Eolas
Ní mór, de réir an dlí, cáin bhóthair a íoc más mian leat do charr a thiomáint in áit phoiblí. Ní mór freisin, de réir an dlí, diosca cáin bailí a bheith ar ghaothscáth an chairr. Roimh do charr a thiomáin in áit phoiblí ní mór cáin agus árachas a bheith air. Baintear úsáid as an airgead a bhailítear ar cháin bhóthair leis na bóithre sa tír a chothú agus a athghrádú.
Braitheann méid na mótarchánach atá le híoc agat ar chomh mór is atá innill d'fheithicle - is é sin le rá dá chumhachtaí í d’fheithicil is amhlaidh is mó an mhótarcháin a bheidh uirthi. I gcás carranna nua a chlárófar ó 1 Iúil 2008 ar aghaidh, is ar bhunús seacht mbanda CO2 a shocrófar na táillí mótarchánach.
Leanfar ar aghaidh ag gearradh cánach bunaithe ar méid an innill ar charranna a cláraíodh roimh 1 Eanáir 2008. Ar an gcéad dul síos is ar bhunús méid an innill a dhéanfar mótarcháin a ghearradh ar charranna nua a chlárófar idir 1 Eanáir 2008 agus 30 Meitheamh 2008. Más rud é go bhfuil sé níos tairbhí d’úinéirí na gcarranna sin aistriú chuig córas mótarchánach bunaithe ar astuithe CO2, déanfar é seo nuair a dhéanfar an mótarcháin a athnuachan don chéad uair i ndiaidh 1 Iúil 2008. I gcás na gcarranna sin a chlárófar le linn na chéad 6 mhí de 2008 agus a mbeadh cáin níos mó le gearradh orthu faoin gcóras bunaithe ar astuithe CO2 leanfar ar aghaidh ag gearradh cánach orthu bunaithe ar mhéid an innill. Ní bhainfidh an córas nua bunaithe ar astuithe CO2 le carranna iompórtáilte réchaite a cláraíodh thar lear roimh 2008.
Ní hamháin go n-éilíonn an dlí go n-íocfá mótarcháin más mian leat d’fheithicil a thiomáint, ach ní mór duit cruthúnas a thaispeáint ar ghaothscáth d'fheithicle gur íoc tú é (.i. diosca cánach reatha a thaispeáint). Cion in aghaidh an dlí tiomána is ea é gan fianaise a thaispeáint gur íoc tú mótarcháin (.i. gan diosca cánach reatha a thaispeáint) agus gearrfaidh maor tráchta nó Garda fíneáil €60 ar an láthair ort dá bharr.
Ní gá do na feithiclí seo a leanas cáin bhóthair a íoc (ach ní mór duit diosca cánach reatha a thaispeáint):
- Feithiclí Stáit
- Feithiclí taidhleoireachta
- Feithiclí a bhfuil díolúine acu faoi Rialacha na dTiománaithe agus na bPaisinéirí le Míchumas (Faoisimh Chánacha),1994 (S.I. Uimhir 353 de 1994)
- Feithiclí (san áireamh aon rothar le ball breise ceangailte leis ar son é a thiomáint le cumhacht meicniúil) nach bhfuil ós cionn 400 Cileagram meachán (gan lasta) agus atá aistrithe ar mhaithe le daoine le míchumas.
- Feithiclí a mbaintear úsáid astu amháin ar son báid tharrthála a iompar nó a tharraingt nó ar son trealamh a theastaíonn le cúnamh a thabhairt beatha agus maoin a chothú i gcás longbháite nó guais farraige.
- Feithiclí a mbaintear úsáid astu amháin ar son innealra tógála bóithre a iompar nó a tharraingt nuair atá siad in úsáid ar son tógáil nó cothú bóithre amháin.
- Carranna dramhaíle, innill scuabtha nó innill uisce a mbaintear úsáid astu ar son sráideanna agus bóithre poiblí a ghlanadh amháin.
- Otharcharanna, rollóirí bóithre agus innill dóiteáin.
- Feithiclí an údaráis áitiúil a mbaintear úsáid amháin astu ar son na seirbhíse dóiteáin.
Athrú ar úinéireacht feithicle agus mótarcháin
Má dhíolann tú d’fheithicil nó má thugann tú í mar pháirtíocaíocht ar cheann nua, caithfidh tú an t-athrú úinéarachta a chlárú. Tá dhá bhealach ann chun é seo a dhéanamh agus braitheann sé ar dháta céadchláraithe na feithicle – roimh nó i ndiaidh an 1ú Eanáir 1993. Ar an ábhar sin níor chóir duit tiomáint go dtí go bhfaigheann tú deimhniú go bhfuil sí cláraithe i d’ainmse is go bhfuil an cháin íochta agat i d’Oifig Mótarchánach Áitiúil. Léigh tuilleadh faoi athrú ar úinéireacht feithicle anseo.
Athsholáthar dioscaí cánach a chailltear
Is féidir doiciméid athsholáthar a fháil má chailltear doiciméid a bhaineann le mótarcháin (agus athruithe ar úinéireacht feithicle). Seo liosta na ndoiciméad agus an costas athsholáthair:
| Doiciméad | Costas Athsholáthair |
|---|---|
| Diosca Cánach | 6 euro |
| Leabhar/Deimhniú Clárúcháin | 12 euro |
| Deimhniú Ceadúnaithe Feithicle | 12 euro |
Líon amach an fhoirm RF134 (pdf) agus iarr ar bhall den Gharda Síochána a (h)ainm a chur leis ag stáisiún na nGardaí más mian leat doiciméid athsholáthar a fháil. Seol an fhoirm maraon leis an táille cuí chuig d’Oifig Mótarchánach áitiúil.
Aisíocaíochtaí Mótarchánach
I gcúinsí áirithe, is féidir aisíocaíocht de mhótarcháin a éileamh. Ba chóir d’iarratas i gcomhair aisíocaíochta a dhéanamh chuig d'oifig áitiúil mótarchánach, ar Fhoirm RF120. Áirítear leis na cúinsí faoinar féidir leat aisíocaíocht mótarchánach a éileamh:
- tá an fheithicil briste/scriosta nó curtha amach as an Stát ar bhonn seasmhach,
- goideadh an fheithicil agus ní bhfuair an t-úinéir ar ais í,
- níor tógadh amach an fheithicil ná níor úsáideadh in áit phoiblí í ón tráth ar eisíodh an diosca reatha,
- níl úinéir na feithicle ag úsáid na feithicle níos mó, de bharr tinnis, gortaithe nó míchumais fhisiciúil éigin eile,
- níl úinéir na feithicle ag úsáid na feithicle níos mó, mar gheall go mbíonn siad as an stát ar chúiseanna gnó nó oideachais,
- níl úinéir na feithicle ag úsáid na feithicle níos mó, de bharr go bhfuil siad thar lear i seirbhís Óglaigh na hÉireann.
Ní mór dioscaí cánach a thabhairt ar ais láithreach ós rud é gurb iondúil go n-airítear aisíocaíochtaí ón gcéad lá den mhí tar éis don diosca a bheith tugtha ar ais. Ní mór ar a laghad trí mhí iomlán den fhéilire nach bhfuil caite a bheith fágtha ar an diosca nuair a thugtar ar ais é.
Rialacha
Is cion tromchúiseach é gan mótarcháin a íoc i leith d'fheithicle agus/ nó gan diosca cánach reatha a chur ar taispeáint agus feadfar fíneáil a ghearradh ort agus /nó tú a ionchúiseamh mura ngéilleann tú don dlí.
Rátaí
Eisítear diosca mótarchánach le haghaidh tréimhse trí, sé nó dhá mhí dhéag agus is ar mhéid an innill nó ar na astuithe CO2 a áirítear an ráta.
Ní mór mótarcháin a íoc ar na cineálacha seo feithiclí: carranna agus gluaisrothair phríobháideacha, feithiclí earraí, tacsaithe, feithiclí móra seirbhíse poiblí (PSV's)/busanna pobail, feithiclí talmhaíochta agus feithiclí tógála tráchtála.
Is iad na rátaí mótarchánach:
Carranna phríobháideacha - áirítear an ráta ar na astuithe CO2
Carranna phríobháideacha - áirítear an ráta ar mhéid an innill
Féadfaidh tú leibhéil astuithe CO2 na ndéanamh éagsúla carranna a sheiceáil ar láithreán gréasáin tÚdarás Fuinneamh Inmharthana Éireann (SEAI).
Is feithicil 'seanré' chun críoch na mótarchánach í feithicil ar 30 bliain nó níos mó d’aois í. Nuair a bhítear ag breithniú an gcáilíonn an fheithicil don stádas 'seanré', ní mór aois na feithicle a bheith ar taispeáint go soiléir ar uimhir fonnaidh na feithicle agus sa leabhar clárúcháin fheithicle/ar an teastas clárúcháin fheithicle.
Maidir le ceannach feithiclí nua nó dara lámh, níl aon chostas chun sonraí Athrú Úinéireachta a chlárú ag Oifigí Mótarchánach nó ag an Aonad Clárúcháin Fheithiclí.
Conas iarratas a dhéanamh
Gearraim cáin ar carr nua
Más carr nua atá agat, teastaíonn foirm "Iarratas ar Cháin Mhótair don Chéad Uair" (RF 100). Tá an fhoirm seo ar fáil ón trádálaí mótair nó an duine ar cheannaigh tú an carr uaidh/uaithi. Nuair atá cáin mhótair dhá íoc don chéad uair agat ní mór na caipéis seo a leanas a thabhairt leat chuig an Oifig Mhótarchánach áitiúil:
- Foirm RF 100
- Táille chuí
Tabhair faoi ndeara, le do thoil, go bhfuil duillín meáchain (ó dhroichead údaraithe meáchain) riachtanach chun mótarcháin a íoc ar fheithicil earraí más mó ná 1524 kg meáchan na feithicle is í gan ualach (3,500 kg Ollmheáchan na Feithicle). Bíonn deimhniú ródacmhainneachta nó ráiteas go bhfuair an feithicil pas (ó thástálaí údaraithe) riachtanach i gcás feithicle os cionn bliain d’aois (feithicil a iompórtáladh mar shampla).
Bíonn foirm dhearbhaithe earraí RF111a (ó Oifig Mótarchánach) riachtanach má tá meáchan na feithicle gan ualach faoi bhun 1524 kg (3,500 kg Ollmheáchan na Feithicle) agus bíonn deimhniú ródacmhainneachta nó ráiteas go bhfuair an feithicil pas (ó thástálaí údaraithe) riachtanach má tá an fheithicil bliain d’aois nó níos mó (feithicil a iompórtáladh mar shampla).
Cáin mhótair a athnuachan
Tá dhá fhoirm ar fáil ar mhaithe le cáin mhótair a athnuachan - Foirm Athnuachán Cáin Mhótair Foirm RF 100A agus Foirm Athnuachán Cáin Mhótair Foirm RF 100B. Níl de dhifríocht idir an dá fhoirm ach gur foirm clóbhuailte ón ríomhaire í RF 100B a chuirtear amach sa phost chugat tuairim is mí roimh an dáta dul as feidhm den cháin reatha, agus tá Foirm RF 100A ar fáil ón Oifig Mhótarchánach áitiúil.
Ni thagann foirm sa phost chuig chuile dhuine agus mar sin tá sé suas agat féin a bheith cinnte cén uair a théann an cháin as feidhm. Ba cheart an dá fhoirm a sheoladh ar ais chuig an Oifig Mhótarchánach go pearsanta nó sa phost. Má théann tú isteach chuig an oifig thú féin tabharfar an diosca nua duit ar an bpointe. Más iarratas sa phost atá i gceist ní mór suas le 3 seachtainí a cheadú roimh an diosca nua a fháil ar ais.
Ní mór duit foirm athnuachana cánach RF100b a chomhlánú chun mótarcháin a athnuachan nuair nach bhfuil aon athrú ar shonraí na feithicle nó an úinéara (ainm/seoladh/méid an innill, mar shampla). Seolfaidh an tAonad Cláraithe Feithiclí foirm ríomhairithe chugat thart faoi choicís roimh an dáta athnuachana (féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas') no is féidir an fhoirm RF100a a fháil ó Oifigí Mótarchánach, ó Leabharlanna Poiblí agus ó stáisiúin Gardaí.
Íoc do Mhótarcháin ar líne
Ag www.motortax.ie, is féidir leat cáin a íoc ar fheithicil nua nó do mhótarcháin a athnuachan ar líne. Teastóidh Foirm FR100 (atá ar fáil ó do thrádálaí mótair) uait chun cáin a íoc ar fheithicil nua. Teastóidh Foirm RF100B (foirm mheabhrúcháin ríomhairithe) uait chun athnuachan a dhéanamh ar do mhótarcháin. Sa dá chás, teastóidh do shonraí árachais agus cárta dochair nó carta creidmheasa uait freisin chun an cháin a íoc. Ní féidir cáin a chur ach ar na feithiclí seo a leanas ar líne: Carranna príobháideacha, gluaisrothair, tarracóirí talmhaíochta, tochaltóirí, comhbhuainteoirí, marbhchóistí, feithiclí atá oiriúnaithe do dhaoine faoi mhíchumas, carbháin mótair (ní den chéad uair a íoctar cáin air) agus feithiclí seanré.
Ag cur isteach ar Aisíocaíochtaí Mótarchánach
Chun cur isteach ar aisíocaíocht mótarchánach, ní mór duit an fhoirm RF120 (pdf) a íoslódáil agus a chomhlánú. Ba chóir an diosca cánach reatha agus an Teastas Clárúcháin Fheithicle a bheith laistigh le d’fhoirm iarratais chomhlánaithe. Má tá tú ag lorg aisíocaíochta ar bhunús tinnis nó gortaithe, ba chóir duit teastas leighis ó do dhochtúir nó gairmeach leighis a chur isteach freisin. Má tá tú ag éileamh aisíocaíochta ar an mbunús go bhfuil tú as láthair ón Stát ar chúiseanna gnó nó oideachasúla, ní mór duit litir a bheith agat ó d’fhostóir nó institiúid oideachais mar chruthúnas air seo. Ní mór d’fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh ar ais chuig d’oifig Mótarchánach a dhéanfaidh próiseáil ar d’iarratas.
Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas
Íoc do mhótarcháin ar líne anseo.
Mar mhalairt ar sin féadfaidh tú dul i dteagmháil le hOifig Mótarchánach d’Údaráis Áitiúil le breis eolais a fháil agus an mhótarcháin a íoc. Tá faisnéis teagmhála maidir le gach Údarás Áitiúil sa tír le fáil ag tosach d’eolaí teileafóin poiblí.
Is é Aonad Clárúcháin Feithiclí na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta, agus Rialtais Áitiúil a bhíonn ag plé le hathruithe maidir le húinéireacht feithiclí. Féadfaidh tú dul i dteagmháil leo mar seo a leanas:
An tAonad Clárúcháin Feithiclí
Téarmaí an Ábhair cáin mhótair
View this document
Online Services
Contact Us
If you have a question relating to this topic you can contact the Citizens Information Phone Service on lo-call 1890 777 121* or on +353 (0) 21 452 1600 (Monday to Friday, 9am to 9pm) or you can visit your local Citizens Information Centre. *Please note that the rates charged for the use of 1890 numbers may vary among different service providers.