Is é an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh (BFS) an comhlacht reachtúil atá freagrach as tacú le soláthar faisnéise, comhairle agus abhcóideachta faoi réimse leathan seirbhísí poiblí agus sóisialta. Cuireann sé an láithreán gréasáin um Fhaisnéis do Shaoránaigh www.citizensinformation.ie ar fáil agus tacaíonn sé le líonra deonach na nIonad Faisnéise do Shaoránaigh agus leis an tSeirbhís Teileafóin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000. Cuireann sé maoiniú agus tacaíocht ar fáil freisin don tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (MABS) 0761 07 2000.
Cuireann citizensinformation.ie faisnéis chuimsitheach ar fáil ar gach gné de na seirbhíisí poiblí agus de theidlíochtaí do shaoránaigh in Éirinn. Bailimid faisnéis ó roinnt ranna agus gníomhaireachtaí rialtais éagsúla agus cinntímid go bhfuil an fhaisnéis go léir agat atá de dhíth agus go bhfuil sí curtha i láthair ar bhealach sothuigthe.
Dearadh an suíomh d'aon turas thart ar riachtanais úsáideoirí le haghaidh na dtréimhsí sin sa saol nuair a bhíonn faisnéis de dhíth ort faoi do chearta agus faoin mbealach iarratas a chur isteach do sheirbhísí Stáit in Éirinn.
Forbraíodh citizensinformation.ie ag Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh (Comhairle mar a bhí roimhe seo) chun áit an tsuímh ghréasáin Oasis a ghlacadh agus tá sé á chothabháil ag an mBord chomh maith. Is tionscnamh de chuid ríomhsheirbhísí Rialtas na hÉireann é suíomh gréasáin citizensinformation.ie, agus cuireadh ar bun é faoi chéad phlean gnímh an Rialtais don tSochaí Faisnéise. Soláthraíonn an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh chomh maith suíomh gréasáin do dhaoine atá dífhostaithe nó atá os comhair cás dífhostaíochta. Tugtar losingyourjob.ie ar an suíomh seo. Rinneamar suíomh maidir le riaráistí cíosa agus morgáiste a fhorbairt i gcomhar leis an tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (SBCA) freisin. Tugtar keepingyourhome.ie ar an suíomh seo.
Tá Faisnéis do Shaoránaigh ar fáil chomh maith
Tá Seirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh agus Lárionaid Faisnéise do Shaoránaigh á maoiniú agus á dtacú ag Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh. Cuireann siad faisnéis atá saor in aisce, tostaobhach, neamhspleách agus neamhchlaonta ar fáil do chách.
Cuireann Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh roinnt foilseachán amach faoi do chearta agus do theidlíochtaí chomh maith.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Faisnéis do Shaoránaigh tríd an bpost/ar an dteileafón ag:
An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh
Bunurlár
Teach Cé Sheoirse
43 Sráid Chnoc na Lobhar
Baile Átha Cliath 2
Teileafón: +353 761 07 9000
Facs: +353 1 605 9099
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.