Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Cearta agus Coinníollacha Oibre > Pá agus fostaíocht > Pá íosta in Eireann

Pá íosta in Eireann

Eolas

Go ginearálta is ceist í cé mhéad pá a fhaigheann tú d'obair in Éirinn ar gá a shocrú idir tusa agus d'fhostóir. De ghnáth tarlaíonn na hidirbhearta seo nuair a fhaigheann tú tairiscint oibre. Cibé ar bith, faoin Acht um Pá Íosta Náisiúnta 2000 tá an chuid is mó d'fhostaithe i dteideal íosráta pá. Tá fo-íosrátaí ann do dhaoine áirithe cosúil leis na daoine siúd in aois faoi 18 (féach thíos d'eisceachtaí agus fo-íosrátaí).

Tá íosrátaí pá eile d'fhostaithe in earnálacha áirithe. I gcás roinnt earnálacha tá siad leagtha amach in Orduithe Rialacháin Fhostaíochta (ORF) arna ndéanamh ag Comhchoistí Oibreachais. I gcás earnálacha eile tá siad leagtha amach i gComhaontuithe Cláraithe Fostaíochta (CCF) arna ndéanamh ag comhaontuithe comhchoiteanna. Is féidir leat sonraí a fháil amach faoi Orduithe Rialacháin Fhostaíochta agus Comhaontuithe Fostaíochta Cláraithe.

Íosráta pá náisiúnta

Soláthraíonn an tAcht um Pá Íosta Náisiúnta 2000 go mbeadh an t-íosráta pá d'aosach fostaithe le taithí ag €8.65 in aghaidh na huaire ó 1 Iúil 2007 (€8.30 a bhí ann roimhe). De réir chuspóírí an tAcht um Pá Íosta, is éard is fostaí aosaigh le taithí ná fostaí a raibh fostaíocht de chineál ar bith aige nó aici i rith aon tréimhse 2 bhliain tar éis dó nó di 18 bliain d'aois a bhaint amach. (Féach 'Rátaí' thíos.)

Dar ndóigh ní chuireann an t-íosráta pá seo bac ar fhostóir ar bith pá níos airde a thairiscint.

Rialacha

Ag ríomh an ráta de réir na huaire

Faoi réir Cuid 20 den Acht um Pá Íosta Náisiúnta 2000, is é an modh bunúsach ríofa ná an pá comhlán a roinnt ar iomlán na n-uaireanta a oibríodh. Ní mór, sula ndéantar sin, a thabhairt faoi deara an pá a chuirtear san áireamh, na huaireanta a chuirtear san áireamh agus an tréimhse tagartha pá (an tréimhse a dhéantar a mheas).

Céard nár chóir a chur san áireamh mar phá?

Tá roinnt rudaí nár chóir a chur san áireamh agus an t-íosráta pá á ríomh, is iad seo ná:

  • Préimh ragoibre 
  • Préimh Glao-amach 
  • Pá Seirbhíse 
  • Préimh d'uaireanta neamhshóisialta 
  • Síneadh láimhe a chuirtear i gciste lárnach arna bhainistiú ag an bhfostóir agus íoctha mar chuid dá phá 
  • Préimheanna d'obair ar laethanta saoire poiblí, ar an Satharn nó ar an Domhnach 
  • Liúntais d'obair speisialta nó d'obair bhreise. 
  • Liúntais maidir le dualgais ar glao nó liúntais fuireachais 
  • Íocaíochtaí áirithe a bhfuil baint acu le bheith as láthair ón obair, mar shampla, pá tinnis, pá saoire nó pá le linn saoire sláinte agus slándála 
  • Íocaíocht a bhfuil baint aige le bheith ag éirí as fostaíocht, lena n-áirítear dul ar scor 
  • Ranníocaíochtaí arna n-íoc ag an bhfostóir i scéim pinsin cheirde ar bith atá ar fáil duit 
  • Íocaíochtaí iomarcaíochta
  • Réamhíocaíocht, pá, mar shampla tuarastal: tógfar an méid atá i gceist san áireamh don tréimhse ina mbeadh sé le híoc de ghnáth. 
  • Íocaíocht chomhchineáil nó sochar comhchineáil, seachas cothú agus/nó lóistín 
  • Íocaíocht nach bhfuil baint aici le fostaíocht an duine 
  • Cúiteamh do ghortú nó do chailleadh uirlisí 
  • Dámhachtain mar chuid de scéim molta foirne 
  • Iasacht ón bhfostóir duit.

Céard a thógfar san áireamh mar íocaíocht?

De réir an tAcht um Pá Íosta áirítear le d'ollphá, mar shampla, an bunphá agus préimh ar bith sealoibre, bónas nó táille seirbhíse.

Má fhaigheann tú bia (ar a dtugtar cothú) agus/nó cóiríocht (ar a dtugtar lóistín) ó d'fhostóir, déantar na méid seo a leanas a thógáil san áireamh nuair atá an íosráta pá á ríomh:

  • €54.13 ar chothú iomlán agus iostais in aghaidh na seachtaine, nó €7.73 in aghaidh an lae
  • €32.14 ar chothú iomlán amháin in aghaidh na seachtaine, nó €4.60 in aghaidh an lae
  • €21.85 ar iostais amháin in aghaidh na seachtaine, nó €3.14 in aghaidh an lae

Uaireanta oibre

Is ionann d'uaireanta oibre agus cibé acu is mó:

  • na huaireanta a oibríodh go hiarbhír nó na huaireanta a raibh fáil ort i gcomhair obair agus a íocadh astu

Áirítear le "hUaireanta Oibre": 

  • ragobair 
  • am taistil nuair is cuid den phost é 
  • am a chaitear ar thraenáil le linn gnáthuaireanta oibre atá údaraithe ag an bhfostóir

Ní áirítear le "huaireanta oibre": 

  • am a chaitear ar fuireachas in áit nach í an áit oibre í 
  • am ar saoire, am a scaoileadh leis an bhfostaí, am ar stailc nó am tar éis íocaíochta in ionad fógra scoir a thabhairt 
  • am a caitheadh ag taisteal chuig nó ón ionad oibre

Tréimhse tagartha pá

Roghnaíonn an fostóir an tréimhse, ar a dtugtar an tréimhse tagartha pá, a ndéanfar an meánphá in aghaidh na huaire a ríomh ina leith. Féadfaidh sé a bheith, mar shampla, ar bhonn seachtainiúil nó ar bhonn coicíse ach ní fhéadfaidh sé a bheith do thréimhse níos mó ná mí.

Caithfidh an fostóir sonraí maidir leis an tréimhse tagartha pá a sholáthar sa ráiteas faoi choinníollacha fostaíochta atá le tabhairt d'fhostaí de réir an tAcht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994.

Féadfaidh tú ráiteas i scríbhinn a iarraidh ar d'fhostóir maidir le do mheánráta pá do thréimhse tagartha pá ar bith laistigh den 12 mí atá thart. Tá ceithre seachtaine ag an bhfostóir chun an ráiteas a sholáthar.

Eisceachtaí leo siúd atá i dteideal íosráta phá náisiúnta a fháil

Tá roinnt eisceachtaí ann maidir leo siúd atá i dteideal an íosráta phá náisiúnta a fháil. Níl feidhm ag an reachtaíocht i gcás duine atá fostaithe ag duine a bhfuil gaol gairid aige/aci leis/léi (mar shampla céile nó tuismitheoir) ná i gcás duine atá i bprintíseacht reachtúil. Chomh maith leis seo níl ráthaíocht ag fostaithe áirithe cosúil le daoine óga nach bhfuil 18 bliana d'aois bainte amach acu agus daoine faoi oiliúint ach go bhfaighidh siad ráta laghdaithe nó ráta atá faoi bhun an íosráta pá náisiúnta.

Rátaí pá atá faoi bhun an íosráta phá

Tá foráil san Acht um Pá Íosta go n-íocfaí na rátaí seo a leanas atá faoi bhun an íosráta phá.

  • Tá fostaí nach bhfuil 18 mbliana d'aois bainte amach aige nó aici i dteideal €6.06 euro a fháil in aghaidh na huaire (70% den íosráta pá) 
  • I gcás duine atá ag obair don chéad bhliain tar éis di nó dó 18 mbliana d'aois a bhaint amach tá sé nó sí i dteideal €6.92 a fháil in aghaidh na huaire (80% den íosráta pá) 
  • I cás duine atá ag obair don dara bhliain tar éis dó nó di 18 mbliana d'aois a bhaint amach tá sé nó sí i dteideal €7.79 a fháil in aghaidh na huaire (90% den íosráta pá)

Baineann céimeanna seo an Íosráta Pá Náisiúnta le fostaithe a bhfuil 18 mbliana d'aois bainte amach acu agus atá á bhfostú don chéad uair.

Oiliúnaithe

Tá foráil san Acht um Pá Íosta go n-íocfaí rátaí pá atá faoi bhun an íosráta pá le fostaithe a bhfuil 18 mbliana d'aois bainte amach acu má tá cúrsa eagraithe oiliúna nó staidéar faoi threoir ar siúl acu atá údaraithe nó faofa ag an bhfostóir.
Tá foráil san Acht go n-íocfaí na rátaí seo a leanas dóibh siúd atá faoi thraenáil: 

  • €6.49 in aghaidh na huaire do na chéad trian den chúrsa traenála (75% den íosráta pá náisiúnta) 
  • €6.92 in aghaidh na huaire don dara trian den chúrsa traenála (80% den íosráta pá náisiúnta) 
  • €7.79 in aghaidh na huaire don trian deireanach den chúrsa traenála (90% den íosráta pá náisiúnta)

Tabhair faoi deara: ní mór do gach trian díobh a bheith ann ar feadh míosa ar a laghad agus ar feadh bliana ar a mhéid.

Leagann an tAcht síos critéir áirithe ar ghá don chúrsa oiliúna a shásamh má tá na rátaí seo le cur i bhfeidhm. Mar shampla, caithfidh an fostaí a bheith i mbun staidéir nó faoi oiliúint le feabhas a chur ar a c(h)uid oibre; caithfidh an fostóir an cúrsa oiliúna/ staidéir a stiúradh nó a fhaomhadh; caithfidh 10% den traenáil, ar a laghad a bheith ar siúl in áit nach í gnáth áit oibre an fhostaí í; agus caithfear córas measúnaithe agus teistiméireachta a bheith ann ag deireadh an chúrsa traenála, nó dearbhú i scríbhinn a bheith ar fáil.

Díolúine i leith fostóra

Má tá fostóir nach bhfuil in ann an t-íosráta pá náisiúnta a íoc i ngeall ar dheacracht airgid féadfaidh an Chúirt Oibreachais díolúine a thabhairt d'fhostóir ó íocaíocht an íosráta pá náisiúnta le haghaidh tréimhse ó 3 mhí go dtí bliain amháin. Ní féidir ach díolúine amháin den chineál seo a cheadú.

Ní mór don fhostóir an díolúine a iarraidh ar an gCúirt Oibreachais le comhthoiliú fhormhór na bhfostaithe, agus caithfidh siad glacadh freisin go mbeidh cinneadh na Cúirte Oibreachais ina cheangal orthu.

Caithfidh an fostóir a léiriú nach féidir leis/léi an íosráta pá náisiúnta a íoc agus i gcás go gcuirfí iallach air/uirthi íoc as, go mbeadh air/uirthi scaoileadh le fostaithe nó deireadh a chur lena bpoist.

Is féidir díolúine a lorg ó íocaíocht an ráta iomláin amháin den íosráta pá náisiúnta, ní féidir í a lorg i gcásanna arna gclúdach ag an ráta laghdaithe, mar shampla, i gcás fostaithe nach bhfuil 18 bliana d'aois bainte amach acu.

Íospairt

Má dhéanann tú do theidlíocht ar an íosráta pá náisiúnta a lorg tá tú á chosaint ó ansmacht nó dífhostú. Cuireann an reachtaíocht cosc ar Íospairt . Ina theannta seo, má dífhostaítear tú de bharr an t-íosráta pá náisiúnta a lorg, féadfaidh tú éileamh a dhéanamh ar dhífhostú éagórach beag beann ar fhad seirbhíse ná ar líon na n-uaireanta a oibríodh in aghaidh na seachtaine.

Má tá tú le méadú pá a fháil faoin Acht um Pá Íosta Náisiúnta ní féidir le d'fhostóir d'uaireanta oibre a laghdú gan do dhualgais ná líon do chuid oibre a laghdú dá réir.

Rátaí

Ó 1 Iúil 2007 tá an t-íosráta pá d'aosach fostaithe le taithí agus na fo-íosrátaí do dhaoine óga agus oiliúnaithe áirithe mar a leanas:

Fostaí Íosráta pá in aghaidh na huaire % íosráta
Fostaí aosach le taithí €8.65 100%
Faoi bhun 18 bliana d'aois €6.06 70%
Céad bliain ó dáta chéad fostaíochta os cionn 18 bliana d'aois €6.92 80%
Dara bliain ó dáta chéad fostaíochta os cionn 18 bliana d'aois €7.79 90%
Fostaí os cionn 18 bliana d'aois, faoi oiliúint struchtúrtha i rith uaireanta oibre    
 Céad tréimhse ar feadh trian €6.49 75%
 Dara tréimhse ar feadh trian €6.92 80%
 Tríú tréimhse ar feadh trian €7.79 90%

 

Conas iarratas a dhéanamh

Mura bhfuil an t-íosráta pá náisiúnta á fháil agat tá dhá bhealach ina bhféadfaidh tú do chearta a chur i bhfeidhm:

Féadfaidh tú cigire a iarraidh ar an tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta chun éileamh a fhiosrú nach bhfuil an íosráta pá náisiúnta á íoc.

Féadfaidh tú chomh maith aighneas a chur faoi bhráid an Choimisinéara um Chearta. Ní féidir é seo a dhéanamh áfach ach amháin má d'iarr tú ráiteas ar d'fhostóir ag leagan amach ríomh an mhéanráta pá in aghaidh na huaire. Caithfidh tú an t-aighneas a atreorú laistigh de sé mhí ó dháta soláthair an ráitis. (Féadfaidh an Coimisinéir um Chearta an teorainn atreorúcháin a shíneadh go dtí uasmhéid de 12 mí.) Má theipeann ar an bhfostóir an ráiteas a sholáthar tosaíonn an t-am ag an dáta ar chóir don bhfostóir an ráiteas a sholáthar, is é sin laistigh de 4 seachtaine ó dháta an iarratais.

Tabhair faoi deara: Ní féidir leat gearán maidir leis an aighneas céanna a chur faoi bhráid an Choimisinéara um Chearta agus cigire oibreachais araon faoin Acht um Pá Íosta.

Má tá íospairt a líomhain agat, ní mór duit a iarraidh go gcuirfidh d'fhostóir do choinníollacha oibre ar ais sa staid ina raibh siad roimh an íospairt. Má theipeann ar an bhfostóir é seo a dhéanamh laistigh de choicís ó dháta an iarratais, féadfaidh tú an cheist a chur faoi bhráid an Choimisinéara um Chearta. Ní mór don atreorúchán seo tarlú laistigh de 6 mhí (a d'fhéadfadh an Coimisinéir um Chearta a shíneadh go dtí uasmhéid de 12 mí) ó dháta an ansmachta líomhnaithe.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ag baint leasa as foirm ghearáin an Choimisinéara um Chearta (pdf).

Chun breis faisnéise ar an íosráta pá náisiúnta tá Treoirleabhar Sonraithe ar an tAcht um Pá Íosta, 2000 (pdf) ar fáil nó déan teagmháil leis an tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas


Rights Commissioner Service

Line 1:
The Labour Relations Commission
Line 2:
Tom Johnson House
Line 3:
Haddington Road
County:
Dublin 4
Country:
IRELAND
Teil:
+353 (0)1 613 6700
Lóghlao:
1890 220 227 (outside 01 area)
Fax:
+353 (0)1 613 6701
Láithreán Gréasáin:
http://www.lrc.ie/docs/Rights_Commissioner_Service_-_Information_about_the_service/234.htm
R-phost:
rightscomm@lrc.ie
Wheelchair Access:
 



An tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta

Dept.:
Seirbhísí Faisnéise
Line 1:
Oifigí an Rialtais
Line 3:
Bóthar Uí Bhriain
County:
Ceatharlach
Country:
ÉIRE
Opening Hours:
Luan go hAoine 9.30am go 5pm
Teil:
(059) 917 8990
Lóghlao:
1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin:
http://www.employmentrights.ie
R-phost:
info@employmentrights.ie
Wheelchair Access:
 


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22/9/2009
Téarmaí an Ábhair , cearta fostaíochta

Acmhainní Úsáideacha

Contact Us

If you have a question relating to this topic you can contact the Citizens Information Phone Service on lo-call 1890 777 121 (Monday to Friday, 9am to 9pm)

 

 

Back To TopAr ais go Barr an Leathanaigh
Séanadh: Faisnéis ghinearálta atá sa cháipéis seo agus seans nach gclúdóidh sé do chúinsí áirithe; seans go mbeidh faisnéis níos cruinne agus/nó comhairle dlí ag teastáil uait.