Eolas
Feidhmíonn Seirbhís na gCoimisinéirí um Chearta mar chuid den Choimisiún um Chaidreamh Oibreachais. Tá siad neamhspleách i gcomhlíonadh a ndualgas. Déanann siad imscrúdú ar aighnis, ar ghearáin agus ar éilimh in Éirinn a dhéanann daoine aonair nó grúpaí beaga faoin reachtaíocht seo a leanas: na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977-2007; na hAchtanna um Chosaint Mháithreachais 1994 agus 2004; an tAcht um Íoc Pá 1991; na hAchtanna um Téarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994 agus 2001; an tAcht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) 1996; na hAchtanna um Chaidreamh Tionscail, 1946-2001; na hAchtanna um Shaoire Uchtaíoch 1995 agus 2005, na hAchtanna um Shaoire do Thuismitheoirí 1998 agus 2006, an tAcht um Eagrú Ama Oibre 1997, an tAcht Um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001, an tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003 agus an tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag Obair 2005.
Léiríonn staitisticí le blianta beaga anuas gur faoi na hAchtanna Caidrimh Thionscail, faoin Acht um Íoc Pá, faoin Acht um Eagrú Ama Oibre agus faoi na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach atá an chuid is mó de chásanna a tharchuirtear chuig Seirbhís na gCoimisinéirí um Chearta. I dtromlach na gcásanna rinne an Coimisinéir um Chearta cinneadh nó moladh i bhfabhar an éilitheora.
Rialacha
Féadfaidh fostaí (nó aon cheardchumann ar ball de an fostaí, le toiliú an fhostaí) gearán a chur faoi bhráid Coimisinéara um Chearta (féach “Conas Iarratas a Dhéanamh” thíos).
Sula ndéanann tú gearán ba chóir duit a chur in iúl do d’fhostóir go bhfuil ar intinn agat dul i dteagmháil le Seirbhís na gCoimisinéirí um Chearta. I gcás ina mbaineann an gearán le teideal reachtúil ba chóir duit iarracht a dhéanamh an t-ábhar a réiteach go háitiúil roimh iarratas a dhéanamh chuig Seirbhís na gCoimisinéirí um Chearta.
Nuair a chuireann duine aighneas faoi bhráid Sheirbhís na gCoimisinéirí um Chearta, déanfaidh an tseirbhís an cás a leithdháileadh ar cheann de na Coimisinéirí. Bíonn na héisteachtaí neamhfhoirmiúil agus seoltar iad go príobháideach, ach amháin na héisteachtaí faoin Acht um Íoc Pá, a sheoltar go poiblí, mura gcinnfidh an Coimisinéir um Chearta a mhalairt. Le fírinne áfach, ní fhreastalaíonn baill den phobal ar éisteachtaí den tsaghas seo.
I mBaile Átha Cliath, seoltar na héisteachtaí sa Choimisiún um Chaidreamh Oibreachais, Teach Tom Johnson, Bóthar Haddington, Baile Átha Cliath 4, ach seoltar éisteachtaí in áiteanna eile ar fud na tíre sa mhéid gur gá sin. Féadfaidh an Coimisinéir um Chearta iarraidh ar an dá thaobh mionchuntas a sholáthar dó/di ar a gcás roimh na héisteachta. Le linn na héisteachta, iarrfaidh an Coimisinéir ar an dá pháirtí a gcás a thíolacadh agus féadfaidh sé nó sí ceisteanna a chur. Féadfaidh na páirtithe trácht a dhéanamh ar aighneacht an pháirtí eile agus ceisteanna a chur ina leith. Féadfaidh an dá thaobh finnéithe a thabhairt chuig an éisteacht. Féadfaidh an Coimisinéir um Chearta labhairt le gach páirtí ar leith agus an fhéidearthacht a scrúdú maidir le teacht ar shocrú ar an aighneas.
Ag brath ar an reachtaíocht déanann an Coimisinéir um Chearta moladh nó cinneadh. Tá gach moladh agus cinneadh ina cheangal ar na páirtithe mura ndearnadh faoi na hAchtanna Caidrimh Thionscail 1969-2001 iad. Mura féidir comhshocraíocht chomhaontaithe a dhéanamh, eiseoidh an Coimisinéir um Chearta moladh maidir leis an díospóid.
Seolfar é chuig na páirtithe taobh istigh de cúpla seachtaine tar éis na héisteachta. Um a dtaca sin d’fhéadfaí ceachtar acu achomharc a dhéanamh i gcoinne an molta seo – féach thíos.
Coimisinéir um Chearta nó Binse Achomhairc Fostaíochta?
Faoin reachtaíocht um dhífhostú éagórach, féadfaidh an fostaí nó an fostóir agóid a dhéanamh i gcoinne éisteacht an Choimisinéara um Chearta. Má tharlaíonn an méid sin, is féidir an cás a tharchur chuig an mBinse Achomhairc Fostaíochta (BAF). Ar an tslí chéanna faoi na hAchtanna Caidrimh Thionscail, féadfaidh fostaí éisteacht ó Choimisinéir um Chearta a iarraidh, ach má dhéanann an fostóir agóid, bheadh ar an bhfostaí an t-ábhar a tharchur chuig an gCúirt Oibreachais.
Go bunúsach, is é cuspóir sheirbhís na gCoimisinéirí um Chearta ná modh tapa agus neamhfhoirmiúil a thairg do na páirtithe chun déileáil le haighneas. I gcásanna go bhfuil rogha ag an bhfostaí maidir leis an mbealach ar cheart a thógáil, seo a leanas roinnt de na fachtóirí ar chóir a chur san áireamh:
- Cé chomh mór is atá an tsuim chúitimh lena mbeadh súil ag an bhfostaí? Do dhámhachtainí a bhféadfadh a bheith measartha mór, b’fhéidir gurb fhearr é céim an Choimisinéara um Chearta a sheachaint ar fad agus iarratas a chur díreach faoi bhráid an Bhinse Achomhairc Fostaíochta. Is é an fáth leis seo ná gurb é is dóichí go ndéanfaidh fostóir achomharc chuig an mBinse ar aon nós i leith mholta de chuid an Choimisinéara um Chearta más rud é go bhfuil suim mhór cúitimh i gceist. Freisin i gcásanna den tsaghas seo ní dócha é an seans go dtiocfar ar chomhréiteach réasúnach ag céim an Choimisinéara um Chearta. Ar an taobh eile de áfach, más rud é gur beag é caillteanas an fhostaí, d’fhéadfadh seirbhís na gCoimisinéirí um Chearta an t-ionchas is fearr le réiteach luath ar an aighneas a thairg.
- Más rud é go bhfuil an fostaí ag lorg go n-athfhostófar é nó í, d’fhéadfadh go mbeadh níos mó seans aige nó aici é sin a bhaint amach le linn éisteachta de chuid an Choimisinéara um Chearta, a sheoltar gan mórán moille tar éis tráth an dífhostaithe. Faoin am a eagraítear éisteacht de chuid an Bhinse Achomhairc Fostaíochta (timpeall 6 mhí tar éis iarratas a chur isteach), is é is dóichí go gcuirfidh fostóir go mór i gcoinne réitigh um athfhostú cibé más amháin ar na forais gur tugadh post an fhostaí do dhuine eile. Cé nach bac iomlán é seo ar athfhostú, tabharfaidh an Binse deacrachtaí praiticiúla dá leithéid faoi deara, go mór mhór i gcás gnólachta le líon beag fostaithe.
- Más rud é go dtugtar an cás chuig an gCoimisinéir um Chearta i dtús báire, d’fhéadfadh sé seo cuidiú chun na príomh-shaincheisteanna sa chás a aithint. Féadfaidh an t-iarratasóir leas a bhaint as seo le linn dó nó di a bheith ag ullmhú d’éisteacht de chuid an Bhinse Achomhairc Fostaíochta dá éis. Féadfaidh an fostóir an leas céanna a bhaint as dar ndóigh.
- Tá cumhachtaí ag an mBinse Achomhairc Fostaíochta iallach a chur ar fhinnéithe freastal ar an éisteacht, mionn a thabhairt agus iad a chroscheistiú más gá. I gcodarsnacht, bíonn éisteacht de chuid an Choimisinéara um Chearta i bhfad níos neamhfhoirmiúil. Féadfaidh na páirtithe daoine a thabhairt leo chun labhairt mar thaca lena gcásanna, ach ní féidir leis an gCoimisinéir um Chearta iallach a chur ar dhaoine dá leithéid chun freastal. Le linn na héisteachta, ní thugtar aon mhionn agus níl aon chroscheistiú foirmiúil ann. D’fhéadfadh an codarsnacht seo idir an dá éisteacht a bheith ina fhachtóir thábhachtach i gcinneadh duine maidir le bealach an Choimisinéara um Chearta nó bealach an Bhinse a roghnú. Mar shampla, más mian leis an bhfostaí dífhostaithe go ndéanfadh fostaí reatha freastal ar an éisteacht, d’fhéadfadh go mbeadh an-drogall ar fhostaí dá leithéid freastal ar éisteacht an Choimisinéara um Chearta dá dheoin féin. Cúis fhollasach do seo ná faitíos go gcaillfeadh sé nó sí an post nó ar a laghad go mbeadh air nó uirthi fulaingt sa phost mar thoradh ar fhreastal den tsaghas seo. Ar an taobh eile de, ní fhágann ordú ar fhreastal ón mBinse aon rogha ag an bhfostaí ach freastal a dhéanamh.
- Os rud é go bhfuil cuma níos neamhfhoirmiúil ar éisteacht de chuid an Choimisinéara um Chearta, d’fhéadfadh go mbeadh níos lú gá le hionadaíocht dhlíthiúil ná mar a bheadh ag an mBinse Achomhairc Fostaíochta.
Achomharc a dhéanamh i gcoinne cinnidh nó molta ó Choimisinéir um Chearta
Ag brath ar an reachtaíocht féadfar achomharc a dhéanamh chun an Bhinse Achomhairc Fostaíochta nó chun na Cúirte Oibreachais i gcoinne molta nó cinnidh ó Choimisinéir um Chearta agus tá teorainneacha ama éagsúla ann a gcaithfear achomharc a dhéanamh laistigh díobh. Mar shampla, faoin Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001 féadfaidh fostaí nó fostóir achomharc a dhéanamh i gcoinne molta ó Choimisinéir um Chearta chuig an gCúirt Oibreachais. Ba chóir, áfach, faoin Acht um Íoc Pá 1991, achomharc i gcoinne cinnidh ó Choimisinéir um Chearta a dhéanamh chuig an mBinse Achomhairc Fostaíochta. Sa dá chás ba chóir an t-achomharc a dhéanamh laistigh de shé seachtaine tar éis do na páirtithe an cinneadh nó an moladh a fháil.
Conas iarratas a dhéanamh
Ní mór fógra i scríbhinn maidir le gearán a thíolacadh laistigh de shé mhí tar éis an dáta a dhéantar an sárú líomhnaithe ar an Acht. Féadfar 12 mhí bhreise a chur mar fhadú leis an teorainn ama chun gearán a dhéanamh más deimhin leis an gCoimisinéir um Chearta go raibh cúis réasúnach leis an mainneachtain an gearán a thíolacadh laistigh den ghnáth-thréimhse sé mhí.
Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil ar shuíomh idirlín Sheirbhís na gCoimisinéirí um Chearta. Tá na foirmeacha ar fáil ó Sheirbhís na gCoimisinéirí um Chearta nó ón Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na cearta fostaíochta atá agat déan teagmháil leis an Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta.
Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas?
Seirbhís Choimisinéir um Chearta
An tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta
View this document
Contact Us
If you have a question relating to this topic you can contact the Citizens Information Phone Service on lo-call 1890 777 121 (Monday to Friday, 9am to 9pm)