Eolas
In Éirinn, tá roinnt fostaíochtaí clúdaithe ag comhaontaithe atá déanta ag Comhchoistí Oibreachais. Is é an cuspóir atá leis na Comhchoistí Oibreachais ná coinníollacha oibre a rialú agus íos-rátaí pá a leagan síos do fhostaithe i réimsí áirithe fostaíochta. Bunaítear Comhchoiste Oibreachais thrí ordú reachtúil ón gCúirt Oibreachais faoin Acht Caidrimh Thionscail 1946. Is comhlachas neamhspleách é ina bhfuil an méid céanna fostóirí agus ionadaithe na n-oibrithe atá ceaptha ag an gCúirt Oibreachais, agus ceapann An tAire Fiontair, Fostaíochta agus Trádála an Cathaoirleach. Baineann seo leanas leis an gCúirt Oibreachais chun Comhchoiste Oibreachais a bhunú:
- An tAire Fiontair, Fostaíochta agus Trádála
- An Ceardchumann
- Eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar son oibrithe agus fostóirí atá bainteach leis an gcás
Liosta de na Comhchoistí Oibreachais
Tá 19 Comhchoistí ann faoi láthair:
- Uiscí Aeraithe agus Buidéalú Mórdhíola
- Oibrithe Talmhaíochta
- Obair Scuaba
- Lónadóireacht (Baile Átha Cliath agus Dún Laoghaire)
- Lónadóireacht (Eile)
- Glanadh ar conradh (Baile Átha Cliath)
- Glanadh ar chonradh (Eile)
- Gruaigeadóireacht (Corcaigh)
- Gruaigeadóireacht (Baile Átha Cliath, Dún Laoghaire agus Bré)
- Earraí Ciarsúir agus Tís
- Óstáin (Baile Átha Cliath agus Dún Laoghaire)
- Óstáin (Eile, ach ní Corcaigh)
- Cléirigh Dlí
- Muilleoireacht Próntair
- Miondíoltóireacht, Grósaeireacht & Comhcheardaithe
- An Tionscal Slándála
- Léinteoireacht
- Táilliúireacht
- Éadaí Ban agus Aitéireacht
ORF agus CFC
Tugtar na hOrduithe Rialaithe Fostaíochta (ORF) nó Comhaontaithe Fostaíochta Cláraithe (CFC) ar na comhaontaithe uile atá déanta ar chúrsaí pá agus coinníollacha. Tugtar na hORF ar na comhaontaithe uile atá déanta ag na Comhchoistí Oibreachais agus tugtar CFC ar na comhaontaithe a eascraíonn idir ceardchumainn agus fostóirí atá cláraithe leis an gCúirt Oibreachais. Tá na CFCanna seo leanas: Éadaitheoireacht, Coisbheart, agus Comhcheardaithe (Baile Átha Cliath & Dún Laoghaire); An Tionscal Tógála; Clódóireacht (Baile Átha Cliath); Conraitheoireacht Leictreach.
Comhaontaithe na gComhchoistí Oibreachais
Tagann an Comhchoiste Oibreachais ar réiteach maidir le rátaí pá agus coinníollacha fostaíochta a chuirtear faoi bhráid na Cúirte Oibreachais mar mholtaí. Déanann An Chúirt Oibreachais Ordú Rialaithe Fostaíochta ag deimhniú na tograí agus as sin amach bíonn siad ina n-íosphá agus coinníollacha fostaíochta de réir an dlí san réimse sin fostaíochta, mar shampla gruaigeadóireacht.
Tá sé d’oibleagáid ar fhostóirí na rátaí pá agus na coinníollacha oibre atá leagtha síos ag an Ordú Rialaithe Fostaíochta a chuir ar fáil dá n-oibrithe atá clúdaithe ag an gComhchoiste Oibreachais. Caithfidh siad sonraí ón gcomhaontú reatha a chuir suas san ionad oibre agus taifid dá gcuid pá a choimeád. Tá sé de dhualgas ar an gCigireacht ón Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta na hOrduithe Rialaithe Fostaíochta a chuir i gcrích agus, más gá, cásanna cúirte a thógáil i gcoinne fostóir nach bhfuil an tOrdú Rialaithe Fostaíochta á chomhlíonadh aige.
Rataí
Uair sa mbliain, tagann an chuid is mó de na Comhchoistí Oibreachais ar réiteach faoi rátaí nua pá a dhéantar ina dhlí sa gCúirt Oibreachais i bhfoirm Orduithe Rialaithe Fostaíochta.
Conas iarratas a dhéanamh
Má theastaíonn uait fáil amach má tá do phost clúdaithe faoin Ordú Rialaithe Fostaíochta ba choir teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta.
Má tá do phost clúdaithe agus mura bhfuil do fhostóir ag cloí leis, is féidir gearán a dhéanamh chuig an Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta.
Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas
An tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta
Subject Terms: caidreamh oibreachais, ceardchumainn, pá agus coinníollacha fostaíochta
View this document
Contact Us
If you have a question relating to this topic you can contact the Citizens Information Phone Service on lo-call 1890 777 121 (Monday to Friday, 9am to 9pm)