Eolas
Bíonn naoi gcinn de laethanta saoire poiblí in Éirinn gach bliain. Déanann laethanta saoire poiblí na hÉireann (ach an oiread le tíortha eile) comóradh ar laethanta nó imeachtaí ar leith, Lá Fhéile Pádraig (17 Márta), mar shampla, nó Lá Nollag (25 Mí na Nollag). Bíonn tromlach scoileanna agus gnóthaí dúnta ar laethanta saoire phoiblí ach bíonn seirbhísí áirithe, iompar poiblí, mar shampla, fós ag dul, ach go mbíonn sceidil srianta i bhfeidhm. Seo a leanas liosta de na laethanta saoire poiblí de chuid na hÉireann a bhíonn ann in aghaidh na bliana:
- Lá Caille ( Eanáir)
- Lá Fhéile Pádraig (17 Márta)
- Luan Cásca
- An Chéad Luan i mBealtaine, Meitheamh, Lúnasa
- An Luan Deireanach i mí Dheireadh Fómhair
- Lá Nollag (25 Mí na Nollag)
- Lá Fhéile Stiofáin (26 Mí na Nollag)
Ní saoire phoiblí í Aoine an Chéasta. Cé go ndúntar scoileanna agus gnóthaí ar an lá sin, níl aon teidlíocht uathrialach agat i gcomhair am saor ar an lá sin.
Conas a dhéantar dáta Luan Cásca a shocrú gach bliain?
Luan Cásca an t-aon saoire phoiblí in Éirinn (agus go leor tíortha eile) a n-athraíonn go suntasach ó bhliain go bliain. Athraíonn dáta na Cásca le haghaidh úsáid shibhialta gach bliain taobh istigh den fhéilire idirnáisiúnta. De ghnáth beidh Domhnach Cásca ar an gcéad Dhomhnach tar éis an chéad ghealach lán ar, nó i ndiaidh 21 Márta. Ciallaíonn seo gurb é 22 Márta an dáta is luaithe do Dhomhnach Cásca agus 25 Aibreán an ceann is deireanaí in aon bhliain. Beidh Luan Cásca ar na dátaí seo a leanas idir seo agus 2012: 5 Aibreán 2010, 25 Aibreán 2011, 9 Aibreán 2012
Rialacha
Leagtar do theidlíocht i gcomhair saoire phoiblí amach in an tAcht um Eagrú Ama Oibre 1997. Bíonn tromlach na bhfostaithe i dteideal saoire le pá ar na laethanta saoire poiblí. Eisceacht amháin ná fostaithe páirtaimseartha nach bhfuil 40 uair oibre ar a laghad déanta acu sna 5 seachtaine roimh an lá saoire phoiblí.
Beidh fostaithe incháilithe i dteideal an lae a thógáil mar saoire le pá nó mar aon cheann acu seo a leanas:
- Lá íoctha saor laistigh de mhí amháin ón tsaoire phoiblí
- Lá breise saoire bliantúil
- Pá lae sa bhreis
- An tsaoire eaglaise is gaire don lá saoire poiblí mar lá saor íoctha
De bharr An Achta um Eagrú Ama Oibre tig leat iarraidh ar d'fhostóir 21 lá roimh an saoire phoiblí, cé acu a bheas i gceist. Mura bhfreagraíonn do fhostóir 14 lá roimh an saoire, tá de cheart agat an lá a thógáil mar lá saor le pá.
Fostaithe páirtaimseartha
Má tá 40 uair oibre ar a laghad déanta agat sna 5 seachtaine roimh an lá saoire phoiblí agus má bhíonn tú ag obair ar an lá sin beidh tú i dteideal lá saor le pá nó mar aon cheann acu seo thuas. Mura mbíonn tú ag obair ar an lá saor ba chóir an cúigiú cuid dá do phá seachtainiúil a thabhairt duit.
Saoire thinnis le linn laethanta poiblí
Más oibrí lánaimseartha tú atá ar saoire breoiteachta i rith lae/laethanta saoire poiblí, tá tú i dteideal am saor a fháil ón obair i gcomhair an lae/na laethanta saoire poiblí a chaill tú. An t-aon eisceacht atá leis seo ná má bhí tú saor ón obair le níos mó ná 26 seachtaine de bharr tinnis choitianta nó timpiste, agus i gcás tionóisce cheirde 52 seachtaine.
Más oibrí páirtaimseartha tú ar saoire thinnis le linn lá saoire poiblí, bheifeá i dteideal am saor ón obair i gcomhair an lae saoire poiblí chomh fada is gur oibrigh tú 40 uair sa tréimhse 5 seachtaine roimhe sin.
Neamhláithreacht agus teidlíocht i gcomhair saoire phoiblí
Bíonn tú i dteideal am saor a fháil i gcomhair aon laethanta saoire poiblí a tharlaíonn chomh fada is a bhíonn tú ar shaoire mháithreachais, tuismitheora nó uchtála. Leagtar na cearta dlíthiúla seo amach sna hAchtanna um Chosaint Mháithreachais 1994 agus 2004, Acht um Shaoire do Thuismitheoirí 1998, agus Acht um Shaoire Uchtaíoch 1995 faoi seach.
Má bíonn tú neamhláithreach ó hobair díreach roimh saoire phoiblí ní bheith tú i dteideal am saor a fháil i gcomhair aon laethanta saoire poiblí i gcásanna seo a leanas:
- Tá tú ar stailc
- Tá do neamhláithreacht mar gheall ar cúis eile agus tá sí faofa ag d'fhostóir
- Tá tú ar shaoire cúramóra níos mó na 13 seachtaine
Do phost a chailliuint
Má thagann deireadh le d’fhostaíocht sa tseachtain dar críoch lá roimh saoire phoiblí, agus má bhí tú ag obair le d’fhostóir i rith na 4 seachtaine roimhe sin, ba chóir go bhfaighfeá pá lae breise le haghaidh na saoire poiblí sin. Baineann sé seo le fostaithe páirtaimseartha a chruthaigh ceart don tsaoire phoiblí dóibh féin trí 40 uaire oibre a dhéanamh sna 5 seachtaine roimhe sin.
Laethanta saoire poiblí le linn deireadh seachtaine
Mar a thiteann lá saoire poiblí ar dheireadh seachtaine,sa ghnáthchúrsa ní bhíonn teidlíocht dhlíthiúil agat go mbeadh an chéad lá oibre eile saor ón obair agat. Tarlaíonn seo i 2009 nuair atá Lá Fhéile Stiofáin (26 Mí na Nollag) ar Satharn. An toradh a bhí leis seo ná nárbh laethanta saoire poiblí atá i Luan 28 Mí na Nollag 2009. Nuair a tharlaíonn seo tá tú i dteideal na ngnáthsocruithe comhroghnach maidir le fostaíocht agus saoire .i.
- Lá íoctha saor laistigh de mhí amháin ón tsaoire phoiblí
- Lá breise saoire bliantúil
- Lá lae sa bhreis
- An tsaoire eaglaise is gaire don lá saoire poiblí mar lá saor íoctha
Is ceadmhach do d'fhostóir iallach a chur ort freastal ar an obair ar na laethanta sin
Conas iarratas a dhéanamh
Is féidir leat leabhrán mínithe ar saoirse agus laethanta saoire poiblí (pdf) a léamh anseo nó téigh i dteagmháil leis an Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta.
Mura bhfuil tú ag fáil a bhfuil dlite agat maidir le saoire phoiblí is féidir gearán a dhéanamh le coimisinéir um chearta de réir An Achta um Eagrú Ama Oibre 1997. Tig leat foirm iarratais a íoslódáil anseo chun gearán a dhéanamh de bharr An Achta um Eagrú Ama Oibre (pdf)
Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas
An tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta
Téarmaí an Ábhair saoire
View this document
Acmhainní Úsáideacha
Contact Us
If you have a question relating to this topic you can contact the Citizens Information Phone Service on lo-call 1890 777 121* or on +353 (0) 21 452 1600 (Monday to Friday, 9am to 9pm) or you can visit your local Citizens Information Centre. *Please note that the rates charged for the use of 1890 numbers may vary among different service providers.