Eolas
Is é aidhm an Údaráis Náisiúnta um Chearta Fostaíochta ná féachaint chuige go gcomhlíontar an reachtaíocht cearta fostaíochta. Is iad na príomhghníomhaíochtaí atá aige ná faisnéis a chur ar fáil faoi chearta fostaíochta agus a chuid cigirí a chur i mbun monatóireachta ar choinníollacha fostaíochta. Lena chois sin is féidir leis comhlíonadh a fhorfheidhmiú agus sásamh a lorg.
Bunaíodh NERA ar bhonn eatramhach i mí Feabhra 2007 mar oifig de chuid na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta. Aistríodh an Fhoireann Chigireachta Saothair, an tAonad Faisnéise faoi Chearta Fostaíochta agus rannóga Forfheidhmithe agus Ionchúisimh na Roinne chuig NERA agus is iad Seirbhísí Cigireachta (féach thíos), Seirbhísí Faisnéise agus Seirbhísí Forfheidhmithe agus Ionchúisimh NERA faoi seach anois iad. Cuireann Seirbhís Faisnéise NERA faisnéis ar fáil le haghaidh fostaithe agus fostóirí faoi chearta agus teidlíochtaí daoine faoin reachtaíocht fostaíochta. Cinntíonn Seirbhísí Forfheidhmithe agus Ionchúisimh NERA go gcuirtear i bhfeidhm an reachtaíocht faoi chearta fostaíochta agus go gcomhlíontar í.
Is é atá á bheartú ag an m Bille Um Chomhlíonadh An Dlí Fostaíochta (pdf), atá ag dul ar aghaidh tríd an Oireachtas faoi láthair, ná:
- NERA a bhunú ar bhonn reachtúil
- Cumhachtaí cigireachta agus forfheidhmithe NERA a neartú
- Cur ar chumas cigirí NERA an reachtaíocht um cheadanna fhostaíochta a fhorfheidhmiú.
Seirbhísí Cigireachta NERA
Bunaíodh an Chigireacht Saothair ar dtús chun Orduithe Rialaithe Fostaíochta agus Comhaontuithe Cláraithe Fostaíochta a fhorfheidhmiú faoi na hAchtanna Caidrimh Tionscail 1946 – 2001. Tá an obair seo ina chuid mhór den obair fhorfheidhmithe atá ag seirbhísí cigireachta NERA agus comhlíonann siad an ról seo i gcomhar leis an g Cúirt Oibreachais.
Tháinig méadú faoi thrí ó 2007 ar líon cigirí NERA agus tá sé de chumhacht acu anois oibriú i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus leis na Coimisinéirí Ioncaim in Aonaid Comh-Imscrúdaithe agus faisnéis a mhalartú leo.
Rinne cigirí NERA feachtas cigireachta. Bhí ceann acu dírithe ar an earnáil thógála, lónadóireachta agus slandála agus bhain an péire eile leis an reachtaíocht maidir le pá íosta agus cosaint daoine óga atá fostaithe. Tá tuilleadh eolais sa Treoir d'Iniúchtaí (pdf).
Tá ról forfheidhmithe ag na Seirbhísí Cigireachta maidir le:
- Taifid a choinneáil faoi An tAcht um Eagrú Ama Oibre 1997
- Ráitis phá nó duillíní pá faoi An tAcht um Íoc Pá 1991
- Gearáin faoi phá agus faoi choinníollacha fostaíochta faoi An tAcht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996 agus
- An tAcht um Pá Íosta Náisiúnta 2000 (pdf)
Tá feidhm eile ag na Seirbhísí Cigireachta agus is é sin cigireacht a dhéanamh agus faisnéis a bhailiú le haghaidh daoine eile sa Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta i gcomhthéacs na nAchtanna seo a leanas:
- An tAcht um Ghníomhaireacht Fostaíochta 1971
- An tAcht um Chaomhnú Fostaíochta 1977-2007
- Na hAchtanna um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí) 1984 go 2003
- An tAcht um Shaoire Cúramóra, 2001
- An tAcht um Fhostaithe (Faisnéis agus Comhchomhairle a Sholáthar) 2006 (pdf)
agus, thar ceann na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí,
Rialacha
D'fhéadfadh cigirí dul isteach in áitribh ag am réasúnta, fostaithe agus fostóirí a chur faoi agallamh, ráitis a ghlacadh, cóipeanna taifead a scrúdú agus a thógáil agus tús a chur le himeachtaí dlí.
Déantar cigireacht chun gearán faoi leith a scrúdú nó d'fhéadfadh foireann cigirí imscrúdaithe randamacha nó sonraithe a dhéanamh in earnáil áirithe den bhfostaíocht.
Go ginearálta, tá trí chéim difriúla ag baint leis an gcigireacht :
- Má thagann sárú reachtaíochta fostaíochta chun solais nuair a scrúdaítear na taifid ar dtús, ordaítear don bhfostóir é sin a réiteach
- Cuirtear litir ansin ag lorg fianaise go bhfuil an fostóir ag cloí leis an ndlí mar a ordaíodh
- Mura bhfuil freagra ar bith nó má tá freagra míshásúil ar an litir, leanann dara cigireacht. Tiocfaidh an dara cigireacht in éineacht le rabhadh go gcuirfear aon sárú nua a aimsítear go dtí seirbhísí dlí na Roinne le hionchúiseamh a dhéanamh.
Glactar le heisceacht leis na nósanna imeachta thuas nuair a aimsítear sáruithe ar an Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) 1996. Atreoraítear iad sin le haghaidh ionchúisimh tar éis an chéad chigireachta.
Conas iarratas a dhéanamh
Más mian leat gearán a dhéanamh maidir leis an reachtaíocht fostaíochta a léirítear thuas, ba chóir duit dul i dteagmháil leis na seirbhísí chigireachta na hÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta le foirm ghearáin a fháil. Is féidir an fhoirm ghearáin a íoslódáil anseo. Féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an seirbhísí faisnéise na hÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta le haghaidh tuilleadh eolais.
Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas
An tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta
An tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta
Téarmaí an Ábhair cearta fostaíochta, pá agus coinníollacha fostaíochta
View this document
Contact Us
If you have a question relating to this topic you can contact the Citizens Information Phone Service on lo-call 1890 777 121 (Monday to Friday, 9am to 9pm)