Eolas
Chomh maith le comhaontaithe ar nós an íosphá náisiúnta, tá comhaontaithe eile a gcaithfidh fostóirí cloí leo. Baineann na comhaontaithe seo le coinníollacha oibre agus pá na bhfostaithe agus b’fhéidir go mbíonn siad luaite i gconradh fostaíochta an fhostaí.
- Tugtar na hOrduithe Rialaithe Fostaíochta ar na comhaontaithe uile atá déanta ar chúrsaí pá agus coinníollacha ag na Comhchoistí Oibreachais.
- Tugtar Comhaontaithe Comhchoiteann ar na comhaontaithe a eascraíonn as idirbheartaíochtaí idir ceardchumainn agus fostóirí.
- Má tá Comhaontú Comhchoiteann cláraithe leis an gCúirt Oibreachais, glaoitear An Comhaontú Fostaíochta Cláraithe air.
Orduithe Rialaithe Fostaíochta na gComhchoistí Oibreachais
Déanann An Chúirt Oibreachais Ordú Rialaithe Fostaíochta a dheimhníonn tograí a chuireann Comhchoiste Oibreachais isteach. Tá an t-Ordú seo ina cheangal dlí - sé sin le rá, go bhfuil sé curtha sa dlí anois. Sé an Comhchoiste Oibreachais a thagann ar réiteach faoi rátaí pá agus atá ag obair ar son na n-oibrithe in earnáil fostaíochta an Comhchoiste, mar shampla, lónadóireacht. Déanann an t-Ordú Rialaithe Fostaíochta a leagann an Chúirt Oibreachais síos Comhaontú an Chomhchoiste Oibreachais infhorghníomhaithe le dlí.
Tá rátaí pá agus coinníollacha fostaíochta an Comhchoiste Oibreachais sna Orduithe Rialaithe Fostaíochta seo leanas:
- Uiscí aeraithe agus buidéalú mórdhíola
- Oibrithe Talmhaíochta
- Obair Scuaba
- Lónadóireacht (Baile Átha Cliath agus Dún Laoghaire)
- Lónadóireacht (Eile)
- Glanadh ar conradh (Baile Átha Cliath)
- Glanadh ar chonradh (eile)
- Gruaigeadóireacht (Corcaigh)
- Gruaigeadóireacht (Baile Átha Cliath, Dún Laoghaire agus Bré)
- Earraí Ciarsúir agus Tís
- Óstáin (Baile Átha Cliath agus Dún Laoghaire)
- Óstáin (Eile, ach ní Corcaigh)
- Cléirigh Dlí
- Muilleoireacht Próntair
- Miondíoltóireacht, Grósaeireacht & Comhcheardaithe
- An Tionscal Slándála
- Léinteoireacht
- Táilliúireacht
- Éadaí Ban agus Aitéireacht
Comhaontaithe Comhchoiteann agus Comhaontaithe Fostaíochta Cláraithe (CFC)
Is iad na Comhaontaithe Comhchoiteann na comhaontaithe a thagann as idirbheartaíocht idir fostóirí agus ionadaithe na bhfostaithe. Is féidir le fostóirí agus oibrithe in aon earnáil nó comhlacht theacht ar réiteach maidir le rátaí íosphá agus coinníollacha oibre agus is féidir, ansin, an comhréiteach sin a chlárú leis an gCúirt Oibreachais mar Comhaontú Fostaíochta Cláraithe (CFC).
Tá CFCanna infhorghníomhaithe le dlí fad is a bhaineann sé lena fostóirí agus na hoibrithe san earnáil lena bhfuil an comhaontú luaite. Tá na rátaí pá agus coinníollacha oibre sa CFCanna do na hearnálacha seo leanas:
- Éadaitheoireacht, coisbheart, & comhcheardaithe (Baile Átha Cliath & Dún Laoghaire)
- An Tionscal Tógála
- Clódóireacht (Baile Átha Cliath)
- Conraitheoireacht Leictreach
Rialacha
Tá sé de dhualgas ar fhostóirí na n-oibrithe atá clúdaithe faoi Comhchoiste Oibreachais nó Comhaontú Comhchoiteann na rátaí pá atá luaite sa CFC nó san Ordú Rialaithe Fostaíochta, chomh maith lena coinníollacha oibre atá luaite iontu a sholáthar. Caithfidh siad, freisin, sonraí den chomhaontú reatha a chuir ar taispeáint san ionad oibre, agus taifid a choinneáil dá gcuid pá.
Faoi Achtanna Caidrimh Thionscail 1946–2001, tá sé de dhualgas ar an Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta na CFCs nó na hOrduithe Rialaithe Fostaíochta a chur i bhfeidhm agus, más gá, tógtar cás dlí i gcoinne fostóra nach bhfuil ag comhlíonadh a dhualgais dlí faoi Ordú Rialaithe Fostaíochta nó faoi Comhaontú Cláraithe Fostaíochta.
Conas iarratas a dhéanamh
Chun a fháil amach an bhfuil do phost clúdaithe ag Ordú Rialaithe Fostaíochta nó Comhaontú Cláraithe Fostaíochta is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta.
Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas
An tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta
Subject Terms: pá agus coinníollacha fostaíochta, caidreamh oibreachais, ceardchumainn
View this document
Contact Us
If you have a question relating to this topic you can contact the Citizens Information Phone Service on lo-call 1890 777 121 (Monday to Friday, 9am to 9pm)