a dhéanamh ar chaomhnóireacht an linbh faoin Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964.

Níl ceart caol díreach ag a pháirtnéir, áfach, an t-iarratas sin a dhéanamh (fiú más í máthair bhitheolaíoch an linbh). Ina ionad sin, má tá an lánúin pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta, caithfidh an páirtnéir fanacht ar feadh 2 bhliain sula lorgóidh siad cearta caomhnóireachta nó coimeádta. Léireoidh an 2 bhliain seo don chúirt go raibh freagracht laethúil ar an tuismitheoir as cúram an linbh.

Má tá an lánúin ag comhchónaí (ag cónaí le chéile ach gan a bheith pósta ná i bpáirtnéireacht shibhialta), caithfidh an páirtnéir fanacht ar feadh 3 bliana sula ndéanfaidh siad iarratas ar chaomhnóireacht nó coimeád.

Ní imríonn seo aon tionchar ar stádas na máthar ionaid mar mháthair agus caomhnóir dlíthiúil an linbh.

Uchtáil

De rogha air sin, d’fhéadfadh na tuismitheoirí coimisiúnaithe a lorg chun an leanbh a uchtáil chun go mbeidh caidreamh dlíthiúil acu leis/léi.

Má tá an leanbh á uchtú, ní mór seo a dhéanamh trí Údarás Uchtála na hÉireann. Sa chás seo, ní féidir a chinntiú go leagfar leanbh máthair ionaid faoi chúram na dtuismitheoirí coimisiúnaithe.

Ní cheadaítear uchtáil phríobháideach. Ní féidir tuismitheoir dlíthiúil linbh (an mháthair ionaid) a íoc as an leanbh a thabhairt suas le huchtáil.

Socruithe máthairionadaíochta tharlear

Roghnaíonn roinnt lánúineacha dul thar lear chun máthair ionaid a úsáid. Má iontrálann tú i socrú máthairionadaíochta thar lear, beidh ort ullmhú do shaincheisteanna ar nós saoránachta agus cáipéisí taistil don leanbh.

Teastaíonn tástáil DNA, de ghnáth, lena chruthú go bhfuil tuismíocht ghéiniteach riachtanach sular féidir an leanbh a thabhairt go hÉirinn ag duine eile seachas an mháthair ionaid. Is féidir leat comhairle ar shaincheisteanna saoránachta, tuismíochta, caomhnóireachta agus cáipéisí taistil a léamh maidir le leanaí a rugadh mar thoradh ar mháthairionadaíocht thar lear. Ba cheart duit labhairt freisin le haturnae a bhfuil saineolas aige/aici ar shocruithe máthairionadaíochta - féach ‘Comhairle dlí a fháil’ thíos.

Forbairtí dlíthiúla maidir le máthairionadaíocht

Moladh le fada an lá gur cheart glacadh leis gur leis an lánúin choimisiúnaithe leanbh a shaolaítear trí mháthairionadaíocht, seachas leis an máthair ionaid. Leagadh seo amach i dTuarascáil an Choimisiúin um Atáirgeadh Daonna Cuidithe (2005) (pdf). Rinne an Coimisiún an moladh freisin gur cheart comhlacht rialála a bhunú maidir le hatáirgeadh daonna cuidithe, máthairionadaíocht san áireamh.

Foilsíodh an Bille um Atáirgeadh Daonna Cuidithe i dtosach in 2017 agus cuimsítear ann tograí le go leor gnéithe d’atáirgeadh daonna cuidithe agus máthairionadaíocht intíre a rialáil.

Thug Comhchoiste Sláinte an Oireachtais faoi ghrinnscrúdú réamhreachtach ar Scéim Ghinearálta an Bhille um Atáirgeadh Daonna Cuidithe agus, in 2019, d’eisigh sé a thuarascáil le moltaí chun an reachtaíocht a fheabhsú (pdf).

Foilsíodh Athbhreithniú ar Chearta agus Sárleasanna Leanaí i gComhthéacs Atáirgeadh Daonna Deontóirchuidithe agus Máthairionadaíochta i nDlí na hÉireann in Aibreán 2021. Rinneadh go leor moltaí san athbhreithniú, gur cheart reachtaíocht chuimsitheach a rialaíonn máthairionadaíocht a achtú in Éirinn a luaithe agus is féidir san áireamh.

Foilsíodh an Bille Sláinte (Atáirgeadh Daonna Cuidithe), 2022 an 10 Márta 2022. Tá an Bille curtha faoi bhráid na Dála.

Is iad príomhchuspóirí an Bhille:

  • Creat rialála ar leith a chur i bhfeidhm chun cóireáil atáirgthe dhaonna chuidithe (AHR) agus taighde gaolmhar a sholáthar.
  • A cheadú an tÚdarás Rialála um Atáirgeadh Daonna Cuidithe (an AHRRA) a bhunú
  • Critéir a leagan amach chun cóireálacha AHR a sholáthar, atáirgeadh daonna cuidithe iarbháis agus diagnóis ghéiniteach ionchlannaithe san áireamh
  • Na cúinsí a leagan amach faoinar féidir máthairionadaíocht a cheadú in Éirinn, go maireann an comhaontú máthairionadaíochta le linn toirchis amháin (is é sin, nach n-úsáidtear ubh an mháthairionadaí)
  • A chinntiú go mbeidh nasc géiniteach ar a laghad amháin ag aon leanbh a rugadh le tuismitheoir beartaithe amháin

Faoin mBille, caithfidh aon chomhaontú máthairionadaíochta a bheith ina chomhaontú neamhthráchtála (altrúíoch) agus a bheith faofa ag an AHRRA roimh ré.

Maidir le máthairionadaíocht idirnáisiúnta, iarradh ar Chomhchoiste um Máthairionadaíocht Idirnáisiúnta breithniú a dhéanamh ar agus moltaí a dhéanamh ar bhearta chun dul i ngleic le saincheisteanna a eascraíonn as máthairionadaíocht idirnáisiúnta, agus aird ar leith ar chearta, ábhair spéise agus leas leanaí a bheirtear trí mháthairionadaíocht (leanaí a mbéarfar orthu amach anseo, agus leanaí atá ann faoi láthair), máthairionadaithe agus tuismitheoirí beartaithe. Foilsíodh Tuarascáil Deiridh an Chomhchoiste um Máthairionadaíocht Idirnáisiúnta (pdf) in Iúil 2022.

D’fhógair an Rialtas an 13 Nollaig gur fhaomh sé tograí beartais agus reachtaíochta maidir le máthairionadaíocht idirnáisiúnta agus iarshocruithe áirithe máthairionadaíochta a aithint. Beidh faomhadh breise le déanamh ag an Rialtas ar na forálacha reachtaíochta nua nuair a dhréachtófar iad agus beidh siad le hiontráil ansin isteach sa Bhille um Atáirgeadh Daonna Cuidithe, 2022 ag Céim an Choiste.

Comhairle dlí a fháil

Eolas breise faoimháthairionadaíocht in Éirinn

Is féidir leat teacht ar thacaíocht agus ar eolas freisin faoi chóireálacha torthúlachta ar láithreán gréasáin an Ghrúpa Náisiúnta Tacaíochta agus Faisnéise faoi Neamhthorthúlacht (NISIG). Nó is féidir leat eolas breise a léamh ar ár leathanach ar chóireálacha torthúlachta agus atáirgeadh daonna cuidithe in Éirinn.

B’fhéidir gur mian leat teagmháil a dhéanamh freisin le Irish Families Through Surrogacy (IFTS) ar Facebook. Is féidir leat IFTS a leanúint ar Twitter agus ar Instagram freisin.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 Iúil 2023