Anseo atá tú: Baile > Teaghlach agus Caidrimh > Uchtú agus altramas > Uchtú Idir Thíortha

Print Page Send to a Friend

Uchtú Idir Thíortha

Eolas

In Éirinn le blianta beaga anuas tá méadú tagtha ar líon na bpáistí a bhíonn uchtaithe as tíortha thar lear. Ní mór do dhaoine atá ina gcónaí in Éirinn agus ar mian leo páiste a uchtú as tír thar lear, a chinntiú sula dtéann siad thar lear, go bhfuil measúnú déanta ar a n-inroghnaíocht agus ar a n-oiriúnacht, chun go mbeadh an t-ordú uchtaithe aitheanta faoi dhlí na hÉireann.

An Próiseas Measúnaithe

Má tá tú ag uchtú páiste as tír eile, caithfidh Bord Sláinte nó Cumann Uchtaithe Cláraithe, tuairisc mheasúnaithe a chur le chéile fút. Cuirtear an tuairisc seo chuig an mBord Uchtaithe. Is coiste reachtúil, neamhspleach é atá freagrach as dearbhú maidir le oiriúnacht agus inroghnaíocht duine atá ag uchtú as tír thar lear. Tá sé seo tábhachtach ós rud é go gcaithfidh tú na cáipéis a thaispeáint do na húdaráis uchtaithe thar lear mar chruthú go bhfuil cead faighte agat uchtú thar lear. Maireann an Dearbhú ar feadh dhá mhí déag.

Ag roghnú Tír Bhunaidh

Sula roghnaíonn tú tír chun uchtú aisti beidh an t-eolas seo uait:

  • An bhfuil dlíthe uchtaithe na tíre sin aitheanta faoi dhlí na hÉireann.
  • An féidir an t-uchtú a chlárú ar fhilleadh abhaile duit.

Tá réamhriachtanas búnusach le comhlíonadh sula dtugtar aitheantas faoi dhlí na hÉireann do uchtú idir-thíortha, sé sin go dtagann an t-uchtú iasachta go hiomlán leis an sainmhíniú ar uchtú iasachta atá leagtha síos i nDlí na hÉireann (An tAcht Uchtaithe, 1991 leasaithe ag an Acht Uchtaithe, 1998). Tá an fhreagracht ar an mBord Uchtaithe an cinneadh a dhéanamh maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an dlí faoin ar déanadh an t-uchtú iasachta ag teacht le riachtanais dlí na hÉireann agus an bhfuil an t-ordú uchtaithe inghlachta sa tír seo.

Tá sé an-tábhachtach a fháil amach roimh ré ón mBord Uchtála, an réitíonn dlíthe uchtála na tíre atá i gceist le dlí uchtála na hÉireann. Ar an mbealach seo d'fhéadfá b'fhéidir próiseas fadálach agus costasach, nach mbeadh aitheanta faoi dhlí na hÉireann ar deireadh, a sheachaint.

Tá liosta iomlán de thíortha aitheanta ar fáil ó an Bhoird Uchtála. Má tá aon cheist agat maidir le tír faoi leith nach bhfuil luaite ansin is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an mBord go díreach ag an uimhir (01 2309 300) le tuilleadh eolais a fháil. Cuireann iarrthóirí a roghnaíonn páiste a uchtáil i gceann de na tíortha seo a n-iarratais chuig an Údarás Lárnach cuí uchtála tríd an mBord Uchtála. Cuirtear iarratais ar aghaidh le huchtáil a dhéanamh ó na tíortha seo tríd an mBord Uchtála agus níl aon tríú pháirtí páirteach sa phróiséas uchtála. .

Litir Mholta a Sholáthar

Nuair atá tír bhunaidh roghnaithe agat, ní mór duit coinne a lorg leis an ngníomhaireacht nó leis an bhfondúireacht sa tír bhunaidh. Is féidir é seo a dhéanamh tríd an mBord Uchtaithe i gcás na dtíortha atá luaite thuas nó is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an tír bhunaidh. Caithfidh tú a chinntiú go bhfuil dea-cháil ar an ngníomhaireacht uchtaithe agus go bhfuil aon táillí a bhíonn le n-íoc follasach agus gur féidir cuntas a thabhairt orthu.

Ba cheart duit ar aon chaoi, an t-eolas seo a leanas a iarraidh:

  • Eolas faoin bpáiste - tá sé seo tábhachtach ós rud é go bhféadfadh tionchar a bheith aige ar do chinneadh maidir le do chumas an páiste seo a thógáil.
  • Eolas faoi chúrsaí sláinte - san áireamh tá na riachtanais sláinte a d'fhéadfadh a bheith ag an bpáiste. Molann cuid mhaith grúpaí tuismitheoirí gur cheart duit an t-eolas leighis chuí a fháil agus ansin é a fháil aistrithe go neamhspleách. B'fhéidir go mba ghá duit freisin, féachaint cén cineál tástála/díonadh a bheadh ón bpáiste agus a fháil amach an mbeadh vacsaíniú riachtanach duit féin nó do na baill eile de do theaghlach. Beidh réamh-eolas maidir le aon fhadhbanna a d'fhéadfadh a theacht chun cinn, ina bhuntáiste mór don pháiste mar go mbeidh aon idirghabháil atá riachtanach dó/dí, déanta, chomh luath agus is féidir.
  • Má tá tréimhse caite ag do pháiste in institiúid, b'fhéidir go mbeadh imní ort maidir le fadhbanna "iar-institiúideachais". Cabhróidh an grúpa Tuismitheoirí Páistí Uchtaithe ón Rómáin agus Gréasán na dTuismitheoirí do Pháistí Iar-Institiúideacha leat.

Má tá tú ag smaoineamh ar uchtú idir-thíortha, tá sé tábhachtach labhairt le tuismitheoirí eile atá ina n-uchtaitheoirí. Beidh taithí dhíreach acu ar an bpróiseas agus beidh siad in ann comhairle agus tacaíocht a thabhairt duit. Tá roinnt grúpaí tacaíochta tuismitheoirí ag feidhmiú in Éirinn anois agus is féidir sonraí a fháil sa Leabhrán Uchtaithe a fhoilsíonn Cumann Tuismitheoirí Páistí Uchtaithe na hÉireann, gur féidir a cheannach in aon siopa leabhar nó díreach ón gcumann.

Imréiteach Inimirce

Ionas gur féidir leis an bpáiste teacht isteach sa stát caithfear imréiteach inimirce a fháil ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Ní thabharfar an t-imréiteach go dtí go mbíonn an measúnú críochnaithe go sásúil orthu siúd atá ag iarraidh uchtú as tír thar lear, agus go dtí go mbíonn dearbhú fábhrach tugtha ag an mBord Uchtaithe ina leith.

Chun iarratas a dhéanamh ar Litir Imréitigh Inimirce caithfidh tú scríobh chuig:

Seirbhísí Inimirce

Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann

13-14 Cé an Bhúrcaigh, Baile Átha Cliath 2

Teil: (01) 616 7700, Lóghlao 1890 551 500 idir 10.00rn agus 12.30in Luan go hAoine

Ríomh-phost: INISfadopt@justice.ie

Ní mór iad seo a leanas a sheoladh chucu.

  • Do Dhearbhú Oiriúnachta agus Inroghnaíochta
  • Dhá ghrianghraf mar a bheadh uait le haghaidh Pas
  • Litir ag rá cén tír a mbeidh tú ag uchtú páiste aisti.

Cuirfear iad seo ar ais chugat leis an Litir Imréitigh Inimirce, nuair a cheadaítear í. Ní mór duit an t-imréiteach a thaispeáint don Oifigeach Inimirce ar fhilleadh go hÉirinn duit.

Tá tuilleadh eolais anseo.

Ag bailiú an pháiste agus ag Teach Abhaile

Tá an-éagsúlacht idir na dlíthe uchtaithe thar lear. Cabhróidh an ghníomhaireacht uchtaithe sa tír atá roghnaithe agat, leat dul tríd an bpróiseas.

Nuair a théann tú chuig an tír leis an bpáiste a bhailiú beidh tú ag fanacht ar feadh roinnt laethanta, nó níos faide, b'fhéidir. Bain amach dea-úsáid as an am seo:

  • Bailigh eolas faoi shaol an pháiste go dtí seo: timpeallacht/gnáthchúrsaí a lae, spraoi, caidhreamh le daoine eile. Cabhróidh an t-eolas leat teacht i dtír ar aistriú an pháiste go dtí baile nua.
  • Bailigh le chéile na cáipéis, griangrafanna agus rudaí eile a d'fhéadfá a chur i "leabhar scéalta" de shaol an pháiste.
  • Tabhairt neart deiseanna don pháiste tú a fheiceáil ina t(h)impeallacht "sábháilte", rud a d'fhéadfadh a bheith ina chuidiú agus an páiste á thabhairt isteach i dteaghlach nua.

Conas Iarratas a dhéanamh

Téigh i dteagmháil leis an mBord Uchtaithe nó le gníomhaireacht uchtaithe sa tír atá roghnaithe agat.

Teagmhálacha

An Bord Uchtaithe

Teach Shelbourne
Bóthar Shelbourne
Droichead na Dothra
Baile Átha Cliath 4
Éire

Teil:(01) 230 9300
Láithreán Gréasáin: http://www.aai.gov.ie
R-phost: info@aai.gov.ie

Tá tuilleadh comhairle ar fáil ó:

Cumann Tuismitheoirí Páistí Uchtaithe na hÉireann

Helen Gilmartin
f/ch Oifig an Phoist
Gleann Dá Loch
Chill Mhantáin
Ireland

Teil:+353 (0)404 45184
Facs:+353 (0)404 45700
R-phost: apai@tinet.ie

Cumann Idirnáisiúnta Uchtála

Bosca Phoist 5522
17 Rathfarnham Road
Terenure
Dublin
Ireland

Teil:(01) 499 2206
Facs:(01) 490 3238
Láithreán Gréasáin: http://www.iaaireland.org
R-phost: info@iaaireland.org

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 October 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Uchtú
    Cur síos ar an gcóras altamais in Éirinn. San áireamh tá an córas a bhaineann le páiste ag thógáil ar altramas sa tír seo agus ón iasacht.
  • Saoránacht d'Éirinn ó bhreith nó ó ghinealach
    Ní hé an gnáthchúrsa é gur saoránach Éireannach tú má saolaíodh in oileán na hÉireann tú. D'fhéadfá a bheith i dteideal saoránacht Éireannach dá mb'Éireannaigh iad do thuismitheoir(í) nó do sheantuismitheoirí ach d'fhéadfá an bhreith a chlárú. Faigh amach tuilleadh.
  • An AE agus an dlí teaghlaigh
    Is é ról an AE sa dlí teaghlaigh go príomha ná a chinntiú gur féidir cinntí a dhéantar i dtír amháin a chur i bhfeidhm i dtír eile. Tá ról freisin ag an AE ó thaobh cinneadh a dhéanamh cén tír ag a bhfuil dlínse chun éisteacht le cás ar leith.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.