Eolas
Ciallaíonn altramú in Éirinn cúram a thabhairt do leanbh dhuine eile i do theach féin. Is minic a tharlaíonn sé nach féidir le leanbh cónaí lena t(h)eaghlach go gearrthéarmach nó go fadtéarmach. D'fhéadfadh sé seo tarlú toisc breoiteacht sa teaghlach, bás tuismitheora, faillí, mí-úsáid nó foréigean sa bhaile. Tarlaíonn sé uaireanta gur cúiseanna eacnamaíochta cosúil le dífhostaíocht a bhíonn i gceist. Go hidéalach, déanfar leanbh atá faoi chúram altrama a chur ar ais lena t(h)eaghlach féin chomh luath agus is féidir. Tá cúram altrama in Éirinn rialaithe ag
an tAcht um Chúram Leanaí agus na
Rialacháin um Chúram Leanaí (Socrúchán Leanaí i gCúram Altrama) 1995. Ina theannta sin, tá ról lárnach ag na
Caighdeáin Náisiúnta le haghaidh Cúraim Altrama, 2003 (pdf) le cinntiú go bhfuil dóthain tacaíochta ag socrúcháin cúraim altrama agus go bhfaigheann leanaí atá faoi chúram altrama an cúram is fearr atá ar fáil. Tá 4,500 leanbh faoi chúram altrama in Éirinn i láthair na huaire.
Déanann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) in Éirinn teaghlaigh altrama a mheasúnú, a earcú agus a oiliúint de réir riachtanais an limistéir. Socraíonn FSS leanaí le teaghlaigh altrama chomh maith, atá earcaithe agus oilte ag gníomhaireachtaí neamhreachtúla. Tá FSS freagrach as gach leanbh atá faoi chúram, ach d'fhéadfadh an ghníomhaireacht neamhreachtúil tacaíocht a thabhairt don teaghlach altrama. Tá oibrí sóisialta ag gach leanbh altrama a dhéanann monatóireacht ar fhás agus forbairt an linbh, agus a chinntíonn go bhfuil an leas is fearr don leanbh i gcónaí chun tosaigh. Tá oibrí sóisialta ag gach teaghlach altrama, duine b'fhéidir a chuidigh chun an teaghlach a mheasúnú mar theaghlach oiriúnach do leanaí altrama, agus a thacóidh leis an teaghlach tríd an téarma altrama go léir. Cuid thábhachtach de ról an oibrí sóisialta ná an gaol a fhorbairt idir an leanbh altrama agus an teaghlach altrama, agus idir an leanbh altrama agus a t(h)eaghlach féin. Tá sé tábhachtach a rá go bhfuil altramú leanaí difriúil ó uchtú toisc go bhfanann leanbh altrama mar chuid bhuan dá t(h)eaghlach féin i gcónaí.
Faoi Alt 4 den
Acht um Chúram Leanaí (Leasú) 2007, a tháinig i bhfeidhm in Iúil 2007, is féidir leis na tuismitheoirí nó gaolta altrama iarratas a dhéanamh chun na cúirte maidir le hordú, chomh fada agus go raibh siad ag tabhairt cúraim do leanbh go leanúnach ar feadh cúig bliana ar a laghad. Tá toiliú FSS de dhíth agus d'fhéadfadh toiliú na dtuismitheoirí nó na gcaomhnóirí a bheith de dhíth chomh maith.
D'fhéadfadh an t-ordú, atá faoi réir ag coinníollacha, na cearta céanna a thabhairt do thuismitheoirí nó gaolta altrama is a bheadh ag tuismitheoirí chun cinntí a dhéanamh faoina leanaí. Beidh siad ábalta go háirithe toiliú a thabhairt do scrúduithe leighis agus síciatracha, do chóireáil agus measúnuithe agus na foirmeacha a shíniú chun pas a eisiúint.
Is féidir leanaí a shocrú i gcúram altrama ar dhá bhealach:
•
Go Saorálach: Tarlaíonn sé seo nuair a lorgaíonn tuismitheoir nó teaghlach cabhair ó Limistéar FSS agus/nó
•
Ordú Cúirte: Tarlaíonn sé seo nuair a chinneann breitheamh go bhfuil sé chun leasa an linbh a bheith socraithe faoi chúram FSS.
Nuair atá leanbh faoi chúram altrama, déanann FSS freagracht don leanbh a shannadh ar oibrí sóisialta. Bunaithe ar riachtanais agus cúinsí an linbh, déanfaidh FSS cinneadh faoin gcineál altramaithe is oiriúnaí don leanbh. Tá trí chineál altramaithe ann:
Cúram altrama lae
Baineann sé seo le tuismitheoirí/cúramóirí altrama atá oilte go speisialta le cúram altrama a sholáthar do leanbh go laethúil. Tarlaíonn cúram altrama lae i mbaile an tuismitheora altrama agus filleann an leanbh ar a b(h)aile féin gach oíche. Tugann an cineál cúraim seo deis do theaghlach an linbh féin déileáil le deacrachtaí go laethúil mar a thagann siad aníos. Is í sprioc an chúraim altrama lae ná gur féidir leis an leanbh filleadh abhaile ar bhonn lánaimseartha.
Cúram altrama gearrthéarmach
Baineann sé seo le leanbh a bheith faoi chúram teaghlaigh altrama go gearrthéarmach (ó 1 sheachtain go roinnt míonna). Is í an aidhm ná go bhfillfidh an leanbh ar a t(h)eaghlach lánaimseartha faoi dheireadh na gearrthréimhse. Mar sin féin, tarlóidh sé uaireanta go bhfanfaidh an leanbh faoi chúram altrama ar feadh tréimhse níos faide.
Cúram altrama fadtéarmach
Baineann sé seo le leanbh a bheith faoi chúram teaghlaigh altrama ar feadh roinnt blianta agus d'fhéadfadh an tréimhse leanúint go dtí go mbeidh aosacht sroichte ag an leanbh.
Cúram altrama le gaolta
Tarlaíonn cúram altrama le gaolta nuair a bhíonn ball eile den teaghlach mar thuismitheoir altrama ag an leanbh. D'fhéadfadh seantuismitheoir, aintín, uncail, deirfiúr/deartháir fásta, srl. a bheith i gceist mar shampla.
Sa chás seo, déanann FSS gaol an linbh a mheasúnú ar an mbealach céanna le tuismitheoirí altrama eile.
Ní thógtar leanaí in Éirinn faoi chúram altrama ar an gcéad dul síos, mura measann FSS go bhfuil an leanbh i mbaol. Sa chinneadh maidir le gaol a bheith mar thuismitheoir altrama ag an leanbh, déanfaidh FSS cinneadh faoi cad is fearr don leanbh. Tógfaidh an measúnú riachtanais an linbh san áireamh, chomh maith le cumais, oiriúnacht srl. an ghaoil le bheith mar thuismitheoir altrama.
Teaghlach an linbh
Nuair a chuirtear leanbh faoi chúram altrama go laethúil, gearrthéarmach nó fadtéarmach, tá sé fíor-thábhachtach na naisc lena t(h)eaghlach féin a choinneáil. Tá tuismitheoirí an linbh féin rannpháirteach chomh fada agus is féidir agus coinnítear ar an eolas iad i gcónaí maidir le leas an linbh. Feicfidh an leanbh a t(h)eaghlach an oiread agus is féidir, agus cé go bhféadfadh sé/sí cónaí (do thréimhse fadtéarmach fiú amháin) le teaghlach eile, coinneoidh an leanbh a c(h)éannacht agus a (h)ainm féin.
Cén sórt duine atá in ann a bheith mar chúrámóir altrama?
Is féidir le duine nó teaghlach ar bith iarratas a dhéanamh chuig FSS le bheith measúnaithe mar thuismitheoir altrama nó teaghlach altrama. Ní chaithfidh tú a bheith pósta in Éirinn le bheith mar thuismitheoir altrama. D'fhéadfadh gur duine singil,
lánúin neamhphósta nó
lánúin chomhghnéis a bheadh i gceist. Caithfidh tú a bheith ábalta cóiríocht leormhaith agus oiriúnach a sholáthar don leanbh altrama. Déanann FSS oibrí sóisialta a shannadh leis an measúnú oiriúnachta a chomhlíonadh. Bíonn cruinnithe le gach duine den teaghlach (an/na tuismitheoir(í) altrama go háirithe) thar roinnt míonna i gceist sna measúnuithe seo. Beidh teastais, imréiteach an Gharda Síochána agus scrúduithe dochtúra de dhíth mar chuid den phróiseas chomh maith. Déantar gach iarracht a chinntiú go bhfuil na daoine sin a roghnaítear mar chúramóirí agus teaghlaigh altrama oiriúnach.