You are here: Home > Rialtas in Éirinn > Rialtas Náisiúnta na hÉireann > Rialtas na hÉireann > Comhaontuithe Comhpháirtíochta Sóisialta

Comhaontuithe Comhpháirtíochta Sóisialta

Réamhrá

Próiseas is ea comhpháirtíocht shóisialta inar féidir comhaontú a bheith idir an Rialtas agus comhpháirtithe sóisialta maidir le ceisteanna polasaí shóisialta. Áirítear leis na comhpháirtithe sóisialta ná ceardchumainn, fostaithe, eagraíochtaí feirmeoireachta, eagraíochtaí comhshaoil, agus an pobal agus an earnáil dheonach. Tá liosta de chomhpháirtithe sóisialta ar fáil in ‘Tuilleadh ar an ábhar seo’.

Téann an Rialtas agus na compháirtithe sóisialta i mbun idirbheartaíochta ar cheisteanna polasaí shóisialta a mbíonn comhaontú ar chomhpháirtíocht shóisialta mar thoradh uirthi. Ba é an chéad chomhaontú ar chomhpháirtíocht shóisialta ná An Clár um Théarnamh Náisiúnta (pdf) i 1987 agus ó shin, bhí seacht gcomhaontú ann lena n-áirítear, Dul chun cinn a chothú (2003-2005) (pdf) agus An Clár um Rathúnas agus Cothroime (2000-2003) (pdf). Is í an chomhpháirtíocht shóisialta is úrnua ná I dTreo 2016: Comhaontú Comhpháirtíochta Sóisialta Deich mBliana 2006-2015 (pdf).

Clúdaíonn I dTreo 2016 raon leathan de réimsí polasaí. Is é sprioc an chomhaontaithe “sochaí agus geilleagar dinimiciúil, idirnáisiúnaithe agus rannpháirtíochta, bunaithe ar thiomantas do cheartas sóisialta agus forbairt eacnamaíoch atá inbhuanaithe i leith an chomhshaoil agus iomaíoch ar bhealach idirnáisiúnta.“ Pléann an comhaontú seo leis an ngeilleagar, leis an gcomhshaol, le bonneagar agus le polasaí sóisialta. Tugann sé treoir fosta ar íocaíocht, ar an ionad oibre agus ar chearta fostaíochta.

Chlúdaigh an chéad chéim den chomhaontú tréimhse 27 mí. Rinneadh athbhreithniú agus leasú ar an gcomhaontú in Towards 2016: Athbhreithniú agus Comhaontú Idirthréimhseach 2008 - 2009 (pdf). Clúdóidh an comhaontú idirthréimhseach seo 21 mí.

Creat Saolré

Baineann an chéad chéim den bhunchomhaontú I dTreo 2016 creat saolré chun dul i mbun dúshlán le haghaidh gach ceann de cheithre shaolré. Baineann siad le páistí, daoine in aois fostaíochta, daoine breacaosta agus daoine míchumasacha.

  • Maidir le páistí, is iad na príomhraonta ná: Forbairt agus cúram don Luath-Óige; ceisteanna a bhaineann le páistí agus a dteaghlaigh; tacaíocht ioncaim; oideachas agus sláinte a fheabhsú; áinéas, spóirt, na healaíona agus cultúr a chur chun cinn. I measc na gceangaltas tá: 50,000 áit nua le haghaidh cúraim leanaí; 550 múinteoir feabhais teanga do mhic léinn idirnáisiúnta; athbhreithniú ar theidlíochtaí saoire máithreachais/aithreachais; agus bunú Sheirbhís Ceartas Óige na hÉireann nua le haghaidh leasaithe i réimse cheartais óige. 
  • Maidir le daoine in aois fostaíochta, is iad na réimsí tosaíochta ná: fostaíocht; rochtain ar fhostaíocht agus ar ioncam; dualgais i leith cúraim; tithíocht; agus torthaí sláinte a fheabhsú. I measc na gcomhaontaithe tá: 2,000 áit sa bhreise ar an An Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas; íosráta leasa shóisialaigh arb ionann agus €150 i dtéarmaí 2002 é; agus 400 seirbhís i leith cúraim phríomhúil faoi 2009. 
  • Maidir le daoine breacaosta, tá an bhéim ar: tacaíochtaí pinsin agus ioncaim; seirbhísí fadtéarmacha cúraim; tithíocht agus cóiríocht; soghluaisteacht a chinntiú; seirbhísí sláinte d’ardchaighdeán a chinntiú; agus cur chun cinn deiseanna oideachais agus fostaíochta. I measc na gceangaltas tá: €150 milliún le haghaidh seirbhísí do dhaoine breacaosta, agus an chuid is mó de seo ag dul chuig tacaíochtaí cúraim phobail; cistiú méadaithe le haghaidh An Tionscnamh um Iompar Tuaithe; agus €2 mhilliún le mí-úsáid daoine breacaosta a chosc. 
  • Maidir le daoine faoi mhíchumas, tá an bhéim ar An Stráitéis Náisiúnta Míchumais (pdf). I measc na bpríomhréimsí tá: ioncam; seirbhísí sláinte agus oideachais; bearta le deiseanna fostaíochta a chur chun cinn; seirbhísí inrochtana tithíochta, iompar poiblí agus fáisnéis agus tacaíocht. Sa straitéis tá an tAcht um Míchumas, sé phlean earnála, An tAcht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Acu 2004, An tAcht um Fhaisnéis do Shaoránaigh 2007 (pdf), agus Clár Infheistíochta Ilbhliantúil ar fiú €900 milliún é do 2006-2009.

Agus cur chuige an tsaolré á chur i bhfeidhm, áirítear leis an gcomhaontú raon de mholtaí le tacú leis an earnáil phobail agus dheonach lena n-áirítear cistí méadaithe agus cur chun cinn gníomhaíochtaí airgeadais shóisialta agus dhaonchairdiúil.

Pleananna Nua i Leith Míchumais - an dóigh a rachaidh siad i bhfeidhm ortsa

Seoladh an Straitéis Náisiúnta Míchumais i Meán Fómhair 2004 agus tá sé mar aidhm aige saol na ndaoine míchumasacha in Éirinn a fheabhsú. Tá an tAcht um Míchumas agus na sé phlean earnála dá dtagraítear thuas mar chuid den Straitéis seo. Mar chuid de na pleananna tá sé de dhualgas ar chomhlachtaí poiblí daoine míchumasacha a éascú chun úsáid a bhaint as a gcuid seirbhísí. Déanann na pleananna foráil ar athruithe ar shláinte, oideachas, iompar, rochtain ar shráideanna agus ar fhoirgnimh, leas sóisialach, chumarsáid agus chraoltóireacht. Faigh amach conas a rachaidh na sé phlean earnála i bhfeidhm ortsa.

Pá agus Fostaíocht

Pléann I dTreo 2016 le coinníollacha fostaíochta lena n-áirítear: íosphás reachtúil; comhpháirtíocht san ionad oibre; foghlaim agus breisoiliúint; pinsin; comhdheiseanna; agus cothromaíocht oibre is saol. Déanann sé foráil do roinnt beart chun caighdeáin fostaíochta a chosaint. Bunú Oifig Stiúrthóra um Comhlíonadh le Cearta Fostaíochta agus foireann de 90 cigire saothair.

Rinne an chéad chéim den chomhaontú ar phá foráil le haghaidh méadú ar an íosphá i 2007 agus bhí comhaontú ann ar arduithe pá le haghaidh fostaithe na hearnála poiblí agus príobháidí. Bhí an méadú seo 10% agus tharla sé le linn ceithre chéim thar 27 mí. Déanann comhaontú idirthréimhseach le haghaidh 2008 - 2009 soláthar do na méaduithe pá seo a leanas:

  • Sosadh pá de 3 mhí ó dhul as feidhm na céime deireanaí den chéad mhodúl de réir I dTreo 2016 
  • Méadú de 3.5% don chéad 6 mhí eile den chomhaontú idirthréimhseach de réir mar a théann sé i bhfeidhm i ngach fostaíocht nó tionscal faoi leith 
  • Méadú de 2.5% don chéad 12 mhí eile den chomhaontú idirthréimhseach eile - ach amháin do na fostaithe sin atá ar bhunráta de €11 in aghaidh na huaire nó níos lú ar thosú ar an dara céime mar a mbeidh méadú de 3% i bhfeidhm.

Le haghaidh oibrithe na hearnála príobháidí, téann na méaduithe i bhfeidhm ó dháta dhul as feidhm na chéad céime de I dTreo 2016. Má mhaíonn an fostóir nach féidir leis íoc, nó má tá aighnis eile ann maidir le comhaontú comhpháirtíochta, ní mór dóibh sainphróiseas a leanúint.

Fuair oibrithe na seirbhíse poiblí méaduithe pá mar chuid den chomhaontú idirthréimhseach 2008 - 2009 agus is mar a leanas iad:

  • Sosadh pá de 11 mí ó dhul as feidhm na céime deireanaí den chéad mhodúl de réir I dTreo 2016 
  • Méadú de 3.5% ó 1 Meán Fómhair 2009 
  • Méadú de 2.5% ón 1 Meitheamh 2010 - seachas dóibh siúd atá ag tuilleamh suas le agus €430.49 san áireamh (€22,463 sa bhliain) ar thosú na dara céime nuair a bheidh méadú de 3% i bhfeidm.

Tá baint ag na méaduithe le nuachóiriú na seirbhíse poiblí, solúbthacht, caidreamh tionsclaíoch cobhsaí agus gan gníomhaíocht thionsclaíoch a ghlacadh maidir le ceist ar bith a chlúdaíonn an comhaontú idirthréimhseach.

Tuilleadh Eolais


Le haghaidh tuilleadh eolais ar chomhpháirtíocht shóisialta agus comhaontuithe ar chomhpháirtíocht shóisialta déan teagmháil le:

An tAonad um Comhpháirtíocht Shóisialta

Dept.:
Roinn an Taoisigh
Line 1:
Tithe an Rialtais
Line 2:
Sráid Mhuirfean Uachtarach
County:
Baile Átha Cliath 2
Country:
ÉIRE
Teil:
(01) 619 4322
Lóghlao:
1890 227 227
Fax:
(01) 619 4239
Láithreán Gréasáin:
http://www.taoiseach.gov.ie
R-phost:
socialpartnership@taoiseach.gov.ie


Last Updated: 11/03/2010
Subject Terms: forbairt eacnamaíochta agus sóisialta, beartais rialtais, pay

View this document

Contact Us

If you have a question relating to this topic you can contact the Citizens Information Phone Service on lo-call 1890 777 121 (Monday to Friday, 9am to 9pm)

 

 

Back To TopBack To Top
Disclaimer: This document contains general information which may not address your particular circumstances; you may need more detailed information and/or legal advice.